Ainmhian an Bhanmhúinteora Óig

le Panu Höglund

Tráchtaireacht agus foclóir beag

Chlis Pia as a codladh, agus ina haonar a bhí sí, ar nós achan mhaidin roimhe seo - agus ina dhiaidh seo fosta, mar a smaointigh sí, agus an síordhuairceas ina luí go trom ar a croí. Bhí sí tar éis theacht fríd an ollscoil agus céim a bhaint amach, agus í anois ag iarraidh teangthacha iasachta a mhúineadh do mhalraigh is giodróga meánscoile eadar cúig agus ocht mbliana déag d'aois: cha rabh aici ach deich mbliana orthu, nó níos lú fós.

Chan céasadh amháin a bhí san obair, a mhalairt: bhí dáimh aici le cuid mhór de na girseachaibh, ach ba rogha léithi gan an dara h-amharc a chaitheamh ar na stócaigh. Bhídís gan stad gan staonadh ag teallaireacht is ag pastaireacht, agus ba bheag a mbeann ar fhoghlaimeoireacht ar bith. Scoil scothaicme a bhí i gceist, scoil fá choinne chlann an lucht rachmais, rud a d'fhág go rabh a ndúlsáith airgid agus cúltaca ag na gasúraí seo cibé: dá dteipfeadh an scoil ar dhuine acu ghlanfadh a athair an bóthar roimhe frí dhúthracht bheag dheas airgid a thabhairt don té a ghlacfadh léithi, agus leathfadh geafta na hollscoile fána dhéin gan mórán struis.

Agus ar ndóighe bhíodh cacamas mímhúinte cainte i dtólamh ar cois ag an droing mhallaithe sin fá dtaobh dá múinteoir féin agus den chosúlacht a bhí uirthi:

"Mór milis meallacach millteanach iad na cíocha sin. Méanra don té a n-éiríonn leis seal siolpaireachta a bhaint astu."

"Ná bí ag glagaireacht, a bhómán, chan fhuil fear ar bith aici. Cladhaire atá sa chailligh sin, chuirfeá an ruaig uirthi dá bhfaighfeadh sí radharc ar do chrann clis." Agus b'éascaidh go leor a thomhas roimh ré go molfadh an tríú guth banéigniú a dhéanamh uirthi lena mhúineadh don mhúinteoir aineolach céard ba chraiceann ann.

B'é seo an seort cainte a bhíodh ag na háibhirseoirí óga le chéile, agus ba mhinic a tharla i gcomhchlos daoithi iad ag labhairt mar sin, d'aonturas b'fhéidir. Cha dteachaidh sí ariamh choíche i dtaithí a leithéide. Cailín cráifeach a bhí inti ó thús, agus má tháinig athrú ar a creideamh le linn an tseala a chaith sí ar an ollscoil, charbh fhéidir caochló ná laghdú a thabhairt ar an fhorbairt seo. Chuaidh sí chun leathanaigeantachta ceart go leor agus í ag foghlaim léinn; ach ba leasc léithi anois, mar a b'ariamh roimhe seo, caint mhímhúinte bhrúidiúil a chluinsbheáil fá dtaobh de chúrsaí gnéis, nó cuideachta a dhéanamh do dhaoiní ólta.

San am chéadna bhí sé ag goillstin go goimhiúil nimhneach frithir ar a croí nach rabh sí pósta, ná geall leis. Bhí sí cúthalach go leor, ní nach ionadh: is iomaí bean óg a chuireanns masc an chreidimh ar a cúthalacht féin seachas aghaidh a thabhairt air go gcaithfidh sí buaidh a bhreith ar an mháchail shíceach seo má theastaíonn fear agus teaghlach páistí uirthi. Ach dá chúthaile a bhí sí, bhí airc agus fonn uirthi lámha fir a mhothachtáil thart ar a colainn féin ag cuartú is ag taiscéaladh, ba mhaith léithi póg a fháil is a fhreagairt, focla grámhara a labhairt is a éisteacht, bod a ligean isteach agus beo úr a bhrath á fhorbairt ina broinn. Sula rabh lá eolais aici ar ghiniúint an tsutha, agus í ina gearrchaile beag baoideach gan ach cupla bliain déag slánaiste aici, bhí sí suite dearfa cinnte siúráilte go mba mhian léithi leanbh a ghiúlán is a bhreith. Ar dtús fuair sí amach gur fear a bhí de dhíth ar mhnaoi chun bun a chur le suth frí "shíol an linbh a chur sa mhnaoi" mar a chuala sí iomrá ar an ábhar. Tháinig tuigbheáil instinneach dhúchasach aici go mba mhéanra an síol sin a bhrath istigh: mar chineál teasa a samhladh daoithi é, cosúil le teas an bhídh spíosraigh ar an teangain.

Ceantar cráifeach tuaisceartach tuaithe a bhí sna bólaí ar chaith sí a céad-óige, agus má bhí sé leagtha amach ar an churaclam oifigiúil scoile léargas a thabhairt do na daltaí ar chúrsaí na giniúna agus iad ag teannadh amach i dtreo na haoise dainséaraí, chan mar a shíltear in áras na Roinne Oideachais a bítear amuigh ar pháirc an áir. Dá gcloífeadh na hoidí leis na treoirlínte oifigiúla fá dtaobh den phointe seo, thuitfeadh muintir na háite as a grann cumhachta: chreideadar cheana féin nach rabh mórán eile sa scoil chuimsitheach úr ach uisce faoi thalamh de chuid an Chumannachais eadarnáisiúnta chun páistí na dea-ghnáthmhuintire a chur ar bhealach a míleasa le síolteagasc na mígheanmnaíochta. Ar na saolta udaí bhí an dá pharanóia - an frithchumannachas is an meon frithghnéasúil - fite fuaite le chéile agus fréamhaithe go domhain daingean in ithir na háite, agus char theastaigh ó aon mhúinteoir lánsiosmaide troid a chur ar a leithéid d'fhórsaí na nádúra: ba rogha leis an dream teagascóireachta uilig ghabháil sa tseans le cigire na Roinne.

Agus bhí an ceart acusan. B'éadócha go nochtfadh cigire d'aon tseort chun doras mór na scoile a dhalladh, agus má nocht féin, ba bheag a spéis san oideachas gnéis: b'iad na háiseanna úra closamhairc ba mhó a tharraing a umhail, níor bhuair sé a chloigeann, ná cloigeann na múinteoirí, le ceist íogair na giniúna. Cá bhfios nach mar sin a d'ordaigh uachtaráin na Roinne dá gcuid toscairí a dhéanamh taobh amuigh de na ceantracha uirbeacha: gan aon ruaille buaille a dhéanamh de neamart sa ghnéasoiliúint, má bhí cumann inteacht biogóideachta i gceannas ar an cheantar: níl gar ann an dream sin a chur i dtreo cogaidh. Ár seacht sáith fadhbann againn gan iad a fháil anuas sa mhullach orainn.

An toradh a bhí air seo, ar ndóighe, ná gur fágadh daoiní óga na háite ar fíorbheagáin léargais ar na cúrsaí leathair. Agus nuair a thoisigh Pia a chur seanchais le tuilleadh a fháil amach - nach tubaisteach an raiple húta a tharraing sí lena fiosracht nádúrtha pháistiúil! Cha dtearn sí ach an cheist mhacánta shaonta chneasta a chur ar a máthair ná "cad é mar a braitheadh duit é agus an síol á chur ag Deaidí a dtáinig mise as?" Cha rabh a fhios aici faic na fríde ach amháin gur rud álainn deas a chaithfeadh a bheith ann mar a mhothaigh sí féin ina colainn féin é. Char rith léithi fiú aon bhaint a bheith eadar sin agus an t-ordú dothuigthe udaí sa Bhíobla: "ná déan adhaltranas", aithne a sé, nach rabh sí in ann a rádh cad ba chiall léithi. Bhí a teoiric féin aici, teoiric a cheap sí go cliste ar bun na fianaise fíorghainne a dtáinig sí uirthi de réir a chéile: ba dóigh le Pia gurbh é an rud a chros an séú haithne ná do chéile a thréigbheáil, a fhágáilt ar an tráigh fhoilimh. An teoiric seo bhí sí comh comhgarach cosúil leis an fhíorchéill agus go sásóchadh sí cibé teagascóir Críostaí lá ar bith.

Bhí an gearrchaile bocht comh naíonda sin agus go dtáinig sé go hiomlán aniar aduaidh uirthi nuair a buaileadh a máthair le taom uafásach buile. Thoisigh sí a chaitheamh anuas ar an ghirsigh bhoicht, a chur eascainí uirthi nach gcuala an páiste a leithéidí fiú ag aon phótaire sráide: striapach lofa bhradach, díol drúthlainne, síol an diabhail dhuibh dhorcha, nathair nimhe a neadaigh inár measc de lúbarnaíl fhealltach le galar na drúise a shíolchur...agus rudaí i bhfad níos measa nach dteánfaidh mé fiú trácht orthu.

Baineadh scanradh as an chailín agus phléasc a héagaoint uirthi: char thuig sí a dhath ach amháin gur imigh uirthi bun a chur le h-olltubaiste agus go gcaithfeadh sí imeacht as baile anois, tharla nach dtabharfadh a máthair grádh ná dídean daoithi feasta.

"An dteastaíonn uait a fhoghlaim cad é mar a cuireadh tús leat? Chan fhuil ionat ach toradh an pheaca! Toradh an pheaca, an dtuigeann tú? Pheacaigh mise led'athair, agus tusa a tháinig as! Agus tá a shliocht ortsa! A leithéid de spéis cháidheach agat i gcúrsaí an pheaca uafásaigh féin!"

Agus a racht ligthe aisti chuaigh an mháthair faoi chónaí, ach d'fhan an scanradh goimhiúil ar an nighin bhig. D'fhan sé uirthi go deo, mar a b'fhacthas daoithi inniu. Agus nach íorónta greanntraigéideach truacánta truamhéileach áiféiseach a bhí sé gur éirigh lena máthair a aitiú ar Phia nach rachfadh aici choíche fear a bhréagadh chuici a ghnífeadh gnoithe mar fhear céile is mar athair a cuid clainne dá ngéillfeadh sí a maighdeanas don chéad bhodach a thiocfadh ar a gaobhar. Thiarcais, a Mhaime, chan fhuil fios an tsaoil agat a thuilleadh! B'iomaí cailín a rabh aithne ag Pia orthu nár dhiúltaigh a gcuid a thabhairt do chupla stocach ar son na craice amháin, agus achan ghirseach acu pósta anois, agus cupla bean ina measc a rabh éirithe leofa fir den chéad scoith a fháil in eangaigh.

Marianne, mar shampla, agus í tar éis beirt páistí a bhreith a mhaífeadh bean ar bith uirthi. Cupla uair fuair Pia áiméar bheith ina feighlí orthu nuair a theastaigh ar na tuistí ghabháil amach go dtí an amharclann nó áit ínteacht mar sin lena scíste a dhéanamh: bhí sí ina capall ag na páistí, bhí siad in ainm a bheith ag troid léithi nó ag éileamh uirthi scéalta lachan de chuid Disney a léamh os ard daofa, agus sult an domhain ag an triúr acu as an am a chaitheadar le chéile. Nuair a tháinig Marianne agus Mikael fá dhéin a gcuid clainne, agus eagla is baspairt orthu nach mbeadh na leanaí in inmhe treabhadh le Pia, bhí na páistí cheana féin comh mór sin léithi agus gur bhris a ngol orthu agus iad ag scréachaigh i seanairde a nglóir nach mb'áil leofa an "Aintín" Pia a thréigbheáil.

Ba léir daoithi cad fáth ar thaitin a cuideachta comh maith sin leis na páistí: athrú a bhí inti eadar tréimhsí fada an ghnáthshaoil sin chéadna a n-éirítear bréan tuirseach cortha de uaireanta dá fheabhas é. Ach cibé scéal é ba mhór deas an bród is an mhóráil a bhí uirthi agus í tar éis cruthú comh maith sin ag na páistí.

Lig Pia osna aisti agus thoisigh a chur daoithi dá rabh de ghnáthaimh mhaidine uirthi: a cuid leabharthach a chur sa mhála, cithfholcadh a ghlacadh, a cuid gruaige a fháil i gcoigirse, na h-éadaí b'fhearr a roghnú...Ansin bhain sí an stad busanna amach agus d'fhan ina seasamh faoin scáthlán. Bhí sé ina gheimhreadh go fóill, agus cha bheadh mórán siosmaide ann suí síos ar an bhinse a fhuacht a bhí sé. Cha rabh spéis dá laghad aici úiréidríteas a tholgadh as a bheith ina suí ar shaoisteoig reoite.

Tháinig a bus-se, agus isteach le Pia láithreach bonn, a ticéad míosa á thaispeáint don tiománaí aici. Dhrann seisean a aoibh oifigiúil léithi, agus an bheirt acu ag beannú dá chéile. Ansin fuair sí suíochán saor in aice leis an chúldoras, agus nuair a bhí sí soiprithe air baineadh bogadh as an bhus ar aghaidh i dtreo na lárchathrach.

Ba bheag eadar an lá seo agus cibé gnáthlá go dtí gur thoisigh an sos béile, agus cruinniú breise fuagraithe i seomra na múinteoirí. Chuaidh sí ansin agus sceitimíní beaga uirthi, ó tharla nach dtáinig léithi aon tuairim a chaitheamh fán ábhar le hiomlán múinteoirí na scoile a iarraidh le cheile comh hobann sin. Bhí a chuid lochtanna ar an Phríomhoide, ach chan abórfadh aon duine ariamh é a bheith tugtha do thaibhse gan cur leis: cha ghairfeadh sé do na hoidí theacht le chéile chun éisteacht le seafóid oifigiúil ínteacht na Ranna Oideachais den tseort sin nach gcuirfeadh isteach ná amach ar aon duine i gceann múinteoireachta praiticiúla.

Nuair a d'fhoscail sí an doras, bhí an mhórchuid d'aos teagaisc na scoile cruinn baileach cheana féin. Rinn cupla duine acu beannú daoithi gan gíog ná míog a ligean astu, ó bhí an PríomhOide ar shéala labhairt amach, agus é ina sheasamh os coinne an chomhthionóil.

"A Chairde", ar seisean. "Ba mhaith liom cuid bheag de bhur n-airde a fháil, mura miste. Is é rud a tháinig comhoibrí úr inár measc go hobann, agus ba mhaith liom a chur in aithne daoibh gan mórán moille. Mar is eol do chách tháinig ar Nestor von Born éirí as a phost mar mhúinteoir staire nuair a buaileadh le galar tromchúiseach é..."

Ailse na scamhóg a bhí ar shean-Nestor bhocht, rud a ghoill go mór orthu uilig, bíodh is nár chuir sé lá iontais ar aon duine. Bhí sé ina shean-nathán i measc na múinteoirí go rabh an tionsclaíocht tobaca ábalta theacht i dtír ar Nestor amháin. Ba mhór an truaidhe é a imeacht gan mórán súile le pilleadh, tharla gur duine laghach cairdiúil cineálta a bhí ann agus é in inmhe réiteach leis an charachtar ba driseogaí eadar scoláire is oide.

"Karl Johan von Essen atá ar an mhúinteoir nuadh a tháinig ina áit, agus beidh sé sa bhearna bhaoil feasta ag teagasc staire."

An fear a bhí ina shuí ar an taoibh dheis den phríomhoide d'éirigh sé ina sheasamh anois le theacht chun tosaigh agus lámh a chroitheadh leis na múinteoirí. Chuir an PríomhOide iad in aithne dó ag tréathrú achan duine acu le cupla abra a bhí in ainm a bheith greannmhar.

"Seo duit Pia Bobacka. Dríodar an chrúiscín atá inti, is é sin, is í an múinteoir is óige againn, agus í in ann teanga ar bith a phronnadh ort a shamhólfaí duit."

D'amharc Karl Johan uirthi, agus nuair a rinn cuid súl na beirte teagmháil le chéile b'aistíoch an bogstangadh a bhraith Pia á bhaint aisti. Na mothachtálacha a chéadfaigh sí taobh thiar den amharc a chaith an fear léithi ba raon forleathan fairsing a bhí iontu ó bhrón domhain domhínithe go cumha is cairdiúlacht. Nuair a bhí an chéad chastáil seo thart char mhair aici ach mearchuimhne ar chosúlacht an fhir, diomaite de na súile doimhne donna udaí.

Fear cúig blian déag is fiche a bhí i gKarl Johan seo, a bheag nó a mhór, agus gidh go rabh sé folláin sláintiúil, b'fhacthas do Phia go rabh néal gruama bróin i gcónaí ar foluain os a chionn. Bhíodh sé cineálta áfach, i gcónaí á ghiúlán go cairdiúil, agus an chuma ar an scéal go rabh sé ag féacháilt leis an chumha rúnda sin a ruaigeadh de frína shaol a chaitheamh ar son na ndaoiní eile len é féin a mhothachtáil tairbheach riachtanach ar an dóigh seo.

Bhí a chuid sainspéiseann aige áfach, rudaí nárbh áil leis a thathantú ná a sháirsingiú ar an chuid eile: ghnáthaíodh sé amharclann na cathrach is na ceolchoirmeanna clasaiceacha, agus nuair a thigeadh ar Phia cuairt a thabhairt ar an leabharlainn, ba dóichiúla ná a athrú go gcasfaí uirthi é ansin. Dá ghruamacht a bhíodh sé dhrannadh sé aoibh chairdiúil thaitneamhach le Pia comh luath agus a gheibheadh sé amharc uirthi, agus bhíodh cupla focal laghacha i dtólamh i dtaiscidh aige fána coinne.

Bhí an dá Kharl Johan ann, mar a shamhailtí an scéal do Phia: croí mór maith laghach grámhar agus clúdach na smúite a d'fhág an saol air. B'é seo an teoiric a cheap Pia, cibé. Chaithfeadh sé go rabh tragóid ínteacht tar éis baint dó go frithir, agus na cneánna ar foscal fairsing fós ina dhiaidh sin. Ach cén cineál tubaiste a d'fhéadfadh a bheith i gceist? An rabh sé tréigthe ag a mhnaoi? Ní dócha, dar le Pia: dá mb'amhlaidh cha bheadh sé comh muinteartha sin léithi - bheadh fuath is drochamhras aige ar a rabh ann de neacha baineanna sa domhan.

Lá amháin theastaigh uaithi sciordadh i seomra ranga Kharl Johan fá choinne foclóra. Ghabh sí bealach an chúldorais, agus ba truacánta truamhéalach an radharc é an fear deas seo: cromtha ar a dheasc a bhí sé, agus é ag sileadh na ndobhar de dheora. D'fhan Pia ag an doras gan bogadh aisti, ag grinnscrúdú Karl Johan daoithi, agus í eadar dhá chomhairle an mba chóir daoithi ghabháil chun tosaigh a chur ceiliúir ar an fhear chun féacháilt le sólás a thabhairt don fhear bhocht; ach chaith sí barraíocht ama ag cur na ceiste uirthi féin, agus d'fhág sí uain aige iomlán a rachta a ligean de. Thriomaigh sé a rabh fágtha de na deora ar a aghaidh agus fuair sé amharc ar Phia ina seasamh daoithi in aice leis.

Bhraith sí a cuid fola ag reo sna féitheanna aici nuair a thug Karl Johan fá dtear í; anois thiocfadh fearg air léithi agus d'ordóchadh sé daoithi ghabháil i dtoigh diabhail. D'fhan sí ina colgsheasamh ag slogadh seile is ag stánadh go faiteach ar an mhúinteoir eile. Rinn sí iarracht a leithscéal a dhéanamh, ach ní tháinig a cuid focal léithi.

"Ó, an tusa atá ann", ar seisean, agus é ag iarraidh guth fáiltiúil cineálta a chur air gidh go gcuala sí go héascaidh cé chomh cráidhte a bhí sé.

"Cogar i leith, a stór", ar sise, "cad é atá ort?"

"Ó, chan fhuil dada orm", a d'fhreagair sé, "go rabh maith agat".

"Anois, a chuid", ar sise, ag toiseacht go cúthalach, ach de réir mar a labhair sí léithi, d'éirigh a glór níos croíúla: "Má tá rud ar bith ag goillstin ort, ba chóir duit a chardáil le duine ínteacht eile. Tá a fhios agam nach bhfuil mórán maithe ionamsa mar chomhráiteach, ach má tá sé d'fheidhm ort..."

"Tá go maith", ar seisean, ag cur meangadh bacach air féin. "Chan fhuil gádh leis..."

D'fhág sí slán aige agus as go brách léithi gan breith ar an leabhar a bhí de dhíobháil uirthi: cha dtug sí an fhaillí seo fá dtear ach gur bhain sí a seomra féin amach; agus thuit ar a crann a rabh fágtha den lá a chur isteach in uireasa an fhoclóra.

Ghlac sí truaighe don fhear, nó a thuilleadh sin: mhothaigh sí í féin beagnach feargach leis an amhlóir nach rabh oiread is ábalta ar cuidiú a iarraidh uirthi agus call aige leis. Tchífeadh an dall féin go rabh an fear bocht in arraingeacha ag a chuid buarthach. Cén t-ábhar a bhí leis an phéin sin? An rabh sé i ndiaidh a ghabháil in achrann leis an dlí? Nó an mb'é rud a bhí sé ag troid in aghaidh galair thromchúisigh de sheort ínteacht, fearacht na hailse?

(AR LEAN)

© Panu Höglund


SMO 1997-02-28 CPD