ceirnín
Sean-Ghaeilge: cernéne
Meán-Ghaeilge: cerníne, ceirníne
"Fadcheirnín" agus "dlúthcheirnín" is mó a chloistear inniu, ach is é an bhrí bhunúsach atá le "ceirnín" ná "pláta nó mias leata adhmaid". "Cern" an t-ainm a bhíodh ar chupán tomhais a choinneodh "ceithre lán na huibhe", de réir seanghluaise. Cuireadh an iarmhír "-éne" (= -ín) leis chun an focal a dhíspeagadh, nó "diminutive" a dhéanamh de. Is féidir gur tháinig "cern" ón bhfréamh Ind-Eorpaise *kwer- (rud a bhfuil cruth sliogáin nó méise air). Shíolraigh "coire" ón bhfréamh chéanna.
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL