Date: Fri, 14 Mar 1997 09:03:40 -0800
From: Dennis King <donncha@eskimo.com>
To: GAELIC-L@Danann.hea.ie
Subject: Lúireach Navajo

Tá an patrún céanna le feiceáil ar an bpaidir Navajo seo, atá an-traidisiúnta:

Shitsiiji hozhoo naasha,
Shikeedee hozhoo naasha,
Shiyaagi hozhoo naasha,
Shik'igi hozhoo naasha,
Yaago hozhoo naasha,
Atiingoo hozhoo naasha.
Hozhoo naasha, hozhoo naasha.
Siúlaim le h-áilleacht romham,
Siúlaim le h-áilleacht i mo dhiaidh,
Siúlaim le h-áilleacht fúm,
Siúlaim le h-áilleacht os mo chionn,
Siúlaim síos in áilleacht,
Siúlaim ar an mbóthar in áilleacht.
Siúlaim in áilleacht, ...

Tá na focail seo le cloisteáil san amhrán “Hooghan” ar an albam “Touch the Sweet Earth” le Sharon Burch. Cainteoir dúchais Navajo í Sharon, agus tá 11 amhrán as Navajo agus ceann amháin as Béarla ar an albam seo, an tríú ceann uaithi.

Rud eile suimiúil: de réir ailt a léigh mé ar Foinse an mhí seo caite, fuair An Clochán airgead ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann le cnuasach trítheangach filíochta a fhoilsiú. Na trí theanga? Gaeilge, Béarla agus Navajo!

Donncha

1997-03-17 CPD