Agus d'fhigh na saighdiúiri coróin de spíonta, gur chuir ar a cheann
í, agus chaith siad fallaing chorcra thar a chorp;
thagaidís anios chuige, á rá, "Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!"
agus bhuailidís bosa air ansin.
Chuaigh Píoláid amach arís, agus dúirt sé leo, "Seo daoibh, táim á
thabhairt os bhur gcomhair, ionas go bhfeice sibh nach bhfaighim coir
ná locht air."
Tháinig Íosa amach mar sin faoin gcoróin spíne agus faoin bhfallaing
chorcra. Dúirt Píoláid leo, "Seo daoibh an fear!"
Nuair a chonaic na hardsagairt agus na hoifigigh é, ghlaoigh siad in
ard a gcinn, "Céas é, céas é! " Dúirt Píoláid leo, "Glacaigí agus
crochaigí féin é, mar ní fhaighim coir ar bith ann."
D'fhreagair na Gíudaigh é, "Tá dlí againn, agus de réir an dlí sin
ba cheart a chur chun báis as bheith ag iarraidh a rá gurb é Mac Dé é."
Nuair a chuala Píoláid na focail seo, bhí tuilleadh eagla air;
chuaigh sé isteach sa phraetorium arís agus dúiirt sé le hÍosa, "Cá
has ar tháinig tú?" Ach níor thug Íosa freagra air.
Dúirt Píoláid leis mar sin, "An é nach labhróidh tú liom? Nach
bhfuil fhios agat go bhfuil cumhacht do scaoilte agus do chrochta
agam?"
D'fhreagair Íosa é, "Ni bheadh cumhacht agat orm murab é gur tugadh
duit ó neamh í; dá bhrí sin is mó an peaca atá ar an té a chuir idir do
lámha mé."
Leis sin thug Píoláid iarraidh faoina scaoileadh, ach gur ghlaoigh
na Giúdaigh in ard a gcinn, "Má scaoileann tú an duine sin, ní aon
chara do Chaesar tú; níl duine dá ndéanann rí de féin nach gcuireann in
éadan Chaesair."
Nuair a chuala Píoláid na focail seo, thug sé Íosa amach leis, agus
shuigh sé faoi ar bhinse an bhreithiúnais san áit a dtugtar Sráid na
Leac air, nó Gabbatá in Eabhrais.
Anois ba í Bigil Fhéile na Cásca í i dtrátha an séú huair. Ar
seisean leis na Giúdaigh, "Seo daoibh bhur Rí!"
Ghlaoigh siadsan os ard, "Imeacht gan filleadh air, imíodh sé chun
na croiche!" Arsa Píoláid leo, "An ndéanfaidh mé bhur Rí a chrochadh?"
D'fhreagair na hardsagairt, "Nil de rí os ar gcionn amach ó Chaesar."
Chuir sé ansin idir a láimha é lena chrochadh.
Ghlac siad Íosa mar sin, agus chuaigh sé amach, agus a chrois féin
ar iompar aige, go dtí an áit a dtugtar áit an chloiginn air, agus a
ngairtear Golgota de in Eabhrais.
Ba ansin a chéas siad é ar chrois, agus beirt eile ina chuid-
eachta, duine ar gach taobh agus Íosa eatarthu.
Scríobh Píoláid teideal freisin gur chuir ar an gcrois é; ba í an
scríbhinn a bhí air, "Íosa as Nasair, Rí na nGúidach."
Mar sin léigh mórán de na Gúidaigh an teideal sin, mar ba chóngarach
don chathair é ionad chéasta Íosa; agus ó bhí sé scríofa in Eabhrais
agus i Laidin agus i nGréigis.
Dúirt ardsagairt na nGúidach le Píoláid ansin, "Ní scríobh, 'Ri na
nGúidach,' scríobh, 'Sin duine a dúirt, Is mé Rí na Gúidach."'
D'fhreagair Píoláid, "Tá a bhfuil scríofa agam scríofa."
"Nuair a bhí Íosa curtha ar chrois a chéasta ag na saighdiúdirí
ghlac siad a bhaill éadaigh go ndearna ceithre chuid díobh, cuid do
gach saighdiúir acu; agus a thuineach. Ach is tuineach gan uaim a bhí
inti, agus é fite in aon phíosa amháin ó bhun go barr;
dúirt siad lena chéile mar sin, "Ná stróicimis é, caithimis crainn
cé aige a mbeidh sé." Tharla sin leis an scríoptúr a fhíorú, "Roinn
siad mo bhaill éadaigh eatarthu, agus chaith siad crainn ar n'éadach,"
Ba é sin an ní a rinne na saighdiúirí. Ach ba iad a bhí ina seasamh
faoi chrois Íosa a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Muire bean
Chlopas, agus Muire Mhaghdaléanach.
Nuair a chonaic Íosa a mháthair, agus an deisceabal ab ansa leis ina
sheasamh ina haice, ar seisean lena mháthair, "A bhean úd, féach do
mhac."
Ar seisean ansin leis an deisceabal, "Féach i, do mháthairse." Agus
ón uair úd amach ghlac an deisceabal isteach ina theaghlach féin Í.
Bhí a fhios ag Íosa ina dhiaidh sin go raibh gach uile ni
críochnaithe aige, agus (de gheall ar an scrioptúr a fhíorú) dúirt sé,
"Tá tart orm."
Bhí soitheach lán d'fhínéagar ina sheasamh ansin; agus chuir siad
múscán lán den fhínéagar sin ar íosóip gur shín suas lena bhéalsan
é.
Nuair a bhí an fínéagar glactha ag Íosa, dúirt sé, "Tá críoch curtha
air," agus d'umhlaigh sé a cheann go dtí gur fhág an anáil é.
Ó ba í an bhigil í, sa dóigh nach bhfanfadh na coirp ar an gcrois lá
na sabóide (mar bhí an tsabóid úd ina hard- fhéile), d'iarr na Giúdaigh
ar Phíoláid a gcosa a bhriseadh agus a dtógáili as.
Mar sin tháinig na saighdiúirí gur bhris siad cosa an chéad duine
agus an dara duine a bhí a gcéasadh ina chuideachta;
ach nuair a tháinig siad chuig Íosa agus nuair a chonaic siad go
raibh sé marbh cheana, ní dhearna siad a chosa a bhriseadh.
Ach is é rud, sháigh duine de na saighdiúirí sleá ina thaobh, agus
tháinig fuil agus uisce amach ar an toirt.
"Tá fianaise tugtha ag an té a chonaic é - is fíor a fhianaise, agus
tá a dhea-fhios aige go bhfuil sé ag insint na firinne - ionas go
gcreide sibhse freisin.
Mar tharla na nithe seo ionas go bhfíorófai an scrioptúr, "Ní
bhrisfear cnámh dá chnámha."
Agus deir scrioptúr eile aris, "Amharcfaidh siad ar an té sin ar
tholl siad a thaobh."
Bhí Iósaf as Arimatía ina dheisceabal ag Íosa, ach faoi choim, le
heagla roimh na Giúdaigh. D'iarr seisean cead ar Phíoláid le corp Íosa
a ardú leis, agus thug Píoláid an cead sin dó. Tháinig sé mar sin agus
thóg sé an corp.
Tháinig Nicodémus freisin, an té sin a tháinig chuige san oíche an
chéad uair, agus meascán miorra agus aló leis a bhí tuairim is an céad
punt meáchain.
Ghlac siadsan corp Íosa, gur fhill i bhfáisceáin línéadaigh agus i
spíosraí é, de réir ghnás adhlactha na Gúidach.
Anois bhí gairdín san áit ar céasadh é, agus sa ghairdín sin bhí
tuama úrnua nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin.
Ba ansin a chuir siad corp Íosa, ó bhí an tuama i ndeas dóibh, agus
ó bhí Bigil Cháisc na Gúidach ann an lá sin.