Anois teacht an Earraigh
le Antaine Ó Reachtabhra (1784-1835)
- Anois teacht an Earraigh
- beidh an lá dúl chun shíneadh,
- Is tar eis na féil Bríde
- ardóigh mé mo sheol.
- Go Coillte Mach rachad
- ní stopfaidh me choíche
- Go seasfaidh mé síos
- i lár Chondae Mhaigh Eo.
- Fágaim le huacht é
- go n-éiríonn mo chroí-se
- Mar a éiréonn an ghaoth
- nó mar a scaipeann an ceo
- Nuair a smaoiním ar Cheara
- nó ar Ghaileang taobh thíos de
- Ar Sceathach an Mhíle
- nó ar phlánaí Mhaigh Eo;
- Cill Aodáin an baile
- a bhfásann gach ní ann,
- Tá sméara is subh craobh ann
- is meas de gach sórt,
- Is dá mbéinnse i mo sheasamh
- i gceartlár mo dhaoine
- D'imeodh an aois díom
- is bheinn arís óg.
- Bíonn cruithneach is coirce,
- fás eorna is lín ann,
- Seagal i gcaobh ann,
- arán plúir agus feoil,
- Lucht déanta poitín
- gan licence á dhíol ann,
- Móruaisle na tíre ann
- ag imirt is ag ól.
- Tá cur agus treabhadh
- is leasú gan aoileach
- Is iomaí sin ní ann
- nár labhair me go fóill,
- Aitheanna is muilte
- ag obair gan scíth ann,
- Deamhan caint ar phingin cíosa
- na dada da shórt.
Date: Wed, 1 Feb 1995 14:50:38 GMT
Sender: Gaelic Language Bulletin Board <GAELIC-L@IRLEARN.UCD.IE>
From: Róisín Ní Mháille Battel <R.N.M.Battel@UEL.AC.UK>
Subject: Re: Lá 'le Bríde [GÉ] < Brigid's Day [IG] >