luaith
Sean-Ghaeilge: lúaith
De réir Pokorny, tháinig "lúaith", agus "lludw", an focal Breatnaise leis an gciall chéanna, ó *lou-tw-i, focal tógtha ar an bhfréamh Ind-Eorpaise *leu(@)- (nigh). Dhéantaí gallúnach as geir agus as an mbuac a fhaightear i luaith adhmaid. Tháinig na focail Bhéarla "lye" (= buac) agus "lather" ón bhfréamh chéanna.
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL