Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD Róraí (an) mheán oíche f. [ACD] i leagan mar ...’tú i do Róraí (an) mheán oíche’ #1, le duine a bheadh amuigh deireannach san oíche, de ghnáth
MD aineolaí f. [ACD] duine gan eolas ar obair áirithe (agus é ag plé leis an obair sin) #1
MD ainmhí f. [ACD] duine neamhscrupallach, brútaí #28 #1; duine thiúrfadh droch-íde d’ainmhí #6 #53
MD alaisceach b. [ACD] bean mhór ramhar láidir #64 #1
MD balbhán f. [ACD] duine briotach, duine a mbeadh aineamh cainte air #1
MD bambairne f. [ACD] i bhfocla mar 'Tá mé i mo bhambairne' #28, tá mé sáraithe, sáinnithe; 'Rinne sé bambairne dhom' #1, chuir sé ó chumas orm aon dul chun cinn a dhéanamh
MD bathaiseachán f. [ACD] duine mórbhathaiseach #6; duine gan stuaim #1
MD bior f. [ACD] duine caol caite #1
MD bleadrachán f. [ACD] duine mórbholgach #63; mórshách; mórchainteach #1
MD blocán f. [ACD] duine beag téagartha láidir #1
MD blocánach f. [ACD] duine beag téagartha láidir #1
MD bocaileodó f. [ACD] bocaileá (q.v.) #1
MD brín óg f. [ACD] i bhfocla mar ‘Tá sí ina brín óg aríst’ #1, tá togha na sláinte arís aici; ‘Tá sí ag breathnú in a brín óg fós’ #2, tá sí ag breathnú go hóg is go sláintiúil.
MD buinneán f. [ACD] duine láidir #4 #1; duine bheadh ag gleo #3
MD buinín f. [ACD] duine beag íseal #1
MD buta f. [ACD] feairín beag #1
MD búilleach f. [ACD] amadán, i leagan ‘Rinne sé búilleach dhaom’ #1; duine oibríos ró-dhian, i leagan mar ‘ag díona’ búilligh dhíot héin’ #1 .i. do do mharú féin ag obair, ag déanamh múille díot féin. ‘Deirtí fadó an té nach dtiúrfadh aire don scoil go mbeadh sé ina bhúilleach’ #6
MD búrlaimín f. [ACD] duine beag ramhar #1
MD caillteog b. [ACD] bean thanaí chaite; caillteachán (q.v.) de bhean #1
MD canós f. [ACD] duine gan mhaith gan chuma #1. ‘Bhí sé ina chanós ag an ól’ #1
MD caróg b. [ACD] bean bheag dhubh #1 #33
MD catach b. [ACD] bean chatach (ghruaigchasta). In ainmneacha dílse amháin úsáitear é (?), e.g. ‘Páraic na Cataí, Catach an Chéidigh’ #1
MD catóig b. [ACD] cailín catach #1
MD ceann feadhain f. [ACD] cinnire ar dhream dona #1
MD ceiribíneach f. [ACD] duine beag caite éitreorach #74, agus crotach #33; duine anshóiteach cráite, i bhfocla mar ‘Tá sé ina cheiribíneach ag an saol’ #1; Tá sé ina cheiribíneach ag an obair’ #27
MD ceirtlín b. [ACD] bean mhór ramhar #23 #1
MD ceólán f. [ACD] duine beag cainteach #1a; páiste caointeach #1a; duine cantalach clamhsánach #23; agus i bhfocla mar ‘Tá mé i mo cheolán g’oireasa codlata’ #1, tá ‘ceol’ i mo cheann....; ‘Bhí tú ’do cheolán ar feadh na hoíche’ #62, níor chodail tú ar feadh na hoíche
MD clampadóir f. [ACD] duine bheadh ag déanamh clampair, ag tarraing achrainn #1
MD clampaire f. [ACD] duine bheadh ag déanamh clampair, ag tarraing achrainn #1
MD cleasaí f. [ACD] duine glic beartach #1
MD cleiteachán f. [ACD] duine beag éadrom #1 #33
MD cleithire f. [ACD] duine ard caol #1
MD clifeartach b. [ACD] duine mór ard #1
MD clog-óinseach b. [ACD] bean gan chiall, gan stuaim #1
MD clogaide b. [ACD] duine gan bhrí, gan ghus #1. ‘Clogaide óinsí’ #6
MD clogáiste f. [ACD] duine (bean, go hiondúil) bheadh mór ramhar gan slacht, gan fuinneamh #1 #7
MD cloigis b. [ACD] clog-óinseach (q.v.) #1
MD cloigneachán f. [ACD] duine dall-intinneach #1
MD clouitéara f. [ACD] leath-amadán #7 #1; bithiúnach #6 #2
MD cluasachán f. [ACD] duine dall-intinneach, neamh-airdiúil #1
MD cláirseach b. [ACD] bean mhór leathan #1. Agus go drochmheastúil i bhfocla mar ‘Nach í an chláirseach bhradach í’ #6
MD cláiríneach f. [ACD] duine a mbeadh lúd coise (nó na gcos) caillte aige #1
MD cláróg b. [ACD] bean bheag dheá-dhéanta #7 #1
MD clíseach b. [ACD] amadán, óinseach #1, a bheadh mí-chaoithiúil #53; duine salach sraimlí #74. ‘Bhí sé in a chlíseach ann’ #6 , bhí sé ar meisce agus é ag gleó.
MD cnuastóir f. [ACD] sprionlaitheoir, duine santach chuig saibhreas #1
MD cnádaí f. [ACD] duine nach mbeadh aon bhiseach (aon fhás) faoi #1 #7
MD coeifte f. [ACD] duine caol ard gan bhrí #1
MD coinicéar f. [ACD] bean mhór mhíshlachtmhar #1 ‘Coinicéar caillí’ #3
MD comhairleach f. [ACD] duine a mbeadh comhairle nó smacht aige ar dhaoine, ceannasaí #1; duine thiúrfadh comhairle uaidh (i bhfocla ar nós ‘Marach comhairleachaí’ #6)
MD comhráití f. [ACD] duine maith chun comhráidh #1
MD comrádaí f. [ACD] compánach, duine bheadh i gcuideachta duine eile go minic #1
MD craic b. [ACD] duine aerach díchéillí #1
MD cruachán f. [ACD] duine cruaidh tanaí nach mbeadh aon bhiseach ná aon fhás faoi #1 #63
MD cruaiteachán f. [ACD] duine cruaidh gortach #1 #3
MD cruimh b. [ACD] duine sprionlaithe #1 #74
MD cruiteachán f. [ACD] duine a mbeadh cruit air #1
MD crupach b. [ACD] duine bheadh cruptha nó lúbtha (le haois) #1 ‘Crupach caillí’ seanbhean a mbeadh ‘a cloigeann is a cosa buailte ar a chéile’ #63. ‘Seanchrupach go dhuine’ #1. ‘Crupachín bheag’ #6
MD crágálaí f. [ACD] siúlaí mí-stuama, bheadh ‘ag crágáil’ #1
MD cráiteachán f. [ACD] cnuastóir, sprionlaitheóir #1; siopadóir nach dtiúrfadh an miosúr ceart uaidh #6
MD crúbachán f. [ACD] oibrí láidir garbh #1; duine ligfeadh do rud titim uaidh #4; duine místuama as a lámha #6
MD crúbaire f. [ACD] duine mórchrúbach #1; crúbachán (q.v.) #6 #64
MD crúbálaí f. [ACD] oibrí láidir garbh; duine ligfeadh do rud titim uaidh; duine místuama as a lámha #1
MD crúcálaí f. [ACD] duine bheadh ag spochadh le duine lena chrúca #1; fear mór le obair gharbh throm #2. ‘Crúcálaí mór leis an saol é’ #3, le duine bheadh ar a dhícheall ag iarraidh a bheatha a shaothrú
MD crústa f. [ACD] fear cruaidh láidir ‘B’ait an crústa go (de) bhuachaill é’ #1
MD cuachaín b. [ACD] cailín beag ríméadach feistithe a mbeadh an-mheas aici uirthi féin #1 #74
MD cuaille f. [ACD] duine mór tanaí; duine mór tanaí leisciúil #1. ‘Cuaille cisteanaí’, duine díomhaoin i gcisteanach #3 #6
MD cuairsce b. [ACD] bean mhíphointeáilte, mhístuama #1; bean mhór dhíomhaoineach #62; fear mór gránna stuacach gruama #33
MD cuigealach b. [ACD] sraoill de bhean gan mórán céille #1
MD cuileachán f. [ACD] duine mbeadh gruag aimhréiteach air #1
MD cáinteoir f. [ACD] duine bheadh tugtha don cháineadh #1 #63
MD cáireachán f. [ACD] duine a mbeadh cáir nó straois gháirí air #1
MD cáit b. [ACD] i bhfocla mar ‘Tá sé ina cháit’ #7 .i. tá sé ina amadán; ‘Bhí sé ina cháit le rabh ólta aige’ #1
MD daigéad f. [ACD] duine mór láidir #1
MD deabhlánach f. [ACD] bithiúnach #1
MD deóraí f. [ACD] duine nó gasúr beag lag éitreorach #1
MD dradaire f. [ACD] duine ró-chainteach, gan mórán céille #1
MD fidl-feaidl f. [ACD] duine beag suarach #1
MD filí f. [ACD] feannadóir (q.v.) maith #1 #6
MD filíodóir f. [ACD] feannadóir (q.v.) maith #1
MD fleascach f. [ACD] cladhaire #1; duine bheadh ag iarraidh gníomh a dhéanamh agus a chlisfeadh #3 #6; duine a loicfeadh roimh obair #4
MD fuipstar f. [ACD] bean dhrochmhúinte #17 #1; cailín óg aerach #6
MD gaotaire f. [ACD] duine baothchainteach (a bheadh ag gáirí gan chúis) #1
MD gastaire f. [ACD] duine abartha mímhúinte cabach #1
MD geabsaire f. [ACD] duine óg mbeadh go leor cainte mímhúinte aige; cabaire (q.v.) #1
MD geaimleálaí f. [ACD] ‘gambler’ #1
MD geaspaire f. [ACD] duine óg mbeadh go leor cainte mímhúinte aige; cabaire (q.v.) #1
MD gibide f. [ACD] duine (óg) bheadh ag gibideacht nó ag scillige cainte, cabaire (q.v.) #1 #63
MD géagachán f. [ACD] fear mórghéagach mórchnámhach láidir #1; fear mór caite corrchnámhach #6
MD leadóg b. [ACD] duine mór leathan #1
MD leathbhoicín f. [ACD] leathbhoc mór (buachaill siopa, cléireach, etc.) #1
MD liabhán gréine f. [ACD] i bhfocla mar ‘Bhí sé ina liabhán gréine’, bhí sé ina luí siar ag déanamh bolg le gréin #1
MD liopaire f. [ACD] duine mórliopach; duine a mbeadh go leor cainte seafóidí ar bun aige #1
MD liúdramán f. [ACD] leisceoir #1
MD mucaire f. [ACD] ablálaí, duine nach gcuirfeadh aon tslacht ar a chuid oibre #1
MD muicealach b. [ACD] mucaire (q.v) #30 #1; duine salach meisciúil #3
MD muicearlach b. [ACD] mucaire (q.v.) #30 #1; duine salach meisciúil #3
MD mútrálaí f. [ACD] duine bheadh ag útamáil thart, ag útamáil le obair#1 #64
MD mútálaí f. [ACD] duine bheadh ag útamáil thart, ag útamáil le obair #1
MD piar f. [ACD] duine mór dea-ghléasta dea-shnuach #7 #1
MD plubrachán f. [ACD] duine bog ramhar, go háirithe as a éadan #1
MD plucachán f. [ACD] duine, nó páiste ramhar as a phluca #1
MD plíoma f. [ACD] duine mór trom #1
MD praiseachán f. [ACD] duine dhéanfadh praiseach d’obair #1
MD pruisleachán f. [ACD] praiseachán (q.v.) #1; duine (go háirithe gasúr) a mbeadh pruislíní leis #6
MD prúntach b. [ACD] bean ramhar #1
MD puic b. [ACD] duine mór ramhar #3 #1; boc mór #74; ‘Puiceannaí móra’, daoine saibhre #6
MD páin b. [ACD] duine mór ramhar #1 #3
MD páirtí f. [ACD] páirtnéir, comhoibrí #1
MD raimleálaí f. [ACD] duine bheadh ag imeacht thart ag ól is ag spraoi #1
MD rata f. [ACD] duine an-mhór #1 #3
MD ridire f. [ACD] duine a mbeadh go leor eallach aige; duine saibhir #6; ‘Ridire caorach’ #1, fear mór caorach
MD righneadóir f. [ACD] duine mall righin #1
MD ruip b. [ACD] ‘rip’, bean choilgneach achrannach mhailíseach #1
MD ráibéad f. [ACD] duine mór #1
MD rógaire f. [ACD] ‘rogue’ #1
MD rúisc b. [ACD] duine mór ramhar #1 #4 #74
MD sceanadóir f. [ACD] duine achrannach #1
MD scivear f. [ACD] bean chainteach dhrochmhúinte achrannach #1; ‘Scivear na siopaí’ #4, fear bheadh á chur chuig na siopaí i gcoinne teachtaireachtaí
MD sclaibéara f. [ACD] claibéara (q.v.) #23 #1
MD sclamhaire f. [ACD] duine mórghoileach #23 #6; duine achrannach gleoiréiseach cainteach #1
MD scluigéara f. [ACD] fear mór óil #1; duine bheadh ag sglugaíl gháirí (gáire bog go minic aige); duine ro-chainteach #6 #4
MD sclábhaí f. [ACD] fear a mbeadh obair throm air; fear oibre gan ceird #1
MD sclíotar f. [ACD] bithiúnach óil agus achrainn; fear cainteach míchaoiúil; súdaire thiocfadh chuig áit gan cuireadh #1 #3
MD sclíteach f. [ACD] bithiúnach óil agus achrainn; fear cainteach míchaoiúil; súdaire thiocfadh chuig áit gan cuireadh #1
MD sclítéara f. [ACD] bithiúnach óil agus achrainn; fear cainteach míchaoiúil; súdaire thiocfadh chuig áit gan cuireadh #1
MD scoirnéalach f. [ACD] duine mór scolbánta cnámhach #1 #63
MD scódaí f. [ACD] duine bheadh ‘ligthe leis féin’, duine ainshrianta mínósach #1
MD seafóidín b. [ACD] duine (go háirithe bean) gan chiall #4 #1
MD seifide f. [ACD] duine beag lag #1
MD siulrachán f. [ACD] páiste nó duine beag lag #1 #3
MD slatfhear f. [ACD] fear bheadh réasúnta ard is nach mbeadh trom #1
MD sliasardán f. [ACD] duine místuama tromchosach fadchosach leisciúil; amadán #1
MD sliútrachán f. [ACD] duine mbeadh bróga móra liobarsacha air, a tharraingeodh a chosa ina dhiaidh sa siúl #1
MD smearachán f. [ACD] duine smeartha salach #1
MD snágaí f. [ACD] duine mall leisciúil gan bhrí #1; duine beag lag tanaí #62 #6
MD spiacán f. [ACD] duine ard tanaí #4 #7 #1
MD splincéara f. [ACD] duine caoch #1 #4
MD spogán f. [ACD] duine bog beathaithe #1 #4; duine caoch #50
MD spágálaí f. [ACD] duine a mbeadh spága nó cosa mór liobarsach aige, agus shiúilfeadh go spágach místuama (Déarfaí é le duine sheasfadh ar chois ar dhuine eile) #1
MD spágán f. [ACD] duine a mbeadh spága nó cosa mór liobarsach aige, agus shiúilfeadh go spágach místuama #1; (Déarfaí é le duine sheasfadh ar chois ar dhuine eile)
MD sraoill b. [ACD] duine salach míphointeáilte #1
MD strabhsachán f. [ACD] duine a mbeadh fiacla strabhsacha (scagacha) aige #1; duine a mbeadh strabhas (straois, cáir) gáirí go minic air #6
MD strúán f. [ACD] seanduine gan lúd gan láthair#1 #7; Thiúrfá freisin ar thincéir é, nó ar dhuine d’fhanfadh ró-fhada ar cuairt agat #6
MD sumach f. [ACD] páiste trom ramhar (ó bheadh sé leithbhliain amach) #23 #1
MD sumachán f. [ACD] páiste trom ramhar (ó bheadh sé leithbhliain amach) #1
MD suísteog b. [ACD] bean bheag leathan #4 #1
MD séacla f. [ACD] duine beag lag caite #1
MD séitéara f. [ACD] duine dhéanfadh séitéaracht (caimiléaracht) ag cluiche #1
MD súm-sám f. [ACD] duine réidh socair bog #1
MD tuimpéara f. [ACD] duine bheadh ag imeacht leis ó áit go háit ar thóir spraoi #1; duine bheadh ag imeacht roimhe is a cheann faoi aige #7 #6
MD ógánach f. [ACD] cleasaí, buachaill báire #1
MD óinseach b. [ACD] bean gan chiall #1
2022-12-04 CPD