Cré na nAspal

Creidim i nDia an tAthair uilechumhachtach,
Cruthaitheoir neimhe agus talún,
agus in Íosa Críost, a Aonmhac-san, ár dTiarna,
a gabhadh ón Spiorad Naomh,
a rugadh ó Mhuire ógh,
a d'fhulaing páis faoi Phontius Píoláit,
a céasadh ar chrois,
a fuair bás agus a adhlacadh,
a chuaigh síos go hifreann,
a d'éirigh an treas lá ó mhairbh;
a chuaigh suas ar neamh,
atá ina shuí ar dheis Dé, an tAthair uilechumhachtach;
as sin tiocfaidh sé chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.

Creidim sa Spiorad Naomh,
sa Naomheaglais Chaitliceach,
i gcomaoin na naomh,
i maithiúnas na bpeacaí,
in aiséirí na colainne,
agus sa bheatha shíoraí.

Amen.

(as "Aifreann Dé agus Leabhar Urnaithe/", FÁS, Báile Áthe Cliath)
Dennis Francis a chuir gu Gaeilge-B, 1997-11-10

 
1997-11-01 CPD