suigh
Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: suidhidh (= suíonn)
Sean-Ghaeilge: saidid, suided (= suíonn)
Tháinig "saidid" ó *sedeti sa Chomh-Cheiltis, a tháinig ón bhfréamh Ind-Eorpaise *sed- (suigh). Shíolraigh roinnt focal Breatnaise ón bhfréamh chéanna, mar atá "eistedd" (= suigh), sedd (= suíochán), agus gorsedd (= ríchathaoir), chomh maith le focail ar nós "seat", "sit", agus "saddle" sa Bhéarla.
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL