As: Ó Chamhaoir go Clap-Sholas, le Seaghán Mhac Meanman
(Arna chur don liosta GAELIC-L le Ciarán Ó Duibhín,1997-06-11)
"Oileán na Naomh agus na Saoithe" an t-ainm uasal oirdhearc a bheirtí i dtólamh ar ár dtír ins an tsean-am. Agus dar ndóigh thuill sí an t-ainm. Nó caidé an náisiún nó an réagún eile ar dhruim an domhain a raibh oiread naomh agus ban-naomh agus ollamhan ann agus bhí i n-Éirinn? Ní raibh aon ghleann sléibhe, nó aon árd maighe, nó aon inis locha nó mara d'ár dtír gan naomh gan éigeas; a's coinnigheadh creideamh agus léigheann beo nuair a bhí náisiúin na h-Eorpa ag tuitim as a chéile agus an mhór-chuid de mhuinntir na h-Ilchríche i gcrúbaibh na págántachta agus ar bhealach an ainmhidhe.
Acht i measc cuideachta na bhfear fearamhail Gaedhealach sin nach raibh de chlaidheamh nó de scéith aca acht an Chros agus a dteachaidh a gcliú i bhfad agus i ngearr cia bhí cosmhail le Colm Cille? Siubhail Éire na gcúig mbeann ar maidin a's cluinfidh tú oiread faoi ag na sean-daoine a's go sílfeá gur indé a mhair sé. Mar sin de, ní am i mudha dúinne dearcadh siar ar shaoghal agus ar ghníomharthaibh an ghaiscidhigh seo an Chreidimh ó laige go neart agus ó neart go bás.
Amuigh annsin i nGartán a rugadh Colm Cille tá ceithre chéad déag agus ocht mbliadhna déag ó shoin. Bhí deor uasal ann ar an dá thaoibh, óir ba h-é Conall Gulban Mac Néill Naoi nGiallach a ghar-athair, a's bhí gaol aige leis na seacht ríghte a bhí i n-Éirinn le n-a linn. I nDubhghlaise a chuaidh an tonn bhaistidhe air. Deirtear go minic gur Críomhthachán an chéad ainm a tugadh air. Bíodh sin amhlaidh nó ná bíodh, ní tháinig mórán d'á chuid bliadhantach gur tugadh Colm na Cille air, óir ba h-é deireadh na daoine gur chosmhail an gasúr le h-éan a bhéadh ag cleitearnaigh fá bhun na h-altóra de ló agus d'oidhche. Níorbh' iongnadh aingle a theacht a chomhrádh leis agus gan é acht 'na thachrán. Ní raibh sé acht óg ins an tsaoghal nuair a rinne sé togha ar an gheanmnaidheacht agus ar an eagna, a's tá an scéal ann gur phronn Dia an tarngaireacht air annsin.
Bhí toil mhór ag Colm do'n léigheann. Mar sin de, chuaidh sé go Magh Bhile i gConndae an Dúin, an áit i n-a raibh scoil iomráidhteach do chléir agus do thuataibh. B'annseo a rinne an t-óigfhear beannuighthe míorbhailte a bhí sonnruightheach. Ceann-urraidh na scoile, an t-Easpog Fíonán, bhí sé ag léigheamh an Aifrinn maidean amháin nuair a tugadh fá dear' nach raibh aon deor fíona le fagháil. Caidé bhí le déanamh? Tháinig baspairt ar a raibh ar ghaobhar Fhíonáin. Acht bhí an crann réidhtigh ins an láthair. Ní dheárna Colm Cille dadamh acht a aghaidh a thabhairt ar na Flaithis a's i bpreabadh na súl rinneadh fíon breagh dearg amach as uisce an tsrotha.
I ndiaidh baint faoi i Magh Bhile seal thug Colm aghaidh ar Chúigeadh Laighean a dhéanamh staidéir ar fhilidheacht agus ar litridheacht i gcuid de scoltachaibh móir-chliúiteacha an chúigidh sin. Bhí feith na filidheachta i gColm é féin; agus ó am go h-am chum sé mórán dánta i nGaedhilg agus i Laidin - cuid ag moladh an Chruthuightheora a's tuilleadh ag moladh na h-Éireann, agus iad uile go léir ag lasadh le gean d'áiteachaibh áirid i n-a thír dhúthchais.
Ba i gCúigeadh Laighean a fuair Colm órd beannuighthe, agus go h-aithghiorra 'na dhiaidh sin thug sé aghaidh ar Chúigeadh Uladh aríst agus chuaidh a thógáil ceall agus mainistreach agus scoltach. D'fhág sé lorg a lámh i n-áiteachaibh a bhí ainmeamhail agus atá, agus i n-áiteachaibh a bhí eascáirdeach cúilriascmhar. Cia h-é sin nach gcuala iomrádh ar Dhar-Mhaigh, ar Cheanannas na Midhe, ar Shórd, ar an Bhúille, ar Ráth Bhoth, ar Dhruim Cliabh, ar Dhruim Thuama, ar Thoraigh, a's ar Í uaignigh na h-Alban? Leoga, táthar ag áireamh - a's tá sé inchreidte i gceart - gur trí chéad ceall agus mainistir a thóg Colm Cille uilig.
Acht bhí an naomh-fhear ag déanamh ní ba mhó 'ná ag tógáil toighthe adhraidh agus léighinn. Nuair a gheibheadh sé faill na feannóige bhíodh sé i gcionn pinn. Ag scríobhadh cóipeann de na Soiscéalaibh ba h-í sin an obair mhór agus an obair riachtanach dá dtug sé mian a chroidhe agus a anma. Cóip amháin a scríobh Colm thóg sé trup agus tútán. An Cathach a bheirtear ar an leabhar seo anois. Nuair nach dtabharfadh an naomh-fhear uaidh saothar a láimhe féin fágadh an cás ar bhreitheamhnas an Áird-Ríogh Diarmuid. Ní raibh an t-Áird-Rí go geal do Cholm agus d'órduigh sé an chóip a thabhairt do'n té ar leis an leabhar. As sin a tháinig. Mheas muinntear Thír' Chonaill go dteárnadh éagcóir ar Cholm a's i bpreabadh súl chuaidh siad i gcionn sleanntrach ar an Áird-Rígh. Bhí teangmháil ann a bhí garg agus garg ar dóigh. Treascradh Diarmuid agus marbhadh trí mhíle d'á chuid fear thiar i gCúl Dreimhne i gCo. Shligigh. Nuair a bhí an spairn socair agus an dochar déanta túsuigheadh a mheabhrughadh agus a mhairgnigh, a's chuadhthas a dh'éagnach - an fear thall ag cur a mhilleáin ar an fhear i bhfos. Deirtí ins an am sin agus deirtear go fóill go dtáinig seort buaidheartha nó imnidhe ar Cholm Cille é féin, nó gur bharamhail sé go mb'fhéidir go raibh daoine adéarfadh gurbh' eisean a ba bhun-tsocair leis an tormán agus an troid. Cibé mar bhí chomhairligh Colm i dtráthaibh an ama seo Éire a fhágáil go deo. Má ba bhreitheamhnas aithrighe a bhí annseo bhí sé cruaidh, óir ní raibh aon Éireannach ariamh a raibh oiread grádha aige ar a thír agus bhí ag naomh-fhear Ghartáin uirthi. Acht má bhí sé ag imtheacht ní a dhéanamh aibheáir nó a chuartughadh sógha acht a lasadh solas an Chreidimh i gceart-lár phágántachta agus duibheagánachta na h-Alban. Bealaighe Dé tá siad do-chuartuighthe do-thuigthe, acht caithfidh sé go raibh lámh an Tighearna ins na gnóthaibh ó thús go deireadh, óir ba mhór a bhí Aspal ag teastáil ar bhunadh na h-Alban. Bhí an Creideamh agus toradh an Chreidimh i n-Éirinn; acht thall udaidh bhí an foghmhar maith acht na h-oibridhthe bhí siad anghann.
Nidh nárbh' iongnadh bhí buaidhreadh mór i dTír Chonaill nuair a chualathas go raibh an naomh-fhear ag imtheacht. Chruinnigh a chuid daoine muinnteardha agus a chuid carad - manaigh, ríghte, agus mic ríogh a fhagháil a bheannachta agus a fhágáil slán aige. As Doire - Doire na n-Aingeal - a d'imthigh Colm agus a chuid comrádaidhthe. Le cois scréach na bhfaoileog bhí glór Dé i n-a gcluasaibh ag glaodhach ortha agus 'á dtreorughadh, a's ní dheárnadar stad ná moill go ndeachadar i dtír ar oileán lom uaigneach Í, an áit nach raibh dadamh le feiceáil acht clocha glasa, muiríneach, agus crotaighe mara. B'eascáirdeach, léanmhar an áit í, acht má tá an Rí leat ní bhfaighthear do chlaoidhe. Thóg Colm agus a chuid manach bothóga beaga agus cealla beaga a's thúsuigheadar a churaidheacht agus a chur gléas beo ortha féin.
Ní fhuil cineál ar bith oibre chomh cruaidh le h-obair an Aspail. Tá sí cruaidh fadálach anois: bhí sí ní ba chruaidhe agus ní b'fhadálaighe i n-aimsir Chuilm Cille. Bhí dornán beag daoine fá dheisceart na h-Alban a raibh an creideamh fíor aca, acht amuigh fá'n lár agus fá'n tuaisceart bhí a mbunadhas 'na bpágánaigh agus 'na bpágánaigh fiadhaine. Le n-a chois sin bhí na draoithe i dtreis agus an meas a bhí ortha ba doiligh drannadh leis. Acht naomh-fhear Ghartáin bhí sé 'na thréan-fhear; bhí grásta agus cumhacht an Tighearna 'á chosnamh, 'á threorughadh, agus 'á shoillsiughadh; a's ní raibh dadamh ins na glinnte, nó ar an talamh, nó faoi'n talamh a chuirfeadh mosán nó beag-uchtach air. Níorbh' am mainneachtna é, a's chuadhthas i gcionn oibre ar an bhomaite. Asteach i lár an dubh-dhorchadais sin le Colm agus le n-a chomhluadar, a's thúsuigh an tseanmóireacht, an teagasc, agus an baisteadh. Fuair an t-Aspal Gaedhealach cabhair mhaith ó scaifte beag Éireannach a bhí 'na gcomhnaidhe i n-Albain, acht na sean-Phictigh dubhranta ba h-é a raibh le fagháil uatha-san doicheallt agus námhadas. Sin agus uilig chuaidh an deagh-obair ar aghaidh. Rinne Colm míorbhailtí a bhí suallach agus a chuir crathán eagla ar ríghte, draoithe, agus dreamhairí. D'fhoscail sé geaftaí glasáilte le comhartha na croiche, thug sé an tsláinte do'n easlán, a's rinne sé an marbhán beo. Mar sin de, arbh' iongantas ar bith gur ghairid go raibh an creideamh fíor planntáilte go daingean i gcréafóig na h-Alban? Go dearbhtha díbh, thóg an Tighearna an teach, a's ar an ádhbhar sin ní dheachaidh obair na saor i mudha.
Má ba mhór an grádh a bhí ag Colm Cille ar Ghaedhil na h-Éireann níor lugha 'ná sin an gean a bhí aige ar na h-Éireannaigh a chuaidh anonn go h-Albain seal roimh-ré agus a chuir ríoghacht ar bun thall annsin. Bhí scannsáil a's searbhadas eadar an dá dhream anois, a's bhí contabhairt mhór ann go rachadh siad 'un sparna le chéile i ndeireadh na scríbe. An bun-rúta a bhí leis an achrann bhí sé so-thuigthe go leor. Rí Ghaedheal na h-Alban a chuir suas glan do ní ba mhó cíos láimhe a thabhairt do Rígh na h-Éireann. Bhíthear ag tuar trioblóide. Acht go h-ádhmhail bhí lucht síothchána thall agus i bhfos. Tugadh an dá dhream ós coinne a chéile ag comhdháil mhóir a tionóladh i nDruim Ceata i gConndae Dhoire. Tháinig Colm Cille anall le páirtidhe na h-Alban, phléideáil sé ar a son, agus ceannascach agus mar bhí Rí na h-Éireann b'éigean dó géilleadh agus a rádh nach n-iarrfadh sé ní ba mhó cíos láimhe ar an bhunadh thall. Acht cárdáileadh agus socruigheadh tuilleadh i nDruim Ceata an lá sin. Na báird a's na filí bhí lán-bharraidheacht aca i n-Éirinn; agus eadar fallsacht, stocaireacht, calbhachas, agus ranntaidheacht scórtha bhí an tír 'na cíorthuaithbhil aca agus na daoine a raibh siad beo ortha tógtha ó lár. Ní raibh de leigheas ag an Áird-Rígh ar an aicid acht lucht na ndán agus na n-aor a dhíbirt go h-uile agus go h-iomlán a's fagháil réidhtighthe de'n phléiseam ar an dóigh sin. Acht chosain Colm na báird fosta. Bhí sé féin 'na fhile agus bhí dáimh ós miosúr aige leis an dream. D'agair sé an chomhdháil lucht an cheoil a ghannughadh agus a gcur faoi riaghlachaibh agus smacht. Ní raibh cur suas ag an chruinniughadh do'n impidheach nó do'n chomhairleach. Bhíthear ag dúil go rachadh an t-Áird-Rí a mhonamar, agus b'fhéidir a bhatalaigh, i ndiaidh gnoithe na h-Alban a ghabháil i n-a éadan, acht thost sé mar dhuine. Glacadh comhairle Chuilm Cille a's h-admhuigheadh go raibh an chomhairle maith.
Bhí an oiread sin socair anois. Agus i ndiaidh siubhal thart ar a chuid daoine muinnteardha agus cuairt a thabhairt ar chúig nó sé cheannaibh de na mainistreacha a d'áitigh sé féin i n-Éirinn d'fhág Colm slán síorraidhe ag n-a bhunadh agus ag n-a thír agus phill sé ar ais go h-Í. Seacht nó ocht fichead de bhliadhna a mhair sé 'na dhiaidh sin. Agus bhí deireadh a shaoghail mar bhí tús a shaoghail - béasa na h-óige béasa na h-aoise: ar fad ag urnaighe, ag déanamh troiscthe, ag obair de shaothar láimhe, ag scríobhadh, ag seanmóireacht, ag spréidheadh an tSoiscéil, ag tógáil ceall. Cuireadh aingeal as na Flaithis chuige le scéala an bháis, agus bhí sé ullmhuighthe le ghabháil díreach go Párthas nuair a tháinig an scairt. Ag bun na h-altóra - an áit a b'fhearr agus a b'fhóirstinighe ar bith - a shíothluigh an naomh-fhear. Acht sul ar fhág an anál é thóg sé a dheas-lámh agus d'fhág a bheannacht ag na manaigh eile agus a sheacht mbeannachta ag bunadh na h-Éireann.
Bhí Naomh Colm Cille, bhí sé 'na fhile agus bhí sé 'na fháidh. Ba léar dó an t-am a bhí le theacht agus h-aidhbhsigheadh dó na h-athruightheacha móra a thiocfadh le h-imtheacht na mbliadhantach ar na h-áiteachaibh a raibh teas-ghrádh aige ortha. D'fhág sin an mhairgneach agus an t-éagnach i gcuid dá chuid filidheachta. Agus ins an am atá i láthair ní fhuil aon sean-duine as Gaedhealtacht Thír' Chonaill a théid thríd Chathair Dhoire nach gcaithfidh smaoineadh ar an rann a chan an naomh:
"Mo dhoireogán, mo dhoireogán! Mo chnó, m'ubhall, a's m'áilleagán! Is do Ghallaibh atá i ndán a bheith i lár mo dhoireogáin!"
B'fhíor é go dearbhtha!