| ailpéara | f. | [ACD] | duine santach, amplach #13 #10 | |
| anglán | f. | [ACD] | duine cantalach #6 #13 | |
| ball séire | f. | [ACD] | duine a mbeadh an donas, an mí-ádh is an drochthoradh ar gach a mbainfeadh leis #13 #4 ; agus i bhfocla mar ‘Tá mé i mo bhall séire’ #6, tá mé sáraithe (ag obair, ag duine) | |
| bathae | f. | [ACD] | i bhfocla mar 'Rinne sé bathae dhíom' #13, rinne sé staic mhagaidh díom | |
| creagaire | f. | [ACD] | duine cruaidh gortach, sprionlaitheóir #13 #23 | |
| draíodóir | f. | [ACD] | fear (bean) draíochta #6 #33; duine bheadh in ann imirt ort #2 #13 | |
| maistín | f. | [ACD] | duine (bean, go háirithe) bheadh achrannach gangaideach #13 #17 | |
| piteog | b. | [ACD] | fear nó buachaill a mbeadh spéis aige i gcúrsaí bhainfeadh le mná, a dhéanfadh obair mná, bheadh in éineacht le mná de ghnáth #13 #4 | |
| pleibear | f. | [ACD] | leath-amadán; duine salach gioblach #12 #13 | |
| rúscaire | f. | [ACD] | duine mór láidir; pinsinéara mór láidir; rúpálaí (q.v.) #23 #13 | |
| sail | b. | [ACD] | fear mór láidir #13 #63 | |
| sreaimleachán | f. | [ACD] | duine salach gliobach gioblach #6 #13 |