Paidreacha Págánacha
Chum mé an mhórchuid de na dánta seo nuair a bhí mé
ar an mbóthar idir Seattle agus Palm Springs, atá i nDeisceart
Chalifornia. Tháinig siad chugam agus mé ag tiomáint liom féin trí
thírdhreacha nach bhfuil a sárú le fáil áit ar bith ar domhan.
|
Klamath Falls
Feithidíní
ar an ngaothscáth,
Chomh líonmhar
le réaltaí san fhásach.
Meas tú an bhfuil beatha
is bás
Chomh fairsing céanna
chuile áit?
|
Mise Miach
Mise Miach,
mac an athar
a mharaigh mé agus
a mhill an cnuasach
a rinne Airmhidh.
Tá beatha agus sláinte
i ngach ball
de mo chorp,
scaipthe anois,
ag fás ar fud
gleannta is sléibhte.
Is méanar don té
a chuirfeas in ord
is in eagar mé.
|
Ar Ucht Mo Mháthar
Déanaim paidir
ar ucht mo mháthar
le sliogáin agus cleití,
le cloch thine agus grianchloch.
Líním paidir
ar ucht mo mháthar
le caiscín is min bhuí,
le gaineamh rua
agus gaineamh buí.
Doirtim paidir
ar ucht mo mháthar
le fíon agus fuisce,
le bainne agus uisce.
Déanaim paidir
as ucht mo mháthar.
|
Altóir
Cuirim clocha
ar mhuin a chéile.
Trí chloch,
sin altóir,
sin ofráil,
sin beannacht.
|
Beatha na Talún
Tá an spéir fairsing.
Tá an tír go hálainn.
Cnámha na talún
mo chnámhasa.
Craiceann na talún
mo chraiceannsa.
Anáil na talún
m'anáilse.
Beatha na talún
mo bheathasa.
Tá an tír go hálainn.
Tá an spéir fairsing.
|
Altú
I láthair mo mhuintire
siar go dtí tús na beatha,
i bhfianaise na ndéithe
agus na n-aindéithe,
in ómós do fhéile
ollmhór na cruinne,
gabhaim buíochas
roimh mo chuid.
|
Mt. Hood
Sliabh amháin, bán,
san aer mar chriostal.
Abhainn faoi phráinn
i mogalra moghlaeirí.
Glas na gcoillte
sa solas glinn.
Tá sé chomh simplí sin:
áille iomlán.
|
Craiceann na Cruinne
Is léir
nach bhfeiceann
daoine
is nach bhfeiceann
déithe
ach craiceann na
cruinne.
Bánta meala
a chonaic Manannán
san áit a bhfaca Bran
na tonnta geala.
As an tobar céanna,
féile gan chruth,
a éiríonn siad ar a seal,
idir dhaoine agus
dhéithe,
idir dhomhain agus
scéalta.
|
Deiseal
Siúlaim deiseal
ar lia, tobar is bile.
Siúlaim deiseal
ar shliabh, loch is coill.
Siúlaim deiseal
ar shlí na bíse
ar shlí na físe
ar shlí na fírinne.
|
Bealtaine
Níor thiomáin mé eallach
idir dhá thine Bhealtaine.
Thiomáin mé tríd an gcathair,
mo dhá cheannsolas ar lasadh,
ag séanadh cách
sa dóigh is dual dom.
|
Ar an mBóthar
Is taistealaí mé.
Go dtéimid slán.
Cá bhfuil mo thriall?
Go dtéimid slán.
A ghaotha ildathacha,
a thaithíonn gach bóthar,
tá treo ag teastáil uaim.
Go dtéimid uile slán.
|
Romham
Cuirim fáilte
roimh an ród atá romham.
Cuirim mo dhá láimh
le chéile
roimh an ród atá romham.
Buailim bosa faoi thrí
roimh an ród atá
romham
is fúm
is tharam
is ionam.
|
Slán go fóill.
Dennis King
|
|