| bladaire | f. | [ACD] | duine plámásach #6 #1a | |
| bleaistéara | f. | [ACD] | fear mórbholgach #1a | |
| bocaí báire | f. | [ACD] | cleasaí, buachaill báire #6 #1a | |
| bodalach óinsí | f. | [ACD] | #1a bean láidir mhístuama theasaí; bean bheadh ag déanamh obair fir (déarfadh seanmhná é le cailín bheadh ag caitheamh toitíní #74) | |
| bodhránach | f. | [ACD] | duine bodhar; duine nach dtuigfeadh an rud a déarfaí leis #1a | |
| boglachán | f. | [ACD] | duine bog ramhar #1a #74 | |
| bolgán béice | f. | [ACD] | i bhfocla mar ‘Rinne sé bolgán béice dhó’, rinne sé amadán, bambairne de #1a | |
| bruachán | f. | [ACD] | duine beag láidir leathan #1a #74 | |
| brúitín | f. | [ACD] | duine beag beathaithe #1a #4 | |
| bícéad | f. | [ACD] | duine caol ard #1a | |
| búrla | f. | [ACD] | duine mór ramhar #6; duine dorcha drochmhúinte tostach #6. ‘Nach é an búrla bodaigh é’ #1a, le duine drochmhúinte | |
| caochadóir | f. | [ACD] | duine nach n-éireodh leis an rud bheadh sé a thóraíocht a fheiceáil #1a | |
| ceólán | f. | [ACD] | duine beag cainteach #1a; páiste caointeach #1a; duine cantalach clamhsánach #23; agus i bhfocla mar ‘Tá mé i mo cheolán g’oireasa codlata’ #1, tá ‘ceol’ i mo cheann....; ‘Bhí tú ’do cheolán ar feadh na hoíche’ #62, níor chodail tú ar feadh na hoíche | |
| ciomachán | f. | [ACD] | duine gioblach sraoilleach #1a | |
| claiséara | f. | [ACD] | duine ramhar mórthónach #1a | |
| cocaire | f. | [ACD] | duine deá-chainteach mímhúinte aisfhreagrach #1a | |
| cruaidh-bhodach | f. | [ACD] | fear cruaidh láidir #1a | |
| flapóig | b. | [ACD] | beainín bheag leathan (a mbeadh siúl na lachan aici) #6 #1a Cf. lapóig | |
| leaicstar | f. | [ACD] | leadaí (q.v.); duine díomhaoin bheadh ag imeacht ar thóir spraoi #1a | |
| losadóir | f. | [ACD] | duine glic leisciúil a bheadh i riocht éaló as obair #1a | |
| néigear | f. | [ACD] | duine gortach, cnuastóir #1a | |
| pabhsae | f. | [ACD] | bean bhreá shlachtmhar #1a | |
| piodarlán | f. | [ACD] | gasúr beag #1a #74 | |
| plaitíneach | f. | [ACD] | duine platach #1a | |
| plubais | b. | [ACD] | duine ramhar bog (go háirithe as a éadan); duine a labhairfeadh go bog míshoiléar #3 #1a | |
| plástar | f. | [ACD] | duine mór ramhar #1a | |
| práisiléad | f. | [ACD] | duine místuama míchaoiúil #3 #56; sraoill #63; duine mór ramhar gan fuinneamh #1a; duine mídhéanta míshlachtmhar #74 | |
| páiméad | f. | [ACD] | duine an-mhór #1a | |
| scúnar | f. | [ACD] | bean mhór #1a | |
| siúin sincín | f. | [ACD] | i leagan mar ‘rinne sé siúin sincín dhó féin’ #1a, thuirsigh sé go mór é féin | |
| sleaingear | f. | [ACD] | duine a mbeadh siúl cam míchothrom aige #1a; duine ard tanaí cam #7 | |
| úis | b. | [ACD] | duine salach sraoillí chuirfeadh déistean ort #4 #7; oibrí místuama neamhchríochnúil #1a |