cumasc
Sean-Ghaeilge: cummasc
Ainm briathartha is ea "cummasc", a théann leis an mbriathar "con-mesca" (= cumascann). Tháinig an focal seo agus an focal Breatnaise "cymysg" ó *kom-mis[k]-sko-, ó na fréamhacha Ind-Eorpaise *kom (le) + *meik- (cumaisc). Is ó *meik- a díorthaíodh an briathar Laidine "miscere, mixtum", ónar tháinig "mix", "miscegenation" agus "promiscuous".
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL