molt
Sean-Ghaeilge: molt
Is féidir gur tháinig "molt" ('reithe' chomh maith le 'caora fhireann choillte' i ré na Sean-Ghaeilge, de réir an DIL), "mollt" na Breatnaise, agus an focal Gaillise *multô nó *moltô (= caora) ón bhfréamh Ind-Eorpaise *mel- (bog). Rinneadh "mouton" den fhocal Gaillise sa Fhraincis, agus tháinig "mouton" isteach sa Bhéarla mar "mutton".
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL