Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD alpaire f. [ACD] duine santach, amplach #2
MD ardcheann f. [ACD] duine gan chiall; cinnire ar dhrochdhream #6 #2
MD blaomaire f. [ACD] duine cainteach maoiteach, bladhmannach #2
MD boc báire f. [ACD] duine óg ámhailleach #2 #6
MD bodachán f. [ACD] duine mór láidir; duine mímhúinte gangaideach urchóideach #2 #74
MD bodalach f. [ACD] duine cantalach teasaí #2
MD bodhrachán f. [ACD] duine bodhar; duine nach dtuigfeadh an rud a déarfaí leis #2 #4
MD bramaire f. [ACD] duine láidir #2
MD breilleachán f. [ACD] duine salach gioblach; duine baothchainteach #4 #2; Deirtear freisin ‘A bhreilleacháin!’ le gasúr contráilte #6
MD briogaill b. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh nimhneach gangaideach, mailíseach #6 #2
MD briotachán f. [ACD] duine briotach #2
MD brocachán f. [ACD] duine salach #2 #74
MD brocais b. [ACD] duine salach #3 #2 #6
MD broicleach b. [ACD] duine mór ramhar #2 #6 #17
MD bromach f. [ACD] fear an-láidir #2
MD bruasachán f. [ACD] duine ramharbheolach #2 #6
MD brín óg f. [ACD] i bhfocla mar ‘Tá sí ina brín óg aríst’ #1, tá togha na sláinte arís aici; ‘Tá sí ag breathnú in a brín óg fós’ #2, tá sí ag breathnú go hóg is go sláintiúil.
MD brúiscéara f. [ACD] duine tostach drochmhúinte míchuntanósach #6 #2 #74
MD buinghiota f. [ACD] duine beag #2 #63
MD bumbailéara f. [ACD] duine ramhar #2 #27
MD béar f. [ACD] duine garbh fiáin #2
MD béiceachán f. [ACD] duine a bheadh ag béiceach, páiste caointeach #2
MD clouitéara f. [ACD] leath-amadán #7 #1; bithiúnach #6 #2
MD cluanaí f. [ACD] mealltóir ban #2 #63; duine mealltach bréagach cealgach #28; duine bheadh ag guairdeall thart ag faire ar a dheis le rud a ghoid #3 #6; fear oibre chuirfeadh dalla-mullóg ar an bhfear bheadh as a chionn #74
MD cneamhaire f. [ACD] duine mí-ionraic #4 #2
MD coirb b. [ACD] duine ard cam #2 #7 ‘Coirb caillí’ #74
MD crúcálaí f. [ACD] duine bheadh ag spochadh le duine lena chrúca #1; fear mór le obair gharbh throm #2. ‘Crúcálaí mór leis an saol é’ #3, le duine bheadh ar a dhícheall ag iarraidh a bheatha a shaothrú
MD damh f. [ACD] duine an-ramhar #2 #3
MD draíodóir f. [ACD] fear (bean) draíochta #6 #33; duine bheadh in ann imirt ort #2 #13
MD eiriceach f. [ACD] duine gan scruball, duine fealltach #4 #2
MD fluscaí f. [ACD] duine bheadh ag caint go gaisciúil #2
MD gairmneach b. [ACD] bean mhór láidir fhíáin dhrochmhúinte #2 #23 #7; óinseach mhór #6 #23
MD glafaire f. [ACD] duine cainteach ardghlórach #2 #6
MD gligrachán f. [ACD] gligear (q.v.) #6; duine cainteach cantalach #2
MD gliúrach b. [ACD] duine mór ramhar mórbholgach #3 #2
MD gruaiméara f. [ACD] duine gruama #7 #2 #6
MD géimstar f. [ACD] duine aerach spraoiúil #2 #6
MD géinneach f. [ACD] fear mór láidir #7 #2
MD gíománach f. [ACD] fear mór ard #2 #37, cam #63
MD leathcheann f. [ACD] leathamadán #2
MD leathleibide f. [ACD] leathamadán #2
MD lúán f. [ACD] duine an-ramhar #2 #6 #33
MD moilleadóir f. [ACD] duine mall ag obair, ag siúl #2 #6
MD nuta f. [ACD] fear beag íseal #2
MD pleib f. [ACD] leath-amadán #2; duine dhéanfadh praiseach d’obair #6; duine fliuch salach #33 #6
MD pleóitéara f. [ACD] amadán tútach #6 #2
MD pídéalach f. [ACD] fear caol ard #7 #2 #6
MD scouitéara f. [ACD] bithiúnach #2 #6 #74
MD scraimíneach f. [ACD] duine beag éadrom cam #2 #23
MD scraitheachán f. [ACD] duine mór ramhar gan mórán brí sna cosa aige #4 #2
MD sifil b. [ACD] duine éadrom díchéilli; duine seafóideach síorchainteach #2 #6
MD slíbrí f. [ACD] duine sleamchúiseach ag obair; duine chaillfeadh rudaí as a phóca #6 #2
MD spriosánach f. [ACD] duine fada caol #2 #74 #66
MD spígearlach f. [ACD] duine caol ard #2 #6 #74
MD stoeice f. [ACD] duine caol ard; duine bheadh ina sheasamh suas díreach (in áit fheiceálach) #2 #63 (i bhfocla mar ‘Bhí sé ina stoeice ar an gcnocán’ #6)
MD stráic b. [ACD] duine a mbeadh éadach stróicthe air #6 #2
MD suísteáinín f. [ACD] duine beag leathan #2
MD truiceadóir f. [ACD] duine glic cleasach #2 #27
MD truicí f. [ACD] duine glic cleasach #2 #22
MD uascán f. [ACD] duine nó gasúr bheadh trom #6 #2
2022-12-04 CPD