Gàidhlig

Is Iomaí Duine ag Dia

Bunachar d’ainmneacha ar chineálacha daoine

Cuardaigh

Tá saibhreas mór sa stóras d’ainmneacha i nGaeilge ar chineálacha daoine - focail mar: “ainniseoir”, “amadán”,“ciotóg”, “cníopaire”, “dradaire”, “foltach”, “gioblachán”, “liudramán”, “lúbaire”, “óinseach”, “slibire”, “stuacán”. Mhair cuid mhór acu i mBéarla na hÉireann fiú amháin i ndiaidh don Ghaeilge imeacht ó na ceantracha.

Liz Gabay a chuir an bunachar sonraí seo le chéile ó na foinsí a leanas:

[ACD]De Bhaldraithe, Tomás. “Ainmneacha ar Chineálacha Daoine”. Béaloideas 22 (1953): 120-153.[1071 focail]
[Din]Dinneen, Patrick S. Foclóir Gaedhilge Agus Béarla.  Dublin: Irish Texts Society, 1927.[1375 focail]
[FGB]Ó Dónaill, Niall. Foclóir Gaeilge-Béarla.  Baile Átha Cliath: An Gúm, 1977.[3019 focail]
[IDD]Ó hEochaidh, Seán.  “Is Iomdha Sin Duine ag Dia”.   Béaloideas 20 (1950, 1952): 73-95.[ 406 focail]

Fuair sí tacaíocht agus comhairle ó Dennis King agus ó dhaoine eile atá páirteach i gClár Plé Dhaltaí na Gaeilge. Ba é Caoimhín Ó Donnaíle a rinne an obair ríomhaireachta.

Ag an am seo (2007-12-22), tá 5873 taifid sa bhunachar ainmneacha, ach uaireanta tá téarma istigh faoi dhó nó faoi thrí ó fhoinsí éagsúla. Tá 4773 ainmneacha “éagsúla” ann, ach arís tá cuid acu an-chosúil lena chéile - leaganacha ó cheantracha éagsúla mar shampla. Mar sin féin is iontach an líon mór atá i nGaeilge d’ainmneacha den chineáil seo.

Tá tuilleamh faisnéise sna noda agus sa chabhair.


Cuardaigh2 - Leagan nua den chuardach. (Féach cabhair2.) Is dóiche go bhfuil sé seo níos fearr - Bain trial as!

2007-12-21 CPD