danartha
Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: danardha, danartha
Sean-Ghaeilge: danardae, danarda, danartha
"Fíochmhar, gan trua" an t-aon chiall atá leis an aidiacht "danartha" anois, a bhfuil a fréamh san ainm "danar" .i. Danar, Danmhargach; Uigingeach, díbheargach, ós rud é go raibh cáil na neamhthrua orthu siúd sa mheánaois. Tháinig "danar" ón ainmneach iolra Sean-Lochlainnise "Danir" (= Danmhargaigh), ón ainmneach uatha "Danr".
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL