An Seiseadh Caibidil: Le Grádh do Fhear

Mí na Nodlag roimhe sin siocadh na cosa ag Seán Thornton. Mar sin de rinne a chuid comrádaidhe fárus seascair dó 'san áit a rabh sé, agus d'imthigh siad féin leó suas an abhainn go bhfuigheadh siad slaod de bhuna crann a bhéadh leó go Dawson. Bhí sé rud beag bacach go fóill 'san am ar tharrtháil sé Buck, ach nuair a chuaidh tamall den aimsir bhreagh thart fuair sé biseach ó sin fosta. Chaith an bheirt aca laethe fada an earraigh annso ag fallsacht 'e chois na habhna, 'na luighe ag éisteacht le cantán na n-éan agus le glórthaí an domhain, agus de réir a chéile tháinig a chuid urraidh arais chuig Buck.

Is breagh an rud sgíthiste i ndiaidh trí mhíle de mhílte sligheadh a chur tharat, agus caithfear a aidmheáil go rabh Buck ag éirghe fallsa de réir mar bhí a chuid cneadhach ag cneasú, de réir mar bhí na feitheógaí ag líonadh ann, agus an fheóil ag teacht arais air le n-a chuid cnámh a chumhdach. Da dtéidheadh sé go dtí sin bhí a rabh 'sa' champa ag fallsacht - Buck, Seán Thornton, Sket agus Nig - mar bhí siad ag fanacht leis an tslaod a bhí le theacht anuas an abhainn le n-a n-iomchur síos go Dawson. Madadh beag seilge as Éirinn a bhí i Sket. Rinne sí carthannas le Buck i dtús ama mar go rabh sé ró-chlaoidhte le a bheith conafach léithe. Bhí féith na doctúireachta innte, mar bíos i gcorr-mhadadh; nigheadh sí agus ghlanadh sí na cneadhacha ag Buck go díreach mar ghní an cat mór le n-a chuid pisín. Ní rabh maidín ar bith, nuair a bhíodh a bhricfeasta déanta aige, nach ndéanadh sise an tasc seo a chuir sí uirthe féin, go dtí 'sa' deireadh go mbíodh sé ag dúil léithe a theacht chuige cosamhail le mar bhíodh sé ag dúil le Thornton. Bhí Nig lán comh carthannach, cé nár thaisbeáin sé sin comh mór léithe-se. Madadh mór dubh a bhí ann, a bhí eadar a bheith 'na chú fola agus na ghadhar seilge, agus bhí loinnir gháiridhe ins na súile aige agus é lán de dheagh-chroidhe.

Chuir sé iongantas ar Bhuck nach rabh éad ar bith ar na madaidh seo leis. De réir chuma bhí sciar mór aca den chinéaltas agus den chroidhe mhór a bhí i Seán Thornton. Nuair a d'éirigh Buck láidir chuaidh siad dá mhealladh le gach aon cluiche a inirt a b'amaidighe leis ná a chéile, agus ní dhéanfadh a dhath maith do Thornton ach sciar a bheith aige féin 'sa' tsúgradh fosta. Ar an dóigh sin bhí Buck ag léimnigh thart go rabh sé slán folláin arais, agus go rabh saoghal úr aige. Badh é seo an chéad uair ariamh a tháinig grádh chuige, grádh fíor tochtmhar. Níor mhothuigh sé an grádh sin ariamh ann féin nuair a bhí sé i dtoigh an Bhreithimh Miller shíos i nGleann grianmhar Santa Clara. Nuair a bhíodh sé a shiubhal ag seilg le mic an Bhreithimh comrádaidhe a bhí ann dóbhtha fá choinne na ngnoithe, agus gárda mórdhálach a bhí ann ag uaí an Bhreithimh; agus carthannas uasal bródamhail a bhí aige leis an Bhreitheamh é féin. Ach badh é Seán Thornton an chead duine ariamh a rinne grádh a mhuscladh ann, grádh te galach, grádh a bhí ina adhradh, grádh a bhí ina mhire.

Shábháil an fear ón bhás é, agus badh é sin an rud a chuir tús air; ach bhí ní ba mhó ná sin ann, badh é an maighistir é a d'iarrfadh a mhian a bheith aige. D'amhairceadh fir eile i ndiaidh a gcuid madadh mar gur bh'é a ngnoithe agus a leas amharc 'na ndiaidh, ach thug seisean aire dá chuid madadh mar bhéarfadh sé dá chlainn féin, mar gur bh'é sin sin an nádúir a bhí aige. Agus bhí dearcadh eile aige. Ní leigeadh sé ar dearmad in am ar bith an focal cinéalta a rádh leó, agus bhíodh áthas air féin agus ortha- san nuair a gheibheadh sé faill suidhe síos agus comhrádh mór a bheith aige leó. Bheireadh sé greim garbh eadar a dhá láimh mhusacha ar chloiginn Bhuck, chromadh sé a chloigeann féin anuas air, agus chroitheadh anonn 's anall é, 'san am chéadna ag tabhairt gach aon ainm a ba mheasa nó a chéile air - ainmneacha grádha ag Buck. Ní rabh a dhath ar an domhan, dar le Buck, a bhí ion-aoibhnis leis an chuachadh gharbh sin nó le tuaim na mionna mór a bhíthear a chur air, agus le gach aon luascadh dhá mbaintí as anonn 's anall bhíodh a chroidhe ag léimnigh as a chliabh le tréan áthais. Nuair a leigthí amach é, léimeadh sé 'na sheasamh, a bhéal foscailte ag gáiridhe, an t-áthas ag lonnrú ina shúile, a sceadamán ar crioth le tuaim nach rabh ag fagháil guth, agus d'fhanadh sé 'na sheasamh annsin gan bogadh as, go mbaineadh sé an focal molta as Seán Thornton, "Dar Dia, ní'l a fhios agam ar bh'iongantach liom do chluinstean ag cainnt!"

Bhí cleas ag Buck le tréan a ghrádha a thais- beáint - cleas a bhí cinéal beag tréan ann féin. Go minic gheibheadh sé greim ar láimh Thorn- ton ina bhéal agus dhruideadh a chár uirthe comh fiadta sin agus go bhfanadh lorg na bhfiacal 'san fheóil ar feadh tamaill. Agus dálta mar thuig Buck gur le grádh a bhí an fear ag mallach- taigh air, mar an gcéadna thuig an fear gur le grádh a bhí an madadh ag cur a cháir ann.

Ach 'sé mar thaisbeáineadh Buck an grádh a bhí aige air bunadhas an ama, leis an adhradh a bheireadh sé don fhear. Théidheadh sé thairis féin le lúthgháir nuair a leagadh Thornton lámh air nó nuair a labhaireadh sé leis, ach níor ghnáth leis a ghabháil ar lorg na gcomhartha sin. Ní rabh dálta Skeet air, a sháitheadh a ghaothsán isteach faoi láimh Thornton agus a bhíodh ag brúghadh agus ag brúghadh go dtí go dtéidhthí a pheataidheacht léithe, nó dálta Nig a shiubhaileadh suas le coiscéimneacha fada agus a leagadh a chloigeann mhór ar ghlúine Thornton. Bhí Buck sásta le bheith ag amharc air agus le hadhradh a thabhairt dó. Luigheadh sé ag cosa Thornton go fonnmhar fuireachair ar feadh tamaill mhóir fhada, agus é ag coimhéad suas 'san aghaidh air, gan súil le tógáil aige de, ach ag déanamh stuidéir air, ag tabhairt fá dear gach an athrú dhá dtigeadh ar a ghnúis, gach aon bhogadh dhá ndéanadh a aghaidh. Amannaí eile thárluigheadh gur 'na luighe giota ar shiubhal ón fhear a bhíodh sé, ar leath-taoibh nó ar a chúl, agus annsin mhaireadh sé ag breathnú an déanamh a bhí ar an fhear, agus gach aon bhogadh dhá ndéanamh a chorp. Agus go minic, ar mhéad a's bhí de thuigse eatorra, bheireadh an dianas a bhíodh in amharc Bhuck, bheireadh sé ar Sheán Thornton a aghaidh a thabhairt air agus amharc eadar an dá shúil air, gan focal a labhairt, ach a chroidhe ag lonnrú amach as a shúile, go díreach mar bhíodh croidhe Bhuck ag lonnrú as a shúile féin.

Ar feadh tamaill fhada i ndiaidh é a tharrtháil, níor mhaith le Buck Thornton a leigean amach as a amharc ar chor ar bith. Ón bhomaite a d'fhágadh sé an bothán go dtí go bpilleadh sé arais, bhíodh Buck ins na sála aige. Chaill sé na maighistrí a bhí air comh minic sin ó tháinig sé isteach 'sa' Tuaisceart agus go rabh eagla air nach bhfanadh maighistir ar bith a choidhche aige ach tamall. Bhí eagla air go n-imtheochadh Thornton amach as a shaoghal dálta mar d'imthigh Peireólt agus François agus an measgach a rabh fuil Albanach ann. Gan fiú 'san oidhche, agus é ag brionglóidigh, nach mbíodh an eagla sin ag cur as dó. Nuair a thigeadh an eagla sin ina chodladh air, chroith- eadh sé an codladh as a shúile agus shiubhaileadh fríd an fhuacht go dtaradh sé go béal an bhotháin, agus sheasuigheadh sé annsin ag éisteacht le n-a mhaighistir ag tarraingt a anála istigh.

Ach d'aindeoin an ghrádha mhóir a bhí aige ar Sheán Thornton, grádh a rabh nádúir chaoin na sibhiltachta fighte ann dar leat, 'na dhiaidh sin 's uilig mhair an dúthchas fiadhain a mhuscail an Tuaisceart ann, mhair sin beó beitheach ar fad ann. Bhí dílseacht agus adhradh ann, agus thug sé iad-san ó n-a shaoghal fá theinidh agus faoi dhídin; ach 'san am chéadna choinnigh sé an fiadhantas agus an gliocas a bhí ann. Beith- idheach as an fhásach a shuidhe ag teinidh Sheáin Thornton sin, agus chan madadh bog as an Deisceart a rabh séala na n-iomad glún de shibhial- tacht scríobhtha air. Ní thiocfadh leis a ghabháil a ghadaidheacht ón fhear seo mar go rabh grádh iongantach mór aige air, ach ó fhear ar bith eile, i gcampa ar bith eile, ní rabh a dhíth air ach an chaoi; agus bhí sé comh glic sin ina chuid gadaidheachta agus nach rabh breith le déanamh air.

Bhí a aghaidh agus a chorp lán colm ag fiacla na n-iomad madadh, ach bhí sé comh fiadta anois ag troid agus bhí riamh, agus ní ba chliste. Bhí nádúir ró-mhaith ag Skeet agus ag Nig le a bheith ag cur troda ortha - agus le n-a chois sin badh le Seán Thornton iad; ach madadh coimhthigheach ar bith, ba chuma caidé an dream ar díobhtha é, nó caidé comh calma a's bhí sé, d'aidmheochadh sé go rabh Buck ní ba treise ná é, go tapaidh ag sin, nó gheibheadh sé é féin ag coraidheacht ar shon a bheó le námhaid uathbhásach. Agus ní rabh trócaire ar bith in Buck. Bhí dligheadh an cháir agus an smaichtín foghluimnithe go maith aige, agus nuair a bhí an seans aige níor leig sé thairis ariamh í, agus ní thug sé riamh faoiseamh do mhadadh ar bith a fuair sé a chur i ngreimeannaí an bháis. Bhí a cheacht foghluimnithe aige ó Spitz, agus ó na madaidh troda a b'fhearr a bhí ag péas na dúithche nó le traen na leitreach ar an tslighidh, agus 's é an teagasg a fuair sé uabhtha nach rabh cúrsa meadhonach ar bith ann, nach rabh air ach an dá dhóigh. Chaithfeadh sé an madadh a bhí ós a choinne a mhaighistreacht sin nó an madadh sin eisean a mhaighistreacht; agus comhartha laige a bhéadh ann trócaire a thabhairt uaidh. Ní rabh a leithéid dhe rud ins an tsaoghal fhiadhain seo ar chor ar bith mar thrócaire. Shaoilfí gur eagla a bhí ort, agus thiocfadh fíoch ortha le thú a chur chun báis. Marbh do námhaid nó marbhadh sé thú, ith eisean nó itheadh seisean thusa, badh é sin an dligheadh; agus anall as broinn na síorraidheachta tháinig an dligheadh sin 'sa' dúthchas ag Buck, agus ghéill sé dó.

Ba sine é ná an saoghal a chaith sé ina cholainn féin. Bhí an sean-saoghal fighte leis an tsaoghal úr ann; bhí síorraidheacht an dúthchais ar a chúl, ag tonnadh fríd le meadar a bhí comh mór le teacht agus imtheacht na taoide nó na séasúr. Ina shuidhe ag teinidh Sheáin Thornton dó, madadh leathan-uchtach a bhí ann a rabh fiacla geala aige agus fionnadh mín fada air; ach ar a chúl sin bhí taidhbhsí na n-uile chinéal madadh cruinn ann, madaidh leath-fhiadhaine agus mic tíre as an fhásach, agus bhí siad beó coimhéadach ann, ag blaiseadh na feóla a bhí sé a ithe, ag dúil go tartmhar leis an uisce a d'óladh sé, ag mothach- táil na gaoithe in éinfheacht leis, ag éisteacht ina chuideachta agus ag tabhairt tuigse dó ar an bhrígh a bhí le tuaimeannaí an tsaoghail fhiadhain a bhí fá'n choillidh; agus bhíodh tocht air agus ghnídheadh sé gníomh de réir an dúthchais a fuair sé uabhtha, mar bhí siad leis i gcomhnaidhe, ag codladh leis nuair a luigheadh sé síos, agus ag brionglóidigh ina chuideachta, 'sa' chaoi 's go rabh an saoghal a chaith siad-san ó bhí tús an tsaoghail ann le mothachtáil aige, agus go rabh an dúthchas a bhí ionnta ag tonnadh fríd ina chuid aislingeach.

Bhí cogar an dúthchais ag éirghe ní ba treise gach aon lá ann, agus ní ba lugha dhe shuim ag teacht chuige 'sa' chineadh daonda agus ins an bhaint a bhí ag an chineadh daonda leis féin. Amach as croidhe na coilleadh bhí scairt ag teacht chuige, agus ní rabh aon uair dhá gcluin- eadh sé í, an scairt seo a bhí ag cur toicht ann agus ghá tharraingt chuice féin, nach gcaithfeadh sé a chúl a thabhairt don teinidh agus don talamh chos-bhuailte a bhí thart uirthe, agus rúide a thabhairt 'un na coilleadh, agus ar shiubhal, gan fhios aige cá rabh sé ag gabháil nó cad chuige a rabh sé ag imtheacht; agus gan áird aige cá rabh sé ag gabháil ach oiread le sin, ach an scairt sin nach rabh seachnadh uirthe ag teacht chuige, ag iarraidh air éalódh fá bhroinn na coilleadh. Ach níor luaithe a shroiseadh sé an talamh mín nach rabh lorg duine air agus scáth glas na gcrann ná tharraingeadh an grádh a bhí aige ar Sheán Thornton arais 'un na tein- eadh é.

Bhad é Thornton an t-aon duine amháin a rabh greim aige air. Níor dhadadh aige an chuid eile den chineadh daonda. Thigeadh fir an bealach sin anois a's arís agus théidheadh siad dhá mholadh nó a pheataidheacht leis; ach ghlac sé go fuar iad uilig, agus an fear a rachfadh a dhéanamh barraidheacht blandair leis, d'éireo- chad sé agus d'fhágfadh annsin é. B'fhada an lá Thornton ag dúil le n-a bheirt chomrádaidhe, Hans agus Pete, a theacht leis an reafta. Tháinig siad 'sa' deireadh agus ní thug Buck áird ar bith ortha go dtí go bhfacaidh sé gur chomrádianna do Thornton a bhí ionnta; annsin ghlac sé leó go neamh-shuimeamhail, agus an pronntanas a bheireadh siad dó ghlacadh sé é mar bhéadh sé ag tabhairt onóir dóbhtha as é a ghlacadh ar chor ar bith uabhtha. Fir a bhí ionnta a rabh an croidhe mór aca a bhí ag Thornton é féin, fir a bhí ag caitheamh a saoghail go nádúrtha, a rabh intinn shoineannta agus dearcadh glan aca. Ní rabh an t-astar tharsta aca agus iad ag tarraingt isteach 'sa' chamas ag muileann na seághdórachta in Dawson go dtí go rabh tuigse aca do na dóigheannaí a bhí ag Buck, agus ó son amach níor iarr siad an bhlandaireacht chéadna a dhéanamh leisean a bhí ag fóirstean do Skeet agus do Nig.

Ach má bhí sé ag éirghe fiadhain féin, dar leat go rabh an grádh a bhí aige ar Thornton ag méadú ar fad. Badh é an t-aon fhear amháin as measc an chinidh daonda a leigfeadh Buck dó paca a chur ar a dhruim nuair a chuaidh siad ar astar an tsamhraidh. Ach ní rabh a dhath ar bith mór ag Buck, dá n-iarradh Thornton air a dhéanamh. Lá amháin (agus iad ar a mbealach go cionn Abhainn na Tanána, i ndiaidh slaod an adhmaid a dhíol in Dawson agus biadh an astair a cheannacht as a luach) bhí siad 'na suidhe, eadar mhadaidh agus fhir, ar mhullach beinne móire a bhí síos glan trí chéad troigh, agus an charraig lom faoithe. Bhí Seán Thornton 'na shuidhe amuigh ar churr na beinne agus Buck guala ar ghualainn leis. Dar le Thornton sul ar smaointigh sé air féin go n-imreachadh sé cleas. D'iarr sé ar Hans agus ar Pete amharc ar an rud a bhí sé ag gabáil a dhéanamh.

"Tabhair léim, a Bhuck!" ar seisean, ag síneadh a sciatháin amach thaire an eagán. An dara bomaite bhí sé i bhfastódh in Buck ar bhruach na beinne agus Hans agus Pete ag streachailt na beirte aca siar ar an talamh shábh- áilte.

"Tá sé neamh-shaoghalta," arsa Pete, nuair a bhí an scannrú thart agus an chainnt leó arais.

Chroith Thornton a cheann. "Níl," ar seisean, "ach tá sé iongantach, agus tá sé iargúlta. Bhfuil fhios agaibh, bíonn amannaí a gcuireann a chuid dílseachta eagla orm féin."

"Chan mise an fear ar mhaith liom lámh a leagan ort agus é do chomhair," arsa Pete, ag claonadh a chinn ionns' ar Bhuck.

"Nó mise ach oiread, py Jingo!" arsa Hans.

Ní rabh an bhliadhain amuigh go dtáinig an chainnt a dubhairt Pete isteach fíor. Ag Circle City a thárluigh sé.

Bhí fear darbh' ainm Burton Dubh, fear teinntridhe a rabh manadh uilc aige, ag tógáil bruighne i dteach na táibhirne ar stócach nach rabh i bhfad 'sa' tír. Chuaidh Thornton le deagh-chroidhe a dhéanamh eadairiscín eatorra. Bhí Buck 'na luighe i gcoirnéal, mar ba ghnáth leis, a cheann leagtha ar a chrúba, agus é ag coimhéad gach aon bhogadh dhá ndéanadh a mhaighistir. Ní thug Burton scéala ar bith uaidh, ach chnag Thornton le buille a tháinig glan díreach ón ghualainn. Cuireadh Thornton ar a chúl agus spréidhfí é ach gur b'é go bhfuair sé greim a fhagháil ar ráil an chabhantair.

Chualaidh an mhuinntir a bhí ag coimhéad ortha tuaim nár thafann nó ghlam, ach rud éighinteacht a ba chosamhla le búirthe, agus chonnaic siad corp Bhuck ag fágáil an urláir agus ag déanamh díreach fríd an aer ar sceada- mán Bhurtoin. Chuir sé sin suas a lámh agus shábháil é féin ón bhás, ach síneadh ar shlait chúl a chinn é agus Buck ina mhullach. Réidh- tigh Buck a chár as an sciathán agus thug áladh ar an sceadamán. Chuir an fear suas an lámh arais, ach an iarraidh seo ní fhuair sé ach leath- cheapadh a dhéanamh air agus roiseadh an sceadamán aige. Thug an scaifte léim ar Bhuck agus tiomáineadh ar shiubhal é. Tháinig doctúir a stopadh na fola, ach fhad 's bhí an fear sínte ar an urlár bhí Buck ag siubhal anuas a's suas, a cheann síos aige agus é ag gnúsachtaigh go fiadta, agus b'éigean do scaifte seasamh thart agus an madadh a choinneáil ar gcúl le smaichtíní. Lom láithreach, cuireadh "cúirt mianadóir" i gceann breitheamhnais ar an chás, agus ba é an breitheamhnas a thug siad uabhtha go rabh ádhbhar go leór ag an mhadadh leis an fhear a ionnsú, agus tugadh cead a chinn do Bhuck. Bhí a ainm déanta, agus ón lá sin amach chuaidh a iomrádh go dtí gach aon champa dhá rabh ar fud Alaska.

Ní ba mhoille ná sin arais, i ndeireadh an tsamhraidh sin, shábháil sé Seán Thornton ar an bhás ar dhóigh eile ar fad. Bhí an triúr chomrádaidhe ag treórú báid chaol fhada síos thar pháirt chontabhairteach den tsruth ar Ghabhlán an Cheathrachad Míle. Bhí Hans agus Pete ag siubhal ar an bhruach ag ceangal rópa chaoil Manilla ó chrann go crann ag coinneáil an bháid, agus bhí Thornton amuigh 'sa' bhád, ghá coinneáil ó charraigeacha an tsrotha le maide, agus ag tabhairt órduigheach don bheirt a bhí ar an bhruach. Bhí Buck ar an bhruach fosta, fá mhí-shuaimhneas agus fá chearthaighe, ag coinneáil díreach ós coinne an bháid, agus gan súil le tógáil aige de n-a mhaighistir.

Tháinig siad go dtí droch-áit i gceart; áit a rabh claidhe de charraigeacha nach rabh ann ach go rabh an t-uisce ag dórtadh tharsta, ag síneadh amach 'san abhainn. Leig Hans saor an rópa, agus reath síos an bruach go gcuireadh sé téad ar an bhád arais nuair a gheobhfaí a tabhairt thart leis an chlaidhe. Stiúir Thornton an bád amach i gcroidhe na habhna leis an mhaide, fuair thart leis na carraigeacha í, agus bhí ag sciordadh síos le sruth a bhí comh gasta le rása muilinn, nuair a chuir Hans cosc air leis an rópa agus chuir sé cosc ró-thobann air. Thionntóidh an bád, chas isteach 'un a' bhruaich agus a béal faoithe, caitheadh Thornton amach glan aiste, agus hiomchradh síos an abhainn é 'san áit ar mheasa an sruth, le tuile fhiadhain nach mbéadh sé i gcumas snáimhteóra ar bith theacht amach aiste.

Bhí Buck dhe léim isteach ar an bhomaite. Nuair a bhí siad trí chéad slat síos fuair sé a theacht fhad le Thornton. Fuair seisean greim rubaill air, agus tharraing Buck ar an bhruach, ag snámh le hiomlán a rabh de urradh bhreagh ina chorp. Ach bhí sé ag teacht in aice leis an bhruach go fadálach; agus bhíthear ghá iomchur síos an sruth le dubh-luathas. Tháinig búirthe an bháis aníos chuca asan áit ar bh'fhaidhaine arís an tuile, an áit a rabh an t-uisce dhá strócadh 'na bhratógaí agus 'na chubhar ag na carraigeacha a bhí ag éirghe amach as mar bhéadh fiacla oll- chíre ann. Tháinig siad go dtí an mhalaidh dheireannach ós cionn na gcarraigeach sin agus chuir an t-uisce trom scáthmhar ortha ag iarraidh a slugadh. Chonnaic Thornton nach bhfuigheadh an bheirt aca an bhruach a shroisint a choidhche. Thug sé iarraidh dhíbhfeirgeach le greim a fhagháil ar charraig eile, chaill sé í, scríobadh trasna ar charraig eile é, agus bualadh in éadan an tríomhadh carraige é go trom marbhthach. Chuir sé a dhá chráig fá n-a barr sleamhain, leig amach an greim a bhí aige ar Bhuck, agus thóg a ghlór ós cionn an bhúirthe a bhí ag an tsruth ag maistriú faoi: "Go, Buck! Go!

Ní rabh Buck ábalta a chuid féin a choinneáil, agus sciobadh síos an sruth é, agus é ag troid go fiadta ag iarraidh a theacht arais ach gan é ábalta. Thug Thornton an t-órdú ath-uair dó, chualaidh an madadh é, thóg sé a cheann go hárd amach as an uisce mar bhéadh sé ag iarraidh an t-amharc deireannach a fhagháil ar a mhaigh- istir, agus annsin thionntóidh sé go humhal agus tharraing ar an bhruach. Shnámh sé go tréan, agus fuair Pete agus Hans é a tharraingt isteach ar an chladach go díreach nuair a bhí sé ag gabháil ins an áit a gcuirfeadh an bás deireadh tobann le n-a chuid snámha.

Bhí fhios aca nach dtiocfadh le fear ar bith greim a choinneáil ar charraig shleamhain amuigh 'sa' tuile thréan sin ní b'fhuide ná cupla bomaite. Reath siad an méid a bhí ina gcorp suas an bruach go dtí poinnte a bhí i bhfad ós cionn na háite a rabh Thornton ag iarraidh fanacht i bhfastódh 'sa' chloich. Cheangail siad an ropa a bhí aca ag treórú an bháid thart ar mhuinéal agus ar ghuailneacha Bhuck, 'sa' chaoi 's nach dtachtfadh sé é agus 'san am chéadna nach gcuirfeadh sé cúl air ag snámh, agus thiomáin siad an madadh amach 'san abhainn. Shnámh sé leis go láidir, ach ní dheach- aidh sé amach díreach go leór 'san abhainn. Chonnaic sé nuair a bhí sé ró-mhall go ndeárn' sé sin contráilte. Nuair a tháinig sé anuas ós coinne na háite a rabh Thornton bhí sé sé nó seacht de bhanganna isteach uaidh agus é dhá chartadh thart leis go fágtha.

Chuir Hans cosc air leis an rópa ar an bhomaite, go díreach mar dhéanfadh sé le bád. Theann an rópa air i ndíbhfeirgeacht an tsrotha, tarraing- eadh síos faoi an uisce é, agus ní bhfuair sé a cheann a thógáil as faoi an uisce go dtí gur bhuail sé suas in éadan an bhruaich agus gur tarraingeadh isteach é. Bhí sé leath-bháidhte, agus chaith Hans agus Pete iad féin air, gur bhrúigh siad an t-uisce amach as agus an anál isteach ann. Streachail sé é féin ar a bhonnaí agus thuit arais. Tháinig glór Thornton chuca 'na thuaim lag as an abhainn, agus cé nach rabh siad ábalta na focla a thuigbheáil, bhí fhios aca go rabh sé ag barr. Ach ar chluinstean guth a mhaighisteara do Bhuck chuaidh an fhuil a thonnadh fríd go tréan arís. Thug sé léim ar a bhonnaí agus ar shiubhal leis suas an bruach roimh na fir go dtí an áit ar cuireadh amach é roimhe sin. Rinne sé meancóg uair amháin, ach níor+bh eagal dó an rud céadna a dhéanamh ath-uair. Leig Hans leis an rópa, gan bar- raidheacht a leigean am ar bith leis, agus choinnigh Pete saor an méid de a bhí cornuighthe ó ghabháil in aimhréidhtigh. Chuaidh Buck amach go dtí go rabh sé díreach ós cionn Thornton; annsin thionntóidh sé, agus tháinig anuas air mar bhéadh traen ann. Chonnaic Thornton ag teacht é, agus nuair a tháinig Buck 'sa' mhullach air mar bhéadh reithe cogaidh ann, agus fíochmhaireacht na tuileadh ar a chúl, d'áirdigh sé é féin agus chaith a dhá sciathán thart fá mhuinéal an mhadaidh. Chean- gail Hans an rópa le crann gur chuir cosc leis, agus tarraingeadh Buck agus Thornton síos faoi an uisce. Bhíthear ghá dtachtadh agus ghá bplúchadh, ghá dtarraingt thaire n-a chéile, ghá streachailt thar tóin corrach an tsrotha, ghá ngreadadh in éadan carraigeach agus leacach, agus iad ag gearradh isteach 'un a' bhruaich.

Nuair a tháinig Thornton chuige féin bhí sé ar a bhéal 's ar a shróin ag Hans agus Pete ghá tharraingt anonn 's anall trasna ar mhaide crainn. An chéad rud d'amhairc sé cá rabh Buck, agus chonnaic sé 'na luighe annsin é mar bhéadh sé marbh agus Nig ag glamaighil 's a chionn, agus chonnaic sé Skeet ghá lighe 'san aghaidh fhliuch agus ins na súile druidte. Bhí Thornton é féin briste brúighte, ach níor luaithe a tugadh fríd é nó chuaidh sé a mhothachtáil Bhuck go cúra- mach fán chorp uilig, agus fuair trí asna briste ann.

"Socruighidh sin é," ar seisean. "Dhéan- faimíd ar gcampa annso." Agus rinne siad a gcampa ann, agus níor chorruigh as an áit go dtí gur tháith na hasnacha ag Buck agus go rabh sé ábalta an t-astar a dhéanamh.

An geimhreadh sin, in Dawson, rinne Buck éacht eile; éacht nach rabh comh calma, b;fhéidir, ach éacht a bhí ann a thóg a chliú i bhfad ní b'airde in Alaska. Chuaidh an gníomh seo, fosta, ar sochar go mór don triúr fear. Rinne siad oiread airgid as agus cheannuigh gléasarthaí sligheadh dóbhtha, 'san chaoi 's go rabh siad ábalta a ghabháil ar astar a rabh siad ag smaointiú air le fada, astar amach 'san Oirthear, an áit nár chuir lucht mianach cos ariamh rompa. Comh- rádh a bhí ag gabháil ar aghaidh i dteach táibh- irne an "Eldorado" a ba chionntaigh leis. Bhí gach aon fhear ag déanamh mórtais as an mhadadh a b'fhearr a bhí aige féin. Chuaidh siad a dh'iarraidh a bheag a dhéanamh de Bhuck, ar siocar an chliú a bhí aige, agus chuaidh Thornton dhá chosaint go tréan. Nuair a bhí siad leath-uair nó mar sin ag díospóracht dubhairt fear amháin go rabh madadh aige-san a chorr- óchadh sléigh a mbéadh cúig chéad punta meadhchain air, agus a tharraingeochadh leis é. Dubhairt fear eile go rabh madadh aige féin a tharraingeochadh sé chéad punta; agus an tríomhadh fear go rabh madadh aige-sean a tharraingeochadh seacht gcéad.

"Piú-ú!" arsa Seán Thornton. "Tharrain- geochadh Buck míle punta."

"An mbrisfeadh sé amach é, agus an siubhailfeadh sé céad slat leis?" arsa Matthew- son, fear a rinne a shaidhbhreas in Bonanza, an fear a bhí ag déanamh mórtais fá na seacht gcéad.

"Bhrisfeadh sé amach é, agus shiubhailfeadh sé céad slat leis," arsa Seán Thornton go neamh- shotalach.

"Bhal," arsa Matthewson go mall árd, 'sa' dóigh ar chualaidh a rabh 'san teach é, "tá míle dollar annso agam+sa a deir nach dtig leis a dhéanamh. Agus sin annsin iad." Agus le sin, buailidh sé mála de dhusta óir síos ar an chlár.

Tháinig sost ar gach aon dhuine. Más ag cur i gcéill a bhí Thornton, bhí aige le seasamh ar a shon féin. Mhothuigh sé luisne te fola ag spréidheadh ar a aghaidh. Bhí cleas imeartha air ag a theangaidh thobann. Ní rabh fhios aige cé aca bhí Buck in innimh míle punta meadhchain a chur ag gluaiseacht nó nach rabh. Leath-tonna meadhchain! Nuair a smaointigh sé ar an mhéid a bhí 'san ualach sin tháinig uathbhás air. Bhí dóchas mór aige as an urradh a bhí in Buck, agus is iomdhaidh uair a smaointigh sé ina intinn féin go dtarraing- eochadh an madadh lód mar sin; ach ní rabh aige le fiacháil leis ariamh, mar bhí anois nuair a bhí dhá chloiginn déag fear agus a súile sáithte ann, ag fanacht go ciúin go gcuireadh sé an geall. Le n-a chois sin, ní rabh míle dollar ar bith aige; nó ag Hans nó ag Pete ach oiread leis.

"Tá sléigh 'n-a sheasamh amuigh annsin agam-sa, agus tá fiche mála plúir air a bhfuil leath-chéad punta i ngach aon mhála aca," arsa Matthewson go géar brúideamhail; "agus, mar sin de, ná coinnigheadh díoghbháil an ualaigh ar gcúl thú."

Ní thug Thornton freagar ar bith air. Ní rabh fhios aige caidé déarfadh sé. Dhearc sé ó aghaidh go haghaidh ar na fir mar bhéadh duine ann a chaill a chuid smaointigheach agus a bhéadh ag cuartú comhartha éigin a bhéarfadh ina chionn arais iad. Le sin leagaidh sé a shúile ar Shéamas Ó Briain, sean-chomrádaidhe dá chuid a rinne a shaidhbhreas i Mastadon. Bhuail tallann é le rud a dhéanamh nach smaointeochadh sé a choidhche ar a dhéanamh agus é ina stuaim cheart.

"An dtig leat míle dollar a thabhairt ar iasacht domh?" ar seisean, ina leath-chogar.

"Thig cinnte," arsa Mac Uí Bhriain, ag greadadh síos saic le taoibh cheann Matthewson. "Ach ní mórán dóchais a+tá agam, a Sheáin, go bhfuil an beithidheach in innimh an cleas a dhéanamh."

Níor fhan aonduine 'san Eldorado nár bhain an tsráid amach go bhfeiceadh siad an fhiacháil a bhíthear a chur ar an mhadadh. Fágadh na táblaí folamh, agus seo amach cearrbhaigh agus uile a dh'amharc caidé mar rachfadh an gheall, agus a chur geall iad féin. Sheasuigh trí nó ceathair de chéadtaí fear, fá n-a gcuid cótaí mór agus miotóg, thart ar dhá thaoibh an tsléigh fá ghiota dó. Bhí sléigh Matthewson lódáilte le míle punta meadhchain de phlúr, agus bhí sé 'na sheasamh annsin le cúpla uair an chluig; agus leis an dubh-fhuacht (bhísé trí scór faoi Zero) bhí an maidí reatha sioctha go cruaidh don tsneachta phacáilte. Chuaidh na fir a dh'ofhráil dhá dhollar a chur ós coinne aon dollar amháin nach mbéadh Buck in innimh an sléigh a bhogadh. D'éirigh díospóracht fán chiall a bhí leis an fhocal "an sléigh a bhriseadh amach." Chuaidh Mac Uí Bhriain a mhaoidh- eamh go rabh sé de cheart ag Thornton na maidí reatha a scaoileadh den tsiocán agus chead ag Buck an sléigh a chur ag gluaiseacht as an áit a rabh sé 'na sheasamh. Dubhairt Matthew- son gur+bh é an chiall a bhí leis an fhocal go gcaithfeadh an madadh na maidí a scaoileadh é féin as greim sioctha an tsneachta. D'aontuigh bunadhas na bhfear a bhí i láthair nuair a cuireadh an geall leis. Chuaidh na fir annsin a chur thrí dollar ós coinne dollar amháin in éadan Bhuck.

Ní rabh aonduine leis an gheall a ghlacadh. Ní rabh aon fhear 'san scaifte a chreid go rabh sé ina chumhacht a dhéanamh. Tallann a thug ar Thornton é féin an geall a chur, agus fá lag- dhóchas a chuir sé é. Anois, nuair a dhearc sé ar an tsléigh 'na sheasamh annsin agus na deich madaidh a bhíodh ghá tharraingt de ghnáthas cuachta as éadan a chéile 'sa' tsneachta roimhe, dar leis nach rabh an tasc in-déanta. Leig Matthewson gáir áthais as féin.

"Cuirfidh mé a thrí oiread le fear ar bith!" ar seisean. "Cuirfidh mé míle eile dollar leat- sa, Thornton, ag an fhigiúr sin. Goidé deir tú, a dhuine?"

Bhí cuma an éadóchais in aghaidh Thornton, ach bhí a chuid fola tógtha. An spiorad troda ar cuma leis caidé a+tá in éadan bhí sin muscailte ann, an spiorad nach n-aithneann caidé nach bhfuil in-déanta, an tallann nach bhfuil áird aige ar a dhath ach gáir an chatha. Scairt sé chuige ar Hans agus ar Phete. Bhí a gcuid sac reaithte go maith, agus eatorra uilig ní rabh an triúr ábalta ach trí chéad dollar a scríobadh i gcionn a chéile. Ní rabh an saoghal ag éirghe leó le fada. Badh é an tsuim sin iomlán díreach a rabh de mhaoin ar an tsaoghal aca; ach chuir siad síos go fonnmhar é in éadan na sé chéad a chuir Matthewson.

Scaoileadh amach buidhean na ndeich madadh, agus ceangladh Buck, agus a shrathar féin air, don tsléigh ina n-áit. An fíoch a bhí ar gach aon dhuine tháinig sé air-sean, agus thuig sé ar dhóigh éighinteacht go gcaithfeadh sé gníomh mór a dhéanamh do Sheán Thornton. D'éirigh munamar molta ón scaifte nuair a chonnaic siad an chuma bhreagh a bhí air. Bhí sé slán folláin cothuighthe, ní rabh unnsa de bharraidheacht feóla air, agus ní rabh aon phunta de na céad go leith punta meadhchain a bhí ann nach punta righnis agus beodhachta a bhí ann. Bhí loinnir shíoda as a chóta breagh fionnaidh. An mhong a bhí síos ar a mhuinéal agus trasna ar a ghuail- neacha, bhí sí leath ag éirghe air le gach bogadh, mar bhéadh gach aon ribe beó le tréan fola agus folláineachta. Bhí an t-ucht mór agus na cosa tosaigh throma ag cur leis an chuid eile dá chorp, an áit a rabh na feitheógaí ag nochtadh ina rollaí teanna faoi an chraiceann. Chuaidh fir a mhoth- achtáil na bhfeitheóg sin agus dubhairt siad go rabh siad comh cruaidh le hiarann, agus tháinig na gealltaí a bhí in 'éadan anuas go dtí dhá dhollar ós coinne gach aon dollar amháin.

"Da-dar fiadh, a dhuine - da-dar fiadh!" arsa fear a rabh bachlóg ar a theangaidh, fear a rinne a shaidhbhreas ar na mallaibh ar na Skookum Benches. "Bhéarfaidh mé ocht gcéad duit air, a mhic, sul a dtéidhidh fiacháil ar bith air, a mhic; ocht gcéad mar tá sé anois."

Chroith Thornton a cheann agus shiubhail sé suas go taoibh Bhuck.

"Caithfidh tú seasamh ar shiubhal uaidh," arsa Matthewson. "Comhthrom na Féinne agus neart fairsingigh."

Tháinig sost ar an scaifte; ní rabh le cluin- stean ach glór na gcearrbhach ag tairgint a gcuid geall agus gan aonduine le ghabháil ina n-éadan. D'admhuigh gach duine gur beithidh- each breagh a bhí in Buck, ach bhí cuma ró- thoirteach ar fhiche mála plúir a rabh leith-chéad punta meadhchain i ngach aon mhála aca le iad a gcuid sparán a fhoscladh.

Chuaidh Thornton ar a ghlúine le taoibh Bhuck. Bheir sé ar chloigeann an mhadaidh ina dhá láimh agus leag ar a leiceann féin é. Níor chroith sé dh'aonturas é mar ba ghnáth leis, agus níor chuir sé aon cheann de na mallachtaí grádha air a bhíodh aige; ach chuir sé cogar ina chluais. "Má tá grádh agat orm, a Bhuck. Má tá grádh agat orm," ar seisean. Chuaidh Buck a sceamhlaigh fríd a ghaothsán le tréan fonn a ghabháil i gcionn gnoithe.

Bhí an scaifte ghá choimhéad fá iongantas. Ní rabh fhios aca caidé an chiall a bhí leis an chogarnaigh. Bhí sé cosamhail le mar bhéadh Thornton ag déanamh geasa. Nuair a d'éirigh sé sin ar a bhonnaí bheir Buck ar an mhiotóig a bhí ar a láimh le n-a chár, theann sé uirthe le n-a chuid fiacal, agus leig amach í go mall, mar bhéadh leisc air scaradh léithe. Badh é sin an freagar a bhí aige le tabhairt uaidh; char fhreagar focal a bhí ann, ach freagar grádha. Sheasuigh Thornton ar gcúl go maith uaidh.

"Now, Buck," ar seisean.

Righ Buck na strapaí, annsin leig sé leó cupla órdlach. Badh í sin an dóigh a bhí foghlumtha aige.

"Gee!" Bain glór Thornton tuaim ghéar tobann as an mharbh-chiúnas.

Chas Buck é féin go taoibh na láimhe deise, agus thug aon léim amháin a righ na strapaí agus a bhain cosc tobann as an chéad go leith punta meadhchain a bhí ann féin. Baineadh crioth as an lód, agus tháinig brioscarnach ghéar as faoi na maidí reatha.

"Hó!" arsa Thornton.

Rinne Buck an cleas céadna arais, go taoibh na láimhe clí an iarraidh seo. D'éirigh an bhrioscarnach ní ba tréine mar bhéadh an oidhreogach ag scoilteadh, baineadh croitheadh as an tsléigh, agus shleamhnuigh na maidí cupla órdlach ar leath-taoibh, ag scríobadh ar an tsneachta. Bhí an sléigh briste amach aige. Ní rabh smid as na fir, nó aird aca ar a dhath dhá ndeárnadh ariamh, ach a súile sáithte ann."

"Now, MUSH!"

Tháinig an t-órdú as béal Thornton mar bhéadh urchar piostoil ann. Chaith Buck é féin 'un tosaigh le léim a bhain snag as nuair a theann na strapaí. Bhí iomlán a chuirp cruinn i gcionn a chéile go teann ins an dubh-iarraidh; bhí na feitheógaí ag lúbarnaigh mar bhéadh ainmhidhthe beodha ann faoin fhionnadh mhín; bhí a ucht mór síos 'un talaimh agus a cheann 'un tosaigh go híseal; bhí a chosa ag gabháil mar bhéadh rudaí mire ann, na crúba ag scríobadh an tsneachta chruaidh phacáilte ina dhíogthacha. Baineadh crioth as an tsléigh, chuaidh sé cinéal a longadán, agus fhobair dó glaiseacht ar a aghaidh. Shleamhnuigh cos de chuid an mhadaidh agus leig fear amháin "óch" as féin ós áird. Annsin chuaidh an sléigh 'un tosaigh go hanásta mar bhéadh sé ag tabhairt tuslógaí beaga tiugha, ach níor stop sé glan ní ba mhó... leath-órdlach... órdlach... dhá órdlach... bhí na tuslógaí ag imtheacht de réir a chéile. Chuaidh an sléigh a shleamhnú ní ba ghaiste, stad an léimneach glan, agus d'éalóidh sé 'un tosaigh go mín.

Baineadh fosgladh as béal gach fir. Tharraing siad a n-anál arais, gan smaointeadh go rabh siad tamall annsin gan anál ar bith a tharraingt. Bhí Thornton ag reachtáil i ndiaidh an tsléigh, ag tabhairt uchtach do Bhuck le focla goiride croidheamhla. An fad a bhí aige le ghabháil bhí sin tomhaiste roimh ré, agus nuair a tháinig sé de dheas don chnap smután a bhí ag deireadh na gcéad slat chuaidh an gháir a mhéadú agus a mhéadú i+measc na bhfear, agus leig siad búirthe asta féin nuair a chuaidh sé thart leis na smutáin agus sheasuigh nuair a hiarradh air é. Bhí gach aon fhear ag tabhairt leigean do n-a thean- gaidh, gan fiú Matthewson é féin. Bhí hataí agus miotógaí dhá scabadh fríd an aer. Bhí fir ag croitheadh láimhe le n-a chéile, gan áird ag aonduine cé leis a rabh sé ag croitheadh láimhe, agus na céadtaí guth ag caismirt ina chéile i ngáir dho-thuigthe.

Bhí Thornton ar a dhá ghlúin ag taoibh Bhuck. Bhí a gcloigne leagtha ar a chéile, agus dhá luascadh anonn 's anall. Chualaidh an mhuinntir a tháinig de dheas dóbhtha é ag cur mallacht ar Bhuck, mallachtaí fada dúthrach- tacha, agus mallachtaí caoine grádha.

"Da-dar fiadh, a dhuine - da-dar fiadh!" arsa an Bodach as Skookum Bench. "Bhéarfaidh mé míle dollar duit air, a mhic. Míle, a mhic - dhá chéad déag, a mhic!"

D'éirigh Thornton ar a bhonnaí. Bhí a shúile fliuch. Bhí na deóra ag sileadh go hionraice anuas leis na leicne aige. "A mhic," ar seisean leis an fhear as Skookum Bench, "ní thabhairfidh, 'mhic. Gabh go hifreann, a mhic! Sin a dtig liom+sa a dhéanamh duit, a mhic!"

Fuair Buck greim ar láimh Thornton ina chár. Chroith Thornton anonn 's anall é. Mar spreagfadh an smaointeadh amháin uilig iad, theann na fir ar gcúl ón bheirt; agus ní rabh oiread de mhí-fhortún ar an dara duine agus go ndeachaidh sé dhá gcomhair.

2014-01-04 CPD