Cultúrlann Mhac Adaim-Ó Fiaich

I gcroílár iarthar Bhéal Feirste atá Cultúrlann Mhac Adaim-Ó Fiaich, príomhionad ealaín Ghaeilge an tuaiscirt. As Roibeard Mac Adaim, Preispitéireach agus gníomhaí Gaeilge sa naoú céad déag, agus as an Chairdinéal Tomás Ó Fiaich, a ainmníodh an áit agus is é is cuspóir di oideachas agus cur chun cinn na n-ealaíon a chothú i measc Gaeilgeoirí agus an phobail mhóir.

Grúpa ad hoc gníomhaithe Gaeilge a bhunaigh an áit i 1991, agus anois tá roinnt tionscadal bríomhar a bhaineann le cúrsa Gaeilge agus pobail ar siúl ann, ina measc, caife (An Caife Glas), siopa leabhar Gaeilge (An Ceathrú Póilí), an nuachtán seachtainiúil LÁ agus an mheánscoil Ghaeilge is mó ó thuaidh, Meánscoil Feirste.

I láthair na huaire tá Féile Pobail Iarthar Bhéal Feirste agus Fóram Eacnamaíoch Iarthar Bhéal Feirste lonnaithe ann. Agus tá oifig Gaeloiliúint agus stiúideo ealaíne Dúch Dúchais lonnaithe anseo chomh maith.

Léirigh Daonáireamh 1991 go bhfuil breis agus 100,000 cainteoir Gaeilge i dtuaisceart na hÉireann agus is é rún na Cultúrlainne freastal ar an chathair iomlán agus taobh amuigh di, rud is léir ar leithne liosta teagmhála ár gclár ealaíne.

Is mór i gcónaí againn bheith lonnaithe in iarthar Bhéal Feirste. Ainneoin na míbhuntáistí, tá clú le fada ar an áit as tionscadail úra chruthaitheacha pobail agus is sa chomhthéacs seo a chaitear an Chultúrlann a shuí go docht.

Rith na bliana bíonn clár leathan éagsúil d'imeachtaí ealaíne trí mheán na Gaeilge ar bun againn. Tá dhá ghrúpa drámaíochta lonnaithe san áit, Aisteoirí Aon Dráma agus Aisteoirí Óg Dráma, iad ag cur drámaí sean agus nua os comhair gach cineál lucht féachana.

Bíonn clár cuimsitheach ceoil againn, ó cheardlanna ceol traidisiúnta agus sean-nóis go ceolchoirmeacha ceol clasaiceach agus roc Ceilteach. Faoi láthair, tá ranganna ceoil do pháistí agus do dhaoine fásta ar siúl anseo.

Ainneoin laghad na fairsinge bíonn clár iomlán de thaispeántais ealaíne, traidisiúnta agus nua-aimseartha, agus grianghraf againn tríd an bhliain.

Ranganna agus ceardlanna Gaeilge, léachtaí foirmiúla agus cainteanna ar ghnéithe den ealaín agus den litríocht, ceardlanna agus léimh ag scríbhneoirí agus filí, agus seónna aonaracha ag ealaíontóirí ar cuairt, is cuid dár gclár iad, clár a fuair maoiniú don chéad uair i 1995 ó Chomhairle Ealaíon TÉ.

Tá a lán fós le deanamh go bhfaighimid na háiseanna uile is gá don ionad ach is maith atá a fhios againn go mbeidh bláth leanúnach ar imeachtaí Gaeilge sa Cultúrlann.

Tar isteach ar cuairt, cuir d'ainm ar an liosta teagmhála imeachtaí, nó bíodh cupán caife agat agus tú ag breacadh tríd na leabhair. (Má bhíonn slua leat, moltar duit áirithint a dhéanamh roimh ré.)


Má tá aon cheisteanna ag éinne, nó tuilleadh eolais uaibh, ná
bíodh moill oraibh scéala a chur chugaim. Sin nó gabh i dteagmháil le
Janet Mueller, reachtaire na Cultúrlainne.


               O I O
                ___
-----------oOo-------oOo------------
|                                  |
|         Colm Mac Aindreasa       |
|        colm@clan.cinni.org       |
|      LÁ - Nuachtán na nGael      |
| Cultúrlann Mhac Adaim-Ó Fiaich   |
|       216 Bóthar na bhFál        |
|           Béal Feirste           |
|     Guthán (+44 1232) 239303     |
|     Facs    (+44 1232) 239304    |
|                                  |
------------------------------------
 
1995-12-04 CPD