Bunachar d’ainmneacha ar chineálacha daoine
Tá saibhreas mór sa stóras d’ainmneacha i nGaeilge ar chineálacha daoine - focail mar: “ainniseoir”, “amadán”,“ciotóg”, “cníopaire”, “dradaire”, “foltach”, “gioblachán”, “liudramán”, “lúbaire”, “óinseach”, “slibire”, “stuacán”. Mhair cuid mhór acu i mBéarla na hÉireann fiú amháin i ndiaidh don Ghaeilge imeacht ó na ceantracha.
Liz Gabay a chuir an bunachar sonraí seo le chéile ó na foinsí a leanas:
[ACD] | De Bhaldraithe, Tomás. “Ainmneacha ar Chineálacha Daoine”. Béaloideas 22 (1953): 120-153. | [1071 focail] |
[Din] | Dinneen, Patrick S. Foclóir Gaedhilge Agus Béarla. Dublin: Irish Texts Society, 1927. | [1375 focail] |
[FGB] | Ó Dónaill, Niall. Foclóir Gaeilge-Béarla. Baile Átha Cliath: An Gúm, 1977. | [3019 focail] |
[IDD] | Ó hEochaidh, Seán. “Is Iomdha Sin Duine ag Dia”. Béaloideas 20 (1950, 1952): 73-95. | [ 406 focail] |
Fuair sí tacaíocht agus comhairle ó Dennis King agus ó dhaoine eile atá páirteach i gClár Plé Dhaltaí na Gaeilge. Ba é Caoimhín Ó Donnaíle a rinne an obair ríomhaireachta.
Ag an am seo (2007-12-22), tá 5873 taifid sa bhunachar ainmneacha, ach uaireanta tá téarma istigh faoi dhó nó faoi thrí ó fhoinsí éagsúla. Tá 4773 ainmneacha “éagsúla” ann, ach arís tá cuid acu an-chosúil lena chéile - leaganacha ó cheantracha éagsúla mar shampla. Mar sin féin is iontach an líon mór atá i nGaeilge d’ainmneacha den chineáil seo.
Tá tuilleamh faisnéise sna noda agus sa chabhair.
Cuardaigh2 - Leagan nua den chuardach. (Féach cabhair2.) Is dóiche go bhfuil sé seo níos fearr - Bain trial as!