Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD ailpéara f. [ACD] duine santach, amplach #13 #10
MD aisiléara f. [ACD] duine cam cleasach #4, bréagach breithghreamannach #3 #10
MD anglóir f. [ACD] duine cantalach #10 #28
MD anrachán f. [ACD] duine santach amplach #10 #5
MD blaoscánach f. [ACD] duine a mbeadh cloigeann mór dearg feolmhar air #74; leath-amadán #10
MD bliteog b. [ACD] bean shlíoctha phointeáilte #3 #10; súdaire #33
MD bolgadán f. [ACD] duine beag mórbholgach #74 #10
MD claibéara f. [ACD] duine ró-chainteach #7 #10
MD cruibijeálaí f. [ACD] duine bheadh ag bailiú gach uile shórt chuige féin, idir chuid na comharsan is a chuid féin #10
MD cráiteog b. [ACD] cráiteachán (q.v.) mná #3 #10
MD gligear f. [ACD] duine beag lag meath-thinn #6 #63; duine sothógtha sochorraithe #6; duine gan éirim #10
MD leadhbaire f. [ACD] duine gan mheabhair, amadán #3 #10
MD leisceadóir f. [ACD] duine leisciúil #33 #10
MD liúdránaí f. [ACD] leisceoir #10 #74
MD meadhróg b. [ACD] cailín beag éadrom aerach #6 #62 #10
MD méaróg b. [ACD] cailín beag pointeáilte #3 #10
MD peilséar f. [ACD] duine beag lag éitreorach #10
MD righteachán f. [ACD] fear beag mórbholgach #63 #10
MD rístéalach f. [ACD] duine leisciúil #10
MD scouilléara f. [ACD] duine bheadh ag sciolladh, ag tabhairt íde béil do dhuine, nó ag cúlchaint air #10 #33
MD slabaire f. [ACD] duine místuama ag obair le abhar fliuch; duine bheadh ag slabáil nó ag spágáil in uisce #10
MD slabálaí f. [ACD] duine místuama ag obair le abhar fliuch; duine bheadh ag slabáil nó ag spágáil in uisce#33 #10
MD slabóig b. [ACD] slabálái (q.v.) de bhean #33 #10
MD stróinse f. [ACD] duine mór láidir #6; duine díomhaoineach #6 #10
MD tónacán f. [ACD] duine beag beathaithe gan mórán brí #10 #6; páiste trom ramhar #6; bean ghearrchosach mhallshiúlach #6 #66
2022-12-04 CPD