An Imirce

Caibideal 15 den leabhar "Rann na Feirste" le Séamus 'ac Grianna.
(Ar a cur don liosta GAELIC-L le Ciarán Ó Duibhín, 1997-08-22)

Go gearr i ndiaidh bhliadhanta na gorta, thoisigh an imirce as Rann na Feirste go Meiriceá. Ar feadh sgór nó sgór go leith bliadhain d'imthigh cuid mhór. Agus níor phill acht corr-dhuine. Níor imthigh duine ar bith aca, agus rún aige a chnámha a fhágáil i Meiriceá. Dubhairt an mhór-chuid aca, ag imtheacht dóbhtha, go mbéadh siad arais i gcionn chúig mbliadhan. Sgríobh siad leitreacha minic go leor, chuig an mhuintir a bhí sa bhaile ar feadh chúpla bliadhain ar tús. Annsin thoisigh na leitreacha dh'éirghe tearc. Sa deireadh, stad siad. Stadadh de chainnt ortha sa bhaile. D'imthigh a leithéid siúd eile tá dhá fhichid bhliadhain ó shoin. Ní rabh cuimhne ag aon duine ortha acht a bhfíor-mhuintir féin. Ní rabh fhios ag cuid den dream óg go rabh a leithéid ariamh ann. Annsin Domhnach amháin indiaidh an Aifrinn, chuala tú an sagart ag iarraidh guidhe an phobail do dhuine, nach rabh fhios agat b'fhéidir go rabh a leithéid ariamh ann.

"Paidir is Abhe Maria le hAodh Ó Domhnaill, as Rann na Feirste lá den tsaoghal, a fuair bás i Meiriceá ar a' cúigeadh lá den mhí seo."

Tá aithne agam ar fhear amháin a tháinig arais, i ndiaidh bliadhain is dá fhichid a chaitheamh thall, mar bhí Peadar Óg Pheadair Shiubhána. Agus níor aithin sé baistidheach ar a' bhaile nuair a tháinig sé. Acht d'aithin sé an Bháinseach agus an Tráigh Bhán agus na Maola Fionna. Bhí teangaidh Ghaedhilge aige mar bhí aige an lá d'imthigh sé. Fuair sé aithne ar an daoiní agus bhíodh sé a' cuartaidheacht is ag áirneál mar nach bhfágfadh sé an baile riamh. Acht ní labhaireadh sé mórán fá'n tsean-tsaoghal. Dar leat, gur duine cadranta a bhí ann. Sa deireadh tháinig a' lá a rabh aige le himtheacht. Agus ar ndóigh, shílfeá go mb'fhuras dó Rann na Feirste a fhágáil an iarraidh seo gan cumhaidh ar bith a bheith air. Bhí a athair is a mháthair marbh, leis na bliadhanta. An teach ann ar tógadh é, ní headh amháin go rabh sé 'na bhallóig, acht ní rabh fágtha den bhallóig féin acht clocha na dubh-shraithe. Bhí a bhean is a chlann i Meiriceá a' feitheamh leis arais ionns' ortha. Shílfeadh duine gur a' gabháil 'un a' bhaile a bhí sé agus nach ag imtheacht as a' bhaile. Acht an tráthnóna sul ar imthigh sé, chuaidh sé suas agus shuidh sé ar chlocha na ballóige agus chaoin sé uisge a chinn. Annsin d'imthigh sé agus níor phill sé ní ba mhó.

D'imthigh Cormac John nuair a bhí sé i gcionn a chúpla bliadhain is fiche. Agus leith-chéad bliadhain 'na dhiaidh sin cuireadh guidhe an phobail le "Cormac 'Ac Gairbheá as Rann na Feirste lá den tsaoghal, a fuair bás i Meiriceá ar na mallaibh." Mhair Cormac a' sgríobhadh 'un a' bhaile 'rith a shaoghail, agus chuireadh siad leabharthaí chuige ó am go ham. Bhí crathán maith léighinn aige agus é iongantach geallmhar ar leabharthaí Gaedhilge. Amuigh sa taoibh chúil de Mheiriceá a bhí sé i ndeireadh a shaoghail. Lá amháin i dtrátha na Nodlag tháinig a' posta chuige agus leitir is beairtín leis. Bhris sé an leitir agus léigh sé í. B'as Rann na Feirste an leitir. Rann na Feirste a bhí ag imtheacht as a chuimhne. Rann na Feirste nach bhfaca sé le dhá fhichead bliadhain roimhe sin. Nuair a bhí an leitir léighte aige uair, agus dhá uair, agus trí huaire, dhearg sé a phíopa agus shuidh sé a chois na teineadh. Tharraing sé air an beairtín agus sgaoil sé an sreangán de. Goidé a bhí ann acht leabhar. Leabhar Gaedhilge a sgríobh fear as Rann na Feirste. Dá siubhailfeá San Francisco an oidhche sin is iomdha amharc a tchífeá. Tchífeá cathair ghalánta, agus í ar aon bhárr amháin soluis. Chluinfeá ceol agus callán. Chluinfeá teangthacha coimhightheacha agus tchífeá treibhe coimhightheacha. Agus ní dóiche go smaoiteochthá a choidhche go rabh seanduine 'na shuidhe i seomra agus gan aige acht é féin, agus a bhos le n-a leiceann agus é ag amharc isteach sa teinidh agus "Caisleáin Óir" ar a' tábla ag n-a thaoibh. D'amharc sé isteach eadar na haibhleogaí an oidhche sin. Agus cé gur ar a' taoibh eile den domhan a bhí sé, bhí Rann na Feirste le feiceáil aige cómh soiléir is dá mbéadh sé ag amharc air le n-a shúile cinn. Chonnaic sé an Bháinseach agus a' Chloch Stucach agus an Oitir Mhór. Chonnaic sé é féin 'na stócach i Rann na Feirste agus é a' damhsa ag na fidileoirí. Ar feadh tamaill, bhí sé mar bhí Oisín nuair a chuir sé an fáinne ar a mhéar, agus d'éirigh sé n'fhear úr óg arís. Acht níor mhair an aisling acht tamall. Sa deireadh, mhothuigh sé é féin ag éirghe fuar. Bhí a theinidh chomhair a bheith caithte. D'imthigh an aisling mar mhúsgólthá ar maidin i ndiaidh brionglóideach phléisiúra. Agus i n-áit a bheith 'na stócach agus é 'na sheasamh ar a' Bháinsigh maidin shamhraidh, bhí sé 'na sheanduine agus é 'na shuidhe leis féin i seomra uaigneach, chomhair a bheith fhad ón Bháinsigh agus thiocfadh leis a bheith.

Bhí deárthair aige a rabh Aodh air. Phós Aodh agus bhain sé faoi i Rann na Feirste, agus bhí teaghlach mac aige cómh breágh is bhí istuigh i bpobal na Rosann. Chuaidh triúr aca go Meiriceá nuair a tháinig siad i méadaidheacht. Pósadh beirt aca sin i gcionn na haimsire, agus bhain siad fútha sa taoibh seo i bhfos de Mheiriceá. Agus bhí an tríomhadh fear a' smaoitiughadh ar fad ar an uncal. Agus bliadhain amháin i ndeireadh an Fhóghmhair, thug sé aghaidh siar agus d'imthigh leis a' tarraingt ar a' taoibh chúil de Mheiriceá. Dá mbíodh a sháith airgid san am aige b'fhuras dó an siubhal sin a dhéanamh. Ní bhéadh le déanamh aige acht a ghabháil ar a' traen agus bhéarfadh naoi nó deich de laethibh amach é. Thiocfadh leis an oidhche a chodlughadh ar leabaidh shócamhlaigh. Agus an lá a chaitheamh ag imirt is ag ól, ní rabh sin aige ar ndóigh. Acht an té a rabh aithne aige ar Dhonnchadh Aodh 'na ghasúr, mar bhí agam-sa, bhéadh fhios aige nach rabh a dhath mór ag an Donnchadh chéadna. Rachadh sé de léim ar a' tsnámh, lá na seacht síon, nuair a bhéadh an chuid eile againn ár gconnáil fá'n chladach agus shnámhfadh sé trasna go Tobar a' Chonnaidh agus anall arais. Rachadh sé suas i mbeinn, a chuartughadh neadracha faoileog, an áit a mbéadh obair ag an chuid eile againn amharc air. Bhí sé cruaidh, láidir, neamh-eaglach. Bhí a shliocht air; nuair a chuir sé fá n-a choinne féin a ghabháil amach go San Francisco, chuaidh sé. Luigheadh sé oidhcheannaí siocáin i mullaigh traenach. Agus thigeadh sé de léim díthe ar maidin, agus í ag gabháil mar bhéadh an ghaoth Mhárta ann, agus sa deireadh tháinig sé go San Francisco.

Ní bhíodh a' t-uncal ag obair sa gheimhreadh an t-am seo. Bhí sé ró-aosta agus ní oibreadh sé acht seal den bhliadhain. Bhí sé 'na shuidhe an lá seo agus é a' léigheadh. Fá Rann na Feirste a bhí sé a' léigheadh. Bhí Cearrbhach Bheití agus Donn- chadh Mór agus Niall Sheimisín agus iad ag imirt chárdaí i dtoigh Mháirtín Uí Fhríghil, agus Séimidh Phádruig Duibh a' teacht go dtí an doras. Le sin buaileadh doras a' tseomra. Dar le Cormac, a' tuitim 'mo chodladh a bhí mé. Acht sa bhomaite chéadna sin fosgladh an doras agus tháinig a' fear isteach.

"Dia annseo," ar seisean.

"Dia is Muire duit," arsa Cormac. "Cé atá agam ann."

"Ní dóiche go n-aithneochthá mé," ars an fear a tháinig isteach, agus é a' teacht aníos go dtí an teinidh.

D'amharc Cormac go géar air. Annsin d'éirigh sé 'na sheasamh. "Mac Aodh?" ar seisean.

"Mac Aodh," arsa Donnchadh. Agus shnadhm siad iad féin ina chéile.

Is minic a bhí mé ar faire i Rann na Feirste. Agus bhí mé cúpla uair ar bainis. Agus aon uair amháin ar "conbhóidh." Áit bhrónach teach faire. Tiocfaidh tú isteach agus gheobhaidh tú corp cóirighthe sa chúl-leabaidh. Fear nó bean a rabh aithne agat ortha, agus b'fhéidir a bhí ag cainnt leat go gearr roimhe sin. Tá cineál de chrith-eagla ort agus beidh tú tamall istuigh sul a bhfághaidh tú an chainnt leat. Tá tú i láthair a' bháis.

Acht ní bhíonn iomrádh ar bith ar a' bhás i dteach bainse. Cúpla lá sul ar pósadh an lánamhain fuair tú cuireadh. B'fhéidir nach bhfuil fhios agat, acht fuair tú cuireadh go Tír na hÓige. Nuair a tháinig an oidhche, chuir tú ort do chulaith Dhomhnaigh, agus d'imthigh tú go teach na bainse. Chuala tú an ceol nuair a tháinig tú ós coinne an dorais. Tá an teach lán. Tá an fidileoir 'na shuidhe ag doras a' tseomra agus é a' seinm. Agus tá sgaifte ar an urlár a' damhsa. Agus tá an lánamhain ina measg. Níl brón nó buaidhreadh ortha. Níl eagla ortha roimh an am atá le theacht. Ní thiocfaidh cruadhtán nó boichtineacht á gcomhair a choidhche. Ní thiocfaidh tinneas nó breoidhteacht ortha. Ní sgiobfaidh an Triuch nó an Bhruicíneach ar shiubhal duine dá gcuid páistí. Oisín agus Niamh a tchí tú annsin a' damhsa ós do choinne ar an urlár. I dTír na hÓige atá an t-iomlán againn. Nuair atá an chéad chúrsa damhsa déanta againn agus an chéad ghloine ólta againn támuid do-mharbhtha, an t-iomlán léir againn.

Agus an "conbhóidh"? An oidhche sul a n-imthighidh duine go Meiriceá! Cruinniughadh iongantach é. Tá aoibhneas na bainse ann, agus cumhaidh a' bháis, mar bhéadh taidhbhse dorcha ann taobh thiar de. I dtús na hoidhche ní mó ná go bhfuil sgáile na cumhaidhe le feiceáil agat ar chor ar bith. Acht i ndiaidh a' mheádhon-oidhche toiseóchaidh sé dh'éirghe soiléir. Agus le teacht a' lae féadaim a rádh nach bhfuil ann acht é.

Is iomdha oidhche aca seo a bhí i Rann na Feirste le corradh is ceithre fichid bliadhain. Bhéarfaidh mé cunntas duit cómh maith is thig liom ar cheann amháin aca. Agus annsin béidh a' t-iomlán agat. Bhí Niall Phádruig Duibh ag imtheacht go Meiriceá. Fear breágh a bhí ann. Acht, ar ndóigh, an chuid a b'fhearr de na fir ariamh a d'imthigh. An oidhche sul ar imthigh sé bhí an baile cruinn i dtoigh 'athara. Bhí fidileoir aca, ar ndóigh, agus subhachas breágh ortha. An fear a' bhí ag imtheacht, ní rabh cumhaidh ar bith le haithne air. Dubhairt sé cúpla amhrán, de amhráin chroidheamhla aigeantacha. Ní rabh cumhaidh ar bith acht oiread le haithne ar an athair nó ar an mháthair, nó ar aon eile den teaghlach. Bhí achan duine ar a sháimhín suilt go dtí go rabh sé tamall i ndiaidh a' mheadhon-oidhche. Annsin thoisigh sgáile na himirce agus na cumhaidh dh'éirghe soiléir. Chonnacthas do chuid de na daoiní go rabh sé ag éirghe cosamhail le sgáile an bháis. An té a bhí tugtha do shamhailtí glinne, chonnacthas dó go gcuala sé: "Paidir is Abhe Maria le Niall Ó Domhnaill, as Rann na Feirste lá den tsaoghal, a fuair bás i Meiriceá."

Thoisigh a rabh istuigh a dh'éirghe trom-chroidhtheach. Tháinig smúid ar achan duine. D'imthigh an ceol as an fhidil. Dar leat, nach rabh sí acht a' sceamhlaigh. Nuair a bhíodh cúrsa damhsa déanta, shuidheadh siad thart leis na ballaí, agus gan fonn ar bith ortha éirghe 'un urláir a' dara huair. Sa deireadh d'éirigh Pádruig Dubh agus sheasuigh sé i lár an urláir. "Amach annseo leat, a mhic, go ndéana tú féin is d'athair cúrsa," ar seisean. "Ní bhéidh mé cómh lúthmhar sna cnámha is tá mé anois nuair a thiocfas tú arais."

D'éirigh Niall amach 'un urláir agus thoisigh sé féin agus a' t-athair a dhamhsa. Agus dhamhsuigh Pádruig Dubh a' cúrsa sin mar bhéithidhe á aidhbhsiughadh dó gur bh'é an cúrsa deir- eannach aca é. Agus nuair a shuidh siad ní rabh aon ghruaidh thirim sa teach. Bhí siad uilig a' sileadh na ndeor go fras. Deora ar choinnigh siad cúl ortha le tamall roimhe sin. Ó bhí an meadhon-oidhche ann bhí siad mar bhéadh páistí a' déanamh claidhe gainimh roimh an lán-mhara nuair a bhéadh sé a' líonadh. Agus sa deireadh thiocfadh aon tonn amháin agus sguabfadh sí léithe a rabh ina bealach. Bhí achan duine le tamall roimhe sin ag iarraidh cúl a choinneáil ar a' tocht. Acht fuair a' tocht buaidh ortha nuair a thoisigh an "cúrsa deireannach." Agus leig siad amach a racht.

D'éirigh fear agus dubhairt sé amhrán agus amhrán cumhaidheamhail. Thoisigh Pádruig Dubh agus dubhairt sé an dara hamhrán:

Ó's a mhíle m'anam ar maidin thú
Is arís a' teacht na hoidhche,
'S gan oidhch' nó lá nach bhfeicim thú
nach ort a bím a' smaoitiughadh.
Míle uair a b'fhearr liom agam thú
Ná ba na Mumhan is bainne aca,
'S a Dhia nach truagh mé 'sgaradh leat
'S gur ionnat atá mo chroidhe istuigh.

Dubhairt duine eile agus duine eile amhrán 'na dhiaidh sin, agus na hamhráin a ba chumhaidheamhla a bhí aca. An tEarrach a bhí ann agus ní rabh an oidhche acht goirid. Bhí dath liath-bhán a' teacht ar an fhuinneoig. Bhí spéarthaí na maidne ann, agus an oidhche thart. An oidhche dheireannach i Rann na Feirste ag Niall Phádruig Duibh go cionn - Ag Dia atá fhios an seasóchaidh sé ar an urlár sin go bráthach arís! - Chuaidh sé suas agus sheasuigh sé, agus cúl a dhá chois leis a' teinidh, agus thoisigh sé ar amhrán:

Tá deireadh mo stóir caithte, mo bhrón,
Sa bhaile úd ar tógadh riamh mé;
Ní poirthís mo dhóigh, 's ní bhéidh mé 'bhfad beo,
Tá an choigcríoch go mór á m'fhiacháil.
Mé a' breathnughadh mo dhóigh sa phobal go neoid
'S gan duine agam a thógfadh cian díom,
Is má théighim go Gleann Domhain chan de mo dheoin
A mhairfeas mé mórán bliadhantach.
Sí an choigcríoch faraor a mhuirbhfeadh a' saoghal
Is d'fhuígfeadh na daoine buadhartha,
Sí ghealuigh mo dhlaoidh 'gus laguigh mo chroidhe,
Is níl seasamh ag aoinneach léithe.
Acht aon duine dár mian leis mo theagasg, ná bíodh
I bhfad ó n-a dhaoiní céile,
Nó i dtinneas má bhíonn, i leathtrom, ná síl,
Go bhfuil na coimhthighigh ion-taobhtha i ngéibheann.

Agus ar feadh chúig mbomaite 'na dhiaidh seo bhí an teach mar bhéadh teach tórraimh ann nuair a bhéithidhe ag cur a' chuirp i gcómhnáir. Chaoin a' t-athair agus a' mháthair cómh hárd is bhí i na gcloiginn. Sa deireadh shíolthóidh an tocht. Bhí a sáith caointe aca. Agus bhí siad 'na suidhe annsin agus gan focal asta. An fear a bhí ag imtheacht, thug sé iarraidh cómhrádh a chur ar obair, acht ní rabh fonn ar bith cómhráidh ortha. Rinne na mná réidh tráth bidh, agus nuair a bhí an biadh caithte bhí an lá glan. Chuaidh na fir amach agus dhearg siad na píopaí. Bhí maidin ghalánta ann, an fhairrge cómh ciúin le clár agus a' lán-mara go bárr na gcaslach. Ní rachadh aon dhuine 'un a' bhaile. Fá chionn uaire eile bhéadh Niall ag imtheacht, agus dhéanfadh an t-iomlán aca a chomhmóradh go Loch a' Ghainimh.

Chuaidh Niall Phádruig Duibh amach agus sheasuigh sé ar an árd ós cionn a' toighe. D'amharc sé anonn ar a' Tráigh Bháin agus ar na Maola Fionna. Annsin chuaidh sé síos go Port a' Churaigh agus sheasuigh sé tamall leis féin ar an uaigneas. Sin an áit a mbíodh sé a' déanamh caisleán sa ghainimh nuair a bhí sé 'na ghasúr. D'amharc sé siar faoi bheinn leic ag Tom a' Droighin. Sin an áit a mbíodh nead a' chlochráin. Shiubhail sé siar a' cladach agus aníos a' Bháinseach.

Tamall 'na dhiaidh sin d'imthigh siad. Amach 'un a' bhealaigh mhóir agus soir Ailt Mhín na Leice. Anonn a' Coillín Darach agus soir Croithlí. Soir ag Mín na Cloiche Glaise agus 'un na "Cúirte." Chuaidh siad isteach annseo agus d'ól siad gloine, féacháil a dtógfadh sé cian daobhtha. Annsin d'imthigh siad amach Dún Lúithche go rabh siad ag Loch a' Ghainimh.

Loch a' Ghainimh! Loch bheag chruinn i lár sléibhe taobh amuigh de Bhun an Eargail. Tá malaidh chrochta aníos as Mín na Cuinge go dtí an loch. Thigeadh cárr 'un na Cúirte, acht tá dhá mhíle den bhealach cómh crochta sin agus go dtioc- fadh leis na daoiní cos a choinneáil leis a' chapall. Sin a' fáth a dtéigheadh lucht a' chomhmóraidh fhad le Loch a' Ghainimh. Acht nuair a thigeadh an cárr go bárr na malacha, bhí an fhánaidh leis síos go Mín a' Droighin, agus chaithfeadh lucht a' chomhmóradh pilleadh. Ní théid aon duine an bealach sin anois. Acht ar feadh leith-chéad bliadhain ní rabh an dara gléas siubhail ann, agus is iomdha deor ghoirt a sileadh ar imeall a' locha sin. Is iomdha sgaifte beag, tuirseach, brónach, a shuidh ar na túrtógaí agus a chaoin uisge a gcinn. Chonnaic a' tEargal a' t-iomlán, agus, dá mbéadh fonn cainnte air, is leis a thiocfadh an sgéal cosgarthach a innse.

Tháinig a' comhmóradh go himeall a' locha. Agus ba é an t-imtheacht é. Chraith Niall Phádruig Duibh lámh leo ó dhuine go duine. Chuir a mháthair a dhá láimh thar n-a chorp agus thóg sí uallán léanmhar caointe. Bhí sí mar nár mhian léithe a leigin uaithe. Acht ní thiocfadh léithe a choinneáil. Ní rabh fá n-a coinne ag an chinneamhaint acht clann a thógáil ó laige go neart, agus annsin seasamh ar chladach chadranta Loch a' Ghainimh, ag amharc ortha ag imtheacht i mbéal a gcinn, agus gan fhios an bhfeicfeadh sí an dara hamharc go bráthach ortha.

Nuair a d'imthigh an carr as a n-amharc phill siad anoir a' tarraingt ar a' bhaile. Agus shiubhail siad a' bealach go Rann na Feirste agus iad tuirseach tostach trom-chroidhtheach.

Ag m'athair a fuair mé an seanchus seo uilig, nó ní rabh mé ar a' tsaoghal nuair a d'imthigh Niall Phádruig Duibh go Meiriceá. Ní rabh fhios agam go rabh a leithéid ariamh ann go rabh mé ag éirghe aníos 'mo leath-stócach. Agus ba é an rud a tharraing a' seanchus air a' lá seo, paidir a chuir a' sagart le "Niall Ó Domhnaill as Rann na Feirste, a fuair bás i Meiriceá."



SMO 1997-08-28 CPD