Chríost le mo thaobh-sa

Críost le mo thaobh-sa,
Críost ós mo chóir-se,
Críost ar mo chúl-sa,
Rí mo chroí,
Críost taobh istigh díom,
Críost taobh thíos díom,
Críost ós mo chionn-sa,
Choíche go deo.

Críost ar mo dheiseal,
Críost ar mo thuathal,
Críost orm thimcheall,
Sgiath sa chath.
Críost dul chun suan dom,
Críost dul chun scíth dhom,
Críost liom ag éirí,
Solas mo shaoil.

2002-03-25 CPD