Na láimhscríbhinní

Cad iad?

Láimhscríbhinní is ea scríbhinní a deineadh le peann, peannluaidhe, nó cleite, ar pháipéar nó ar chraiceann beithígh (é seo arna chóiriú don chuspóir sin agus is vellum nó pár nó cairt a tugtar air de réir an mhodh ullmhúcháin). Tá mórchuid na LSS ar pháipéar, ach cuid mhaith freisin ar chraicinn beithígh.

Sa chomhaireamh le 'Láimhscribhinní' tá clóscríobh agus modhanna annamha scríbhinne mar scríobh ar dhuilleoga pailme, dingscribhinn ar tháibhléid chré (cuneiform Suméreach agus Oir-shéimíteach), scríbhneoireacht cleiteáin ar shíoda (Síneach) - ach fágtar greanadh le siséal (mar ogham na Gaeilge) faoi rann eile (OBJECTS). Áirítear anseo le láimhscríbhinní: griangraif, claonchlónna ar ghloine agus ar cheallalóid. Áirítear fonograif, ceirníní srl agus cluaistéipeanna agus fístéipeanna i gcásanna áirithe i measc Láimhscríbhinní nuair is cuid iad de bhailiúcháin áirithe a áirítear mar Láimhscríbhinní.

Chomh maith le Láimhscríbhinní (réimhír MS, nó i nGaeilge LS) bíonn Seomra na Láimhscríbhinní ag déileáil le: Muniments (réimhír MUN), Miocrascannáin, OBJECTS, Paipir (Papyri; réimhír PAP), téipeanna (réimhír TAP) agus media eile nach iad.

Ranna eile de chuid na Leabharlainne atá ag dul do leabhair chlóbhuailte idir sean agus nua, idir eagráin teoranta agus 'bestsellers' agus eile!

Cé chomh sean atá siad?

Síneann dátaí na Láimhscríbhinní ó na táibhléid chré Shuméreacha timpeall 2000 r. Chríost agus paipir ieroglifeach ó 1400 r. Chríost go dtí láimhscribhinní liteardha nua ó anuraidh.

Cé h-iad na teangacha ina bhfuil siad scríofa?

Cé go bhfuil furmhór mhór LSS Choláiste na Tríonóide i mBéarla, tá cuid mhaith i laidin, gaeilge, arabais, aetóipis, gréigis, éigiptis (cibé ieroglifeach, ieratach, démóteach, nó sa choptais), eabhrais, íoslannais, fraincis, iodáilis, spáinnis, chomh maith le beagán LSS i gcuid mhaith teangacha eile.

Cá bhfuair an Leabharlann iad?

Bronnadh Láimhscríbhinní ar an leabharlann, fágadh le h-uacht iad, nó ceannaíodh iad; i gcásanna annamha cuireadh ar deposit iad, nó fuarthas i gcúinsí nach eol a thuilleadh iad.

Na 'Muniments' ('bun-ghníomhais' ó cheart, ach cuirtear i bhfad níos mó in iúl leis an bhfocal sin anseo i gC na Tr), scríobhadh sa Choláiste nó ar thalamh an Choláiste iad; níor tháinig siad isteach ón taobh amuigh.

 
1996-06-19 CPD