Na Coisithe (le L.S. Gógán)

I gcoim na hoíche cloisim iad,
Na coisithe ar siúl;
Airím iad, ní fheicim iad,
Ní fios cá mbíonn a gcuaird.
I gcoim na hoíche dorcha
Is an uile ní ina shuan,
Airím teacht na gcoisithe
I lár an bhaile chiúin.
An daoine iad nach sona dhóibh,
Nó anama i bpunc?
Nach aoibhinn dóibh an t-ionad sin
'Na gcónaíd go buan?
I gcoim na hoíche dorcha,
Is cách 'na thoirchim suain,
Sea cloisimse na coisithe
Ag teacht 's ag imeacht uaim.

Date: Thu, 25 Sep 1997 23:16:14 +0100 From: Marion Gunn <mgunn@ucd.ie> To: GAELIC-L@LISTSERV.HEA.IE Subject: na coisithe (scary stuff!)

Cheannaíos roinnt seanleabhar giobalacha an lá cheana, a bhí saor go maith -- seanleabhair scoile gan aon dáta ina measc. Seo dán as ceann acu (as An Dánleabhar, eag. S. Mac Fheorais):

 
1997-09-29 CPD