Óg-laoch na Rann

THE MINSTREL BOY
Fonn - Mórín [sic]

Do thriall chum catha óg-laoch na rann,
Lár námhad Éireann ársaighe;
Lann athar fáisgthe air go teann,
A n-aoinfheacht lé n-a chláirsigh
A thír na n-dán! Ar an laoch-cheóil grinn
Dá m-beidheadh an saoghal dod dhaoradh,
Tá aon chruit amháin lé do mholadh go binn,
'S aon lann amháin lé do shaoradh.

Do thuit an bárd ach má thuit go fóill,
Bhidh a chroidhe neamh-eaglach, tréanmhar,
Is raob sé téada cláirsighe an cheóil,
Do scuab sé an trá bhidh séanmhar;
Is dubhairt: ní mhillfidh cuing do ghuch
A chruite chaoin na bh-fear saora,
Is ní cluinfear go h-eug do lán-bhinn sruth,
Lár bruide is bróin na tíre.

The Minstrel Boy
Thomas Moore (1779-1852)

The minstrel boy to the war is gone,
In the ranks of death you'll find him;
His father's sword he hath girded on,
And his wild harp slung behind him;

"Land of Song!" cried the warrior bard,
(Should) "Tho' all the world betrays thee,
One sword, at least, thy rights shall guard,
One faithful harp shall praise thee!"

The Minstrel fell! But the foeman's steel
Could not bring that proud soul under;
The harp he lov'd ne'er spoke again,
For he tore its chords asunder;

And said "No chains shall sully thee,
Thou soul of love and brav'ry!
Thy songs were made for the pure and free
They shall never sound in slavery!


Buíochas do Choinneach Nilsen, a chuir na focail Ghaeilge do GhAELIC-L:

Date: Tue, 06 Apr 1999 22:59:52 -0300
From: Ken Nilsen <knilsen@juliet.stfx.ca>
To: GAELIC-L@listserv.heanet.ie
Subject: Re: The Minstrel Boy as Gaeilge

Rinneadh aistriuchan den "Minstrel Boy" fado, fado, timpeall's cead go leith bliain o shin. D'aistrigh an tArd-Easbog Seán MacHéil an chuid is mó d'amhráin Thomáis Uí Mhórdha go Gaeilge sa gcéad seo caite. Seo thíos aistriúchán as leabhar Mhic Éil a foilsíodh san Irish American, 13ú Samhain, 1858 agus tá mé á scríobh ón gcóip atá agam den leathanach sin go díreach mar atá sé litrithe ansin, ach athraithe ar ndóigh ón gcló Gaelach suimiúil a húsáidtí sa nuachtán úd go cló leamh Rómhánach mo ríomhairín.

Ken Nilsen ag StFX in Antigonish, Tír Mór, Alba Nua

 
1999-04-08 CPD