ficheall
Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: fithcheall
Sean-Ghaeilge: fidchell
Is comhfhocal "fidchell", déanta as 'fid' (fiodh, adhmad) + 'ciall'. Cluiche cosúil le "chess" a bhí ann, agus is léir go raibh stair an-fhada taobh thiar de. Tá an focal Breatnaise "gwyddbwyll", a bhfuil an bhrí chéanna leis, déanta as dhá fhocal atá gaolmhar do na focail Ghaeilge: 'gwydd' (fid) + 'pwyll' (ciall). Is dócha, mar sin, go raibh an cluiche seo á imirt i ré na Ceiltise Insí (sinsear coiteann na Gaeilge agus na Breatnaise) agus go raibh ainm cosúil le *widu-kwêllâ air.
Tháinig *widu- (a bhfuil fianaise de sa Ghaillis freisin) ón bhfocal Ind-Eorpaise *widhu- (crann), ar shíolraigh "wood" uaidh chomh maith. Tháinig *kwêllâ ón bhfréamh *kweys, de réir McCone, a bhfuil "chí (feic)" mar shliocht air freisin.
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL