I nÉirinn Chaoin

A Phádraig naofa 's aspail chaoin
Do mholadh go síor 's é mian mo chroí
'S tú scab an scéal fá Chríost an Rí
Fa gleanntáin, sléibh', 's fá thalamh mhín
I nÉirinn chaoin, i nÉirinn chaoin

Ar mhalaidh Shliabh Mis a chaith tú 'n oíche
A' meabhrú ann ar Pháis an Rí
'S le banú 'n lae, ba é mian do chroí
An phágántacht go deo a chloí,
I nÉirinn chaoin, i nÉirinn chaoin

Go bruach Loch Cuan go dtáinig tú arís,
Go dian a scabadh soiscéal Chríost,
A's ar mhullach na Sláine, i lár na h-oích'
Las tú an solas nach múchtar choích'
I nÉirinn chaoin, i nÉirinn chaoin

2002-03-25 CPD