bolg
Nua-Ghaeilge Chlasaiceach: bolg, balg
Sean-Ghaeilge: bolg, bolc
D'eascair "bolg" agus an focal Breatnaise "bol" (= bolg) ó *bolg- sa teanga shinsearach Chomh-Cheilteach. Fuair na Rómhánaigh an focal "bulga" (= mála leathair) ar iasacht ó na Gaill. Is uaidh sin a tháinig na focail Fhraincise "bouge" (= mála) agus "bougette" (= máilín). Tháinig "budget" (vallait ar dtús) ón dara focal. Ón bhfréamh Ind-Eorpaise *bhelgh- (borr) a shíolraigh "bolg", chomh maith leis na focail Bhéarla "belly" agus "bellows".
Siar go dtí STAIR AN FHOCAIL