An Ceathramhadh Caibidil: An Madadh Fiadhain in Ionad a Bhuaidhe

"Éh? Wot I say? Bhí an fhírinne agam nuair a dubhairt mé go rabh dhá dhiabhal in Buck sin."

Badh é sin an chainnt a dubhairt François ar maidin lá ar n-a bhárach nuair a fuair sé Spitz ar shiubhal agus Buck lán cneadhach. Tharraing sé an madadh isteach go dtí an teine agus thaisbeáin don fhear eile iad leis an tsolas.

"Diabhal a bhí in Spitz sin ag troid," arsa Peireólt, ag coimhéad ar na gága foscailte.

"Agus dhá dhiabhal atá in Buck sin ag troid," arsa François ag tabhairt freagra air. "Agus anois dhéanfaimíd astar tapaidh. Nuair nach bhfuil Spitz ar bith againn ní bhéidh trioblóid ar bith againn, agus sin an fhírinne."

Nuair a bhí gléasaraí an champa pacáilte ag Peireólt agus an sléigh lódáilte aige, bhí srathar ar na madaidh ag an tiománaidhe. Shiubhail Buck suas go bródamhail go dtí an áit ar ghnáth le Spitz a bheith mar thaoiseach; ach ní thug François fá dear é agus siud suas é le Sol-leks, go dtabhairfeadh sé áit an taoisigh dó-san. Badh é an bharamhail a bhí aige gurbh é Sol- leks a dhéanfadh an madadh tosaigh a b'fhearr den méid a bhí fágtha. Ach thug Buck aon léim amháin ar Sol-leks le feirg, ruaig sé ar gcúl é agus sheasuigh ina áit é féin.

"Éh! Éh!" arsa François, ag bualadh boise ar a iosgadaí le tréan áthais. "'Bhfeiceann tú Buck sin! Mharbh sé Spitz sin agus saoilidh sé anois gur ceart dó a phosta a fhagháil."

"Go 'way, Chook," ar seisean annsin, ach dhiúltuigh Buck corrú.

Ní dheárn' sé a dhath ach greim chúl muinéil a fhagháil ar Bhuck, agus, cé go ndeachaidh an madadh a ghnúsachtaigh go conafach leis, é a tharraingt ar leath-taoibh agus Sol-leks a chur in' áit. Níor mhaith leis an tsean-mhadadh sin ar chor ar bith, agus thaisbeáin sé go soiléir go rabh eagla air roimh Bhuck. Bhí François righin, ach níor luaithe a bhí a chúl tionntóidhthe 'ná chuir Buck ar shiubhal Sol-leks as a áit arais. Ní rabh an madadh sin a iarraidh ach an áit a fhágáil ag Buck go suaimhneach.

Tháinig fearg ar François annsin. "Dar fiadh, cuirfidh mise deis ort!" ar seisean, ag pilleadh agus smaichtín trom ina láimh leis.

Chuimhnigh Buck ar fhear an gheansaí dheirg, agus theich sé go fadálach; agus níor iarr sé rása a thabhairt isteach nuair a tugadh Sol-leks 'un tosaigh arais. Ach reath sé thart agus thart fad an smaichtín ón tiománaidhe agus gach aon ghlam shearbh feirge as; agus ag gabháil thart dó choinnigh sé a shúil ar an smaichtín le léim a thabhairt as a chosán dá gcaithfeadh François air é, mar bhí tuigse aige ar chúrsaí smaichtín fán am seo.

Annsin chuaidh an tiománaidhe a cheangal na madadh eile agus scairt sé ar Bhuck nuair a bhí sé réidh le n-a chur ina shean-áit roimhe Dháibhí. Theich Buck dhá nó trí choiscéim. Lean François é, agus theich sé giota eile. Nuair a bhí siad tamall mar sin chaith François uaidh an smaichtín, ag déanamh gurbh é an rud a bhí eagla ar Bhuck go ngreadfaí é. Ach níor chrith- eagla ach ceannarc a bhí ag cur as do Bhuck. Chan faoiseamh a fhagháil ón smaichtín a bhí sé a iarraidh ar chor ar bith ach a bheith 'na thaoiseach ar na madaidh. Badh é sin a cheart. Thuill sé é agus ní thiocfadh sé le háit ar bith a b'ísle céim.

Chuidigh Peireólt leis an fhear eile. Mhair an bheirt aca 'sa' tóir air suas le uair an chluig. Chaith siad smaichtíní air. Léim sé i leath- taoibh. Chuaidh siad a mhallachtaigh air, agus ar a aithreachaí agus ar a mháithreachaí roimhe, agus ar an tsíol a bhí le theacht 'na dhiaidh síos go dtí an ghlún deireannach, agus chuir siad a mallacht ar gach aon ribe dá rabh ina chorp agus ar gach aon deór fhola dá rabh ina chuisleanna; agus leig seisean glam as ar shon gach mallacht agus choinnigh amach as a gcosán. Níor iarr sé reachtáil ar shiubhal as an áit, ach mhair ag teicheadh thart agus thart ar an champa ag fuagradh go soiléir go dtiocfadh sé agus go mbéadh sé ina mhadadh mhaith nuair a bhéarfadh siad a mhian féin dó.

'Sa' deireadh shuidh François síos agus thochais sé a cheann. Dhearc Peireólt ar an uaireadóir agus leigmionna mór as. Bhí an lá caithte, agus ba cheart dóbhtha a bheith ar an tslighe uair roimhe sin. Thochais François a cheann arais. Annsin chroith sé a cheann agus dhearc go bómánta ar an teachtaire. Bhain seisean geit as a ghuailneacha ionann 's a rádh go rabh siad buailte. Shiubhail François suas go dtí an áit a rabh Sol-leks 'na sheasamh agus scairt sé ar Bhuck. Rinne Buck gáire, 'sa' dóigh a ndéan madaidh gáire, ach choinnigh sé amach uaidh. Scaoil François na strapaí de Sol-leks agus chuir siar in áit féin é. Bhí an bhuidhean uilig 'na seasamh annsin 'san tsrathar anois, agus gach madadh ina áit féin, réidh fa'choinne na sligheadh. Ní rabh an darna háit ann do Bhuck ach 'sa' toiseach. Scairt François annsin arais air, agus rinne Buck gáire arais agus theann ar gcúl.

"Caith uait an smaichtín," arsa Peireólt.

Rinne François sin, agus ar an bhomaite seo isteach Buck, agus gach aon gháire áthais aige, agus sheasaigh sé isteach 'san áit cheart ag ceann na madadh. Ceangladh na strapaí air, scaoileadh an sléigh as an tsiocán, agus sciord siad amach ar shlighe an habhna agus an bheirt fhear ag reachtáil le n-a gcois.

Cé gur mhór an méid a shaoil tiománaidhe na madadh de Bhuck, agus an dá dhiabhal a deir- eadh sé a bhí ann, chonnaic sé, sul a rabh mórán den lá caithte, nár shaoil sé leath go leór dó. Ghlac Buck gnoithe an taoisigh ar a ghuailneacha féin ar an bhomaite; agus má's tuigse a bhí ag teastáil, agus gaisteacht chinn agus gaisteacht ghníomha, thaisbeáin sé gurbh fhearr é féin ná Spitz. Agus sin rud nach bhfacaidh François ariamh roimhe, madadh a bhí ion-churtha le Spitz, go dtí é.

Ach badh ag déanamh dlighidh, agus ag tabhairt ar a chuid comrádaidhe an dligheadh sin a choinneáil, a b'fhearr Buck. Níor chuir Dáibhí nó Sol-leks sonnrú ar bith ins an taoiseach úr. Níor dá ngnoithe-sean áit an taoisigh. Badh é an gnoithe a bhí aca-san le déanamh bheith ag tarraingt agus ag tarraingt go tréan, ins na strapaí. Fhad 's nach rabhthar ag baint dóbhtha féin ní rabh áird aca ar a dhath eile. Ba chuma leó-san Bilí an deagh-chroidhe a bheith 'na mhadadh tosaigh, ach é deagh-stiúir a choinn- eáil ar an bhuidhin. Ach bhí mí-stiúradh ar an chuid eile den bhuidhin ins na laethe deireannacha a mhair Spitz, agus anois ba mhór an t-iongantas a bhí ortha nuair a chuaidh Buck a chur múinte ortha.

Bhí Píce ag tarraingt ins na sála ag Buck, agus madadh a bhí ann nár chuir aon unnsa dá chuid meadhchain ariamh ar strap an uchta ach an méid a chaithfeadh sé a chur air, ach an lá seo croitheadh é go tobann agus go minic as a bheith fallsa. Sul a rabh an lá thart bhí sé ag tarraingt ní ba chruaidhe ná tharraing sé ariamh roimhe ina shaoghal. An chéad oidhche 'sa' champa, fuair Joe, an madadh dubhrúnta, íde thréan - rud nár éirigh le Spitz ariamh a thabhairt dó. Ní dheárn' Buck a dhath ach é a phlúchadh le tréan meadhchain, agus annsin é a roiseadh go dtí gur stad sé de ghlamhaireacht agus go ndeachaidh sé a sceamhlaigh ag iarraidh trócaire.

Chruinnigh buidhean na madadh iad féin i gcionn a chéile go gasta. Chuaidh siad a chur le chéile mar ba ghnáth leó i dtús ama, agus bhí siad ar aon-léim arís mar bhéadh aon mhadadh amháin ann ins na strapaí. Ag Rink Rapids cuireadh dhá mhadadh eile de bhunadh na dúithche, Tíoc agus Cúna, isteach leis an bhuidhin. Bhris Buck isteach iad comh gasta sin agus gur chuir sé iongantas an tsaoghail ar François.

"Ní fhacaidh mé aon mhadadh riamh ion- churtha le Buck sin!" ar seisean. "Ní fhacaidh riamh. Is fiú míle dollar é m'anam! Eh? Goidé deir tusa, Pheireólt?"

D'aontuigh Peireólt leis. Bhí sé ag déanamh bealaigh ní ba ghaiste ná rinne aonduine roimhe, ag é gabháil ní ba tapaidhe gach aon lá. Bhí an cosán ar fheabhas, é pacáilte go breagh cruaidh, agus ní rabh sneachta úr ar bith air le moill a chur ortha. Ní rabh an aimsir ró-fhuar. Tháinig leith-chéad grád de fhuacht siocáin ann, ní tháinig mórán níos mó ná sin i rith an astair. Rinne na fir sealaidheacht - fear ag marcaigheacht ar an tsléigh, agus an fear eile ag reachtáil ina dhiaidh, agus coinnigheadh na madaidh ag léimnigh, agus b'annamh a ghnídh- eadh siad sgíthiste.

Bhí cóta breagh oidhreogaighe ar Abhainn an Tríochad le taoibh mar bhí uirthe roimhe, agus an t-astar a bhain deich lá asta ag teacht isteach, rinne siad i lá amháin é ag gabháil amach. In aon lá amháin rinne siad rása thrí scór míle ó Loch Le Barge go hEas an Eich Bháin. Sciord siad comh gasta sin thar Loch Mairs, Loch Tagais, agus Loch Beanait (seachtmhogha míle de lochannaí) agus gur ag tarraingt le rópa i ndiaidh an tsléigh a b'eigin do gach fear aca seal na coisidheachta a dhéanamh. An oidhche dheireannach den darna seachtmhain, thóg siad mullach an Bhearnais Bháin agus sciord síos malaidh na fairrge, agus solais Skaguay agus na loingise mar bhéadh siad sin ag tarraingt ortha aníos go tiubh.

Badh é an rása é a ba ghaiste a rinneadh ar an chosán sin ariamh. Ní rabh aon lá ar feadh cheithre lá dhéag nach ndeárn siad cothromacht dhá fhichead míle. Chaith Peireólt agus François trí lá ag spaisteóracht go bródamhail suas agus anuas sráid mhór Skaguay agus fuair siad na múrthaí cuiridheach a dh'ól. Agus i dtaca leis na madaidh de, bhí scaifte de lucht bhriste madadh agus de shlúistí eile thart ortha ar fad ghá n-adhradh. Annsin tháinig triúr nó ceathrar de dhroch-fhir as an taobh aniar, thug iarraidh an baile mór a ghlanadh amach le gunnaí, cuireadh oiread poll ionnta 's bhéadh i mbocsa piobair ar son a dtrioblóide, agus fuair muinntir an bhaile rud éigin eile le a bheith ag cur sonnrú ann. Annsin tháinig órdú oifigeamhail éighin- teacht. Scairt François ar Bhuck chuige, chaith a dhá láimh thart air, agus shil na deóra leis ós a chionn. Agus badh é sin an t-amharc deirean- nach a fuair sé ariamh ar François agus ar Pheireólt. Dálta mar d'eirigh do fhir eile rompa, d'ealóidh siad as saoghal Bhuck go deó.

Chuaidh sé féin agus a chuid comrádaidhe faoi chúram measgaigh eile a rabh fuil Albanach ann, agus phill siad ar an astar thuirseamhail go Dawson, agus dhá bhuidhin déag eile madadh le n-a gcois. Chan rása a bhí ann faoi lód éadtrom an iarraidh seo, nó an t-astar a ba ghaiste a rinneadh riamh, ach saothar maslach gach aon lá, agus ualach trom ar a gcúl; mar badh é seo traen na leitreach, a bhí ag iomchur scéil isteach as fríd an tsaoghal chuig na fir a bhí ag cuartú óir faoi scáth an Mhuil Thuaidh.

Níor thaitin sé le Buck ar chor ar bith, ach luigh sé leis an obair, ag glacadh bróid aiste cosamhail le Dáibhí agus le Sol-leks, agus ag tabhairt ar a chuid comrádaidhe a sciar féin a dhéanamh, cié aca a bhí bród ortha-san aiste nó nach rabh. Saoghal tuirseamhail a bhí ann, gan athrú ar bith ach ag déanamh a sciar mar bhéadh maisín ann. Gach aon lá cosamhail leis an lá eile. Ar an am chéadna gach maidin d'éirigheadh na cócairí, lastaí na teinte, agus ghníthí réidh an bricfeasta. Annsin, fhad 's bhíodh cuid aca ag córnú an chanbhais, bhíodh cuid eile ag cur srathair ar na madaidh, agus bhíodh siad ar a mbealach uair nó mar sin sul a dtuiteadh an dorchadas a thig eadar scaradh oidhche 's lae. 'San oidhche ghníthí an campa. Ghníodh cuid aca na botháin, ghearradh cuid eile aca smutáin fá choinne teineadh agus craobhóga giubhais mar adhbhar leabthach, agus tharraingeadh cúpla duine eile uisce nó oidhreogach chuig na cócairí. Le n-a chois sin bheirtí a gcuid do na madaidh. Badh é sin an t-aon subháilce amháin a bhí aca as an lá, cé go mbíodh sásamh aca ceart go leór, nuair a bhíodh a gcuid éisc ithte, ag siubhal thart ar feadh uaire nó mar sin leis na madaidh eile, agus bhí corradh le céad aca ann uilig. Bhí trodaidheanna fiadta ina measc, fosta, ach nuair a throid sé trí chath leis an mhuinntir a ba bhoirbe ann fuair Buck an mhaighistreacht ortha uilig, agus ó sin amach ní rabh aige ach an fionnadh a thógáil ar a mhuinéal agus an cár a nochtadh agus d'fhágadh siad an cosán aige.

Ach 'sé an rud a b'fhearr leis uilig, luighe 'e chois na teineadh, na cosa deiridh crupthaí isteach faoi, na cosa tosaigh sínte amach, an ceann tógtha aige, agus na súile ag caochadh go haislingeach ar na bladhairí. Amannaí a mbíodh sé mar sin chuimhnigheadh sé ar theach mhór an Bhreithimh Miller shíos i nGleann ghrianmhar Santa Clara, agus ar an dabhach stroighin a bhí ann fá choinne snámha, ar Isibéal, an Mecsiceach gan fionnadh, agus ar Toots, an madadh beag maol as Tír na Seapánach; ach ba mhinice ná sin a chuimhnigheadh sé ar fhear an gheansaí dheirg, ar bhás Churly, ar an troid mhóir a bhí aige le Spitz, agus ar na béilí maithe a d'ith sé riamh agus a ba mhaith leis a ithe anois. Ní rabh cumhaidh air i ndiaidh an bhaile. Ar dhóigh éighinteacht bhí Deisceart na Gréine mar bhéadh ceó i bhfad uaidh, agus ní rabh cumhacht ar bith ag na smaointigheacha sin air. Ba mhó i bhfad an chumhacht a bhí ag cuimhne an dúthchais air, an chumhacht a chuir cuma nádúrtha dó ar rudaí nach bhfacaidh sé ariamh roimhe. Cuimhne ar na gnásanna a bhí ag a shinnsir ó ghlúin go glúin a bhí 'sa' dúthchas sin; cuimhne a chodail ionnta le linn a ghabháil fá thoighthe ins na saoghaltaí deireannacha, agus a mhuscail ath-uair ann féin le linn a ghabháil amach ins na dúithcheannaí fiadhaine.

Amannaí agus é 'na luighe annsin, ag caochadh go haislingeach ar na bladhairí, tchíthí dó gur bladhairí ó theinidh eile ar fad a bhí ionnta, agus go rabh sé 'na luighe ag an teinidh sin eile agus fear eile ós a choinne a rabh duifear mór eadar é féin agus an measgach de chócaire a bhí annso. Bhí na cosa ní ba ghiorra ar an fhear seo eile, agus na sciatháin ní b'fhaide, agus bhí na feitheógaí casta cnapánach ann in áit a bheith cruinn reamhar. Bhí dlaoithe fada casta gruaige ar an fhear seo, agus fánaidh leis an chionn siar ó na súile. Bhí tuaimeannaí coimhthigheacha aige dhá leigint as, agus an dubh-eagla air roimh an dorchadas. Bhí sé ag stánadh amach 'sa' duibheagán ar fad, agus bhí lámh dá chuid crochta síos leath bealaigh eadar an ghlún agus an talamh agus bata innte a rabh cloch throm ceangailte dá chionn. Bhí sé bunadhas uilig tárnochta, amach ó chraiceann sceóidhte bhra- tógach a bhí crochta le n-a dhruim, ach bhí an- rud fionnaidh ar a chorp. Áiteacha, trasna an uchta agus na slinneáin, agus síos ar an taoibh amuigh de na sciatháin agus de na másaí bhí an fionnadh sin comh dlúith casta agus go rabh sé ag déanamh cóta seascair dó. Ní rabh an fear seo 'na sheasamh suas díreach, ach a chorp crom 'un tosaigh ó na hiosgadaí, agus na cosa lúbtha ag na glúine. Bhí lúthmhaireacht iongant- ach fá n-a chorp, chóir a bheith mar bíos i gcat, agus bhí sé fíor-ghasta ag tabhairt fá dear rudaí, mar bhéadh duine ann a mbéadh síor-eagla air roimh an neach a bhí le feiceáil aige agus an neach nach rabh.

Amannaí eile shuidheadh an fear seo 'e chois na teineadh agus a cheann leagtha eadar a chosa aige agus chodladh sé. Annsin bhíodh a uilneacha fá n-a ghlúine aige, agus a lámha snadhmtha i gcúl a chinn mar bhéadh sé ag iarraidh é féin a chumhdach ar an fhearthainn leis na sciatháin mothallacha. Agus ar an taoibh eile den teinidh, thart ins an dorchadas, thiocfadh le Buck na scaoite de bheódhannaí loinnireacha a fheiceáil ina bpéirí - ina bpéirí i dtólamh fosta - agus bhíodh fhios aige gur súile móra na mbeithidh- each fiadhain a bhí ionnta. Agus thiocfadh leis tuaim a gcorp a chluinstean ag roiseadh fríd an chas-choill, agus an bhúirtheach a bhíodh ortha 'san oidhche. Agus 'na luighe annsin dó ag briong- lóidigh ar bhruach an Yukon agus a shúile ag caochadh go fallsa ar an teinidh, thigeadh tuaim- eannaí agus radharcannaí sin an tsean-tsaoghail chuige, agus bheireadh siad ar an fhionnadh éirghe ar a dhruim agus seasamh díreach ar a shlinneáin agus ar a mhuinéal, agus leigeadh sé sceamh íseal as féin go gnúsachtach éadtrom, 'sa' chaoi 's go gcaithfeadh an cócaire scairt a dhéanamh leis. "Hey, you Buck, wake up!" Le sin d'imthigheadh an sean-saoghal agus thigeadh an saoghal a rabh sé ann ós coinne a chuid súl arais, agus d'éirigheadh sé agus leigeadh méanfach as, agus shíneadh é féin mar bhéadh sé i ndiaidh a bheith 'na chodladh.

Astar cruaidh a bhí ann, ag tarraingt lód na mbeart sin, agus tharraing an obair mhaslach anuas iad. Bhí siad gann i meadhchan agus cuma ghortach ortha nuair fuair siad Dawson a bhaint amach, agus dá mbíodh ceart le fagháil gheobhadh siad deich lá de sgíthiste, nó seacht- mhain, an rud a ba lugha. Ach ina áit sin ní rabh ach dhá lá go rabh siad ar a mbealach síos bruach an Yukon ón Bhearaic arais, agus lód leitreach leo chuig an tsaoghal amuigh. Bhí na madaidh tuirseach, bhí na tiománaithe mí- shásta, agus leis an scéal a dhéanamh ní ba mheasa, bhí sé ag cur sneachta gach aon lá. D'fhág sin an tslighe bog, d'fhág sé ní ba mhó de ghreim ag maidí an tsléigh ar an talamh, agus saothar ní ba truime ar an madaidh ag tarraingt. Ach bhí na tiománaithe cneasta d'aindeoin an iomláin, agus rinne siad a ndíth- cheall do na hainmhithe.

Ghníthí freastal ar na madaidh an chéad rud gach aon oidhche, Ghníodh siad a gcuid sul a ndéanadh na tiománaithe a gcuid, agus ní théidheadh fear ar bith isteach ina chulaith codlata go dtí go ndearcadh sé ar chosa na madadh a bhí sé a thiomáint ar tús. Mar sin féin, bhí an bhrígh ag imtheacht asta. Bhí ocht gcéad déag míle siubhalta aca ó bhí tús an gheimhridh ann, ag tarraigt sléigh an bealach claoidhte sin uilig; agus bainfidh ocht gcéad déag míle an bhrígh as an mhadadh is cruaidhe amuigh. Sheasuigh Buck é i rith an ama, ag tabhairt ar a chuid comrádaidhe a gcuid oibre a dhéanamh agus ag coinneáil múinte ortha, cé go rabh sé féin, fosta, sáirithe. Bhíodh Bilí ag caoineadh agus ag sceamhlaigh ina chodladh gach aon oidhche. Bhí Joe ní ba seirbhe ná bhí ariamh, agus ní rabh acfuinn ag Sol-leks ar a dhath a theacht dá chomhair, ar thaoibh na súile daille nó ar thaoibh ar bith eile ach oiread léithe.

Ach badh é Dáibhí a ba mhó a rabh pianach air. Bhí rud éighinteacht contráilte leis-sean. D'éirigh sé duibhlionnta cnádánach, agus níor luaithe a ghníthí campa nó thoghadh sé a nead dó féin agus chaitheadh an tiománaidhe a theacht le n-a chuid chuige. Aon uair amháin a bhíodh sé as an tsrathar agus é 'na luighe ní thiocfadh a chur ar a bhonnaó arais go dtaradh am srathair ar maidín lá thar n-a bhárach. Agus amannaí, ins na strapaí, leigeadh sé scread phianaigh as nuair a stapadh an sléigh go tobann agus bhaintí tarraingt as, nó nuair a bhíodh sé ag tarraingt go righin leis an tsléigh a chur ag gluaiseacht. Dhearc an tiománaidhe ar gach aon bhall dá chorp ach ní tháinig leis a dhath a fhagháil air. Chuir na tiománaithe uilig suim ann. Bhíodh siad ag cainnt air in am bídh, agus ag caitheamh a bpíopa dóbhtha sul a dtéidheadh siad a luighe, agus 'sa' deireadh oidhche amháin chruinnigh siad i gcionn a chéile go bhfeiceadh siad é. Tugadh amach as a nead é agus isteach go dtí an teine agus chuadhthar shá bhrú agus dhá chumailt go dtí gur baineadh an-rud sceamh- laighe as. Bhí rud éighinteacht contráilte leis an taoibh istigh, ach ní rabh cnámha briste ar bith le mothachtáil aca, agus ní rabh fhios aca caidé a bhí air.

Nuair a fuair siad fhad le Cassiar Bar bhí sé comh lag sin agus go rabh sé ag tuitim leis ins na strapaí. Stop an measgach a rabh fuil Albanach ann an bhuidhean, thug amach as a measc é, agus chuir an madadh a ba deise dó, Sol-leks, in aice leis an tsléigh. Is é an rún a bhí aige scíthiste a thabhairt do Dháibhí, leigint dó reachtáil gan srathar ar chúl an tsléigh. Ach tinn 's mar bhí sé, níor mhaith le Dáibhí a bhaint amach, agus chuaidh sé a ghnúsachtaigh agus a thafann nuair a bhíthear ag scaoileadh na strap, agus a sceamhlaigh go croidhe-ghointeach nuair a chonnaic sé Sol-leks ag gabháil 'san áit a choinn- igh sé féin le fada an lá. Bhí bród sléigh agus sligheadh ann, agus cé go rabh sé gointe ag an bhás, ní rabh acfuinn aige ar mhadadh eile a bheith ag déanamh a ghnoithe ina áit.

Nuair a chuaidh an sléigh 'un bealaigh, tháinig 'se 'un tosaigh 'e chois an chosáin a bhí pacáilte, ag gabháil in abar 'sa' tsneachta bhog, ag ionnsú Sol-leks le n-a chár, ag tabhairt rásaí air ag iarraidh é a chaitheamh amach 'sa' tsneachta bhog ar an taoibh eile den chosán, ag iarraidh léim a thabhairt isteach thar na strapaí agus a gabháil eadar é agus an sléigh, agus é i rith an ama ag sceamhlaigh agus ag tafann agus ag caoineadh le crádh agus le pianaigh. Bhí an measgach ag iarraidh é a thiomáint ar shiubhal leis an fhuip; ach ní rabh áird ar bith aige ar an ghreadfach a bhí an sreangán a bhaint as, agus ní leigfeadh a chroidhe don fhear é a bhualadh ní ba truime. Dhiúltaigh Dáibhí ar an dóigh sin fanacht ag reachtáil go suaimhneach ar an chosán i gcúl an tsléigh, 'san áit ar bh'fhuras siubhal, agus choinnigh sé ag streachailt 'sa' tsneachta bhog a chois na sligheadh 'san áit ar dhoiligh dó siubhal ar chor ar bith, go dtí go rabh sé sáirithe amach. Annsin thuit sé, agus d'fhan 'na luighe annsin, ag glamaighil go truacánta le traen fhada na sléigh a bhí ag mais- treadh thart leis.

Chruinnigh sé i gcionn a chéile an méid urraidh a bhí fágtha ann agus streachail é féin 'un tosaigh ar lorg na sléigh go dtí gur stadadh arais. Annsin shiubhail sé thart leis na sléigheannaí, ag gabháil in abar le gach aon choiscéim, go dtáinig sé go dtí n-a bhuidhean féin, agus sheasaigh sé suas le taoibh Sol-leks. Rinne an tiománaidhe moill bheag go bhfuair sé solas ón fhear a bhí ar chúl le n-a phíopa a dheargadh. Annsin tháinig sé 'un tosaigh agus thiomáin leis na madaidh arais. Shín siad amach ar an tslighe gan saothar ar bith, thionntóidh a gcionn go bhfeiceadh siad caidé a bhí contráilte, agus sheasaigh siad arais fá iongantas. Bhí iongantas ar an tiománaidhe fosta; níor chorruigh an sléigh leó. Scairt sé ar a chuid comrádaidhe go bhfeiceadh siad mar d'éirigh dó. Bhí strapaí Sol-leks cogainte glan ar an dá thaoibh ag Dáibhí, agus é féin go díreach roimh an tsléigh ina áit féin.

Ghuidh sé iad leis an amharc a bhí ina dhá shúil é a fhágáil annsin. Ní rabh a fhios ag an tiománaidhe caidé a ba cheart dó a dhéanamh. Chuaidh na fir eile a chainnt fán dóigh a dtiocfadh leat croidhe madaidh a bhriseadh mara leigfeá dó leanstan don obair a bhí ghá mharbhadh. Chuaidh siad a dh'innse scéaltach fá mhadaidh a rabh eólas aca féin ortha, madaidh a bhí ró-aosta ag an tslighe, agus madaidh a bhí gortuighthe, an dóigh a bhfuair siad bás le crádh cionn as gur gearradh amach as na strapaí iad. Le n-a chois sin, badh é an bharamhail a bhí aca gur trócaire a bhéadh ann, ó ba rud go rabh an bás ag Dáibhí ar scor ar bith, leigint dó bás a fhagháil 'sna strapaí, 'san áit a rabh sonas agus mian a chroidhe. Mar sin de, ceangl- adh isteach arais é, agus tharraing sé go bród- amhail mar ba ghnáth leis, cé gur baineadh scread as dhá aindeoin anois agus arís nuair a ghointí an taobh istigh aige. Thuiteadh sé corr-uair agus tharraingthí ins na strapaí é, agus uair amháin aca sin bheir an sléigh air 'sa' chaoi 's go rabh ceann de na cosa deiridh bacach aige ó sin amach.

Ach choinnigh sé ag gabháil leis ariamh go dtáinig an t-am le campa a dhéanamh, agus annsin rinne an tiománaidhe áit dó 'e chois na teineadh. Ar maidín bhí sé ró-lag le ghabháil 'un bealaigh. Nuair a tháinig am srathair thug sé iarraidh é féin a tharraingt go dtí an tiomán- aidhe. D'éirigh sé ar a chosa le tréan righnis, baineadh truisleadh as, agus thuit sé arais. Annsin streachail sé a chorp 'un tosaigh go fadálach go dtí an áit a rabhthar ag cur srathair ar a chuid comrádaidhe. Shíneadh sé amach a chosa tosaigh agus bhaineadh geit 'un tosaigh as a chorp, annsin shíneadh sé amach na cosa tosaigh arais agus bhaineadh geit eile as a chorp go bhfaghadh sé cupla órdlach eile 'un tosaigh. 'San deireadh shíothlóidh an t-urradh glan as, agus an t-amharc deireannach a fuair a chuid comrádaidhe air, bhí sé 'na luighe 'sa' tsneachta fá ghiorr' anála, agus é ag amharc go truacánta 'na ndiaidh. Chualaidh siad ag glamaighil go cumhaidh- eamhail é go dtí gur éalóidh siad as amharc fríd dhoire crann a bhí fá bhruacha na habhna.

Ar an taoibh eile de na crann stop an traen. Phill an measgach go fadálach go dtí an campa a d'fhág siad 'na ndiaidh. Stad na fir de chainnt. Mhothuigh siad urchar gunna. Tháinig an fear arais go gasta. Baineadh siosarnach as na fuipeannaí, baineadh cling áthasach as na clog- annaí, d'imthigh na sléigheannaí ag maistreadh thar an tslighe; ach ba mhaith a bhí fhios ag Buck, agus ag gach madadh eile comh maith leis, caidé a thárlaigh a chois na habhna i gcúl na gcrann.

2014-01-04 CPD