Dóchas linn Naomh Pádraig

Cúnamh chugainn a Phádraig
Aspal mór na hÉireann.
Ainm oirirc glégeal
Sólás mór an tsaoil é.
Sé a chloigh na draoithe,
Croíthe dúra gan aon mhaith.
D'ísligh dream an díomais,
Trí neart Dé ár dtréanfhlaith.

Sléibhte, gleannta, mánna
'S bailte móra na hÉireann,
Ghlan sé iad go deo dúinn,
Míle glóir dár Naomh dhíl.
Iarraimid ort, a Phádraig
Guí orainne, Gaela,
Dia linn lá is oíche
'S Pádraig Aspal Éireann.

 
2001-04-01 CPD