| amadán iarainn | f. | [ACD] | duine glic ligeas amadántaíocht air féin #23 | |
| amaid | b. | [ACD] | sraoill de bhean #4 #23 | |
| bocaí | f. | [ACD] | cleasaí, buachaill báire #23 #4 | |
| bollscaire | f. | [ACD] | duine gaisgiúil gan aon chur leis #23; duine gan gus, gan fios a labhartha aige #63; duine glic #6 | |
| brionglán | f. | [ACD] | duine caol ard #23 | |
| bromachán | f. | [ACD] | duine mór ramhar; gasúr ramhar #23 #62 | |
| bró | b. | [ACD] | duine ramhar téagartha #23 #4 | |
| bunastán | f. | [ACD] | duine láidir daingean #23 #62 | |
| béinneach | f. | [ACD] | fear mór trom #3 #23 | |
| búrlamán | f. | [ACD] | duine mór ramhar #6; duine gan ghus #23 | |
| caimiléara | f. | [ACD] | duine mí-ionraic #23 | |
| carachán | f. | [ACD] | duine beag gan aon bhiseach faoi #23 #6 | |
| ceirtlín | b. | [ACD] | bean mhór ramhar #23 #1 | |
| ceólán | f. | [ACD] | duine beag cainteach #1a; páiste caointeach #1a; duine cantalach clamhsánach #23; agus i bhfocla mar ‘Tá mé i mo cheolán g’oireasa codlata’ #1, tá ‘ceol’ i mo cheann....; ‘Bhí tú ’do cheolán ar feadh na hoíche’ #62, níor chodail tú ar feadh na hoíche | |
| cimleachán | f. | [ACD] | duinín beag suarach lag #23 #6 | |
| cliobaire | f. | [ACD] | fear mór ard láidir #23 #4 | |
| codaí | f. | [ACD] | duine socair sásta gan bhrí gan mhothú, nach mbeadh aon dul chun cinn ann #23 #28 #6 | |
| conán | f. | [ACD] | fear réidh socair sásta #6 #23 | |
| corúisc | b. | [ACD] | bean mhór láidir #4; bean dhúr gan súáilceas #23 | |
| craibeadán | f. | [ACD] | duine beag suarach nach mbeadh aon bhiseach faoi #25 #23 | |
| creagaire | f. | [ACD] | duine cruaidh gortach, sprionlaitheóir #13 #23 | |
| crochadóir | f. | [ACD] | bithiúnach #7 #23 | |
| cáfall | f. | [ACD] | bean mhór ramhar #33; duine réidhchúiseach #23. ‘Cáfall bocht ré’ #23 | |
| foránach | f. | [ACD] | fear óg láidir #6 #23 | |
| gairmneach | b. | [ACD] | bean mhór láidir fhíáin dhrochmhúinte #2 #23 #7; óinseach mhór #6 #23 | |
| gleacaíodóir | f. | [ACD] | cleasaí glic #23 #64 | |
| grabaire | f. | [ACD] | gasúr, tuairim cheithre nó chúig bhliana déag d’aois, a mbeadh go leor eolais aige, dar leis féin, agus bheadh fiosrach, cainteach #6 #23 #3 | |
| gráiscín | f. | [ACD] | duine gáirsiúil #23 #63 | |
| leannán | f. | [ACD] | i bhfocla mar ‘Nach thú an leannán !’ #61 #62 nach thú an peata!, focal déarfaí le páiste. ‘Sean-leannán liom é’ #23, seanchara liom é | |
| leiciméara | f. | [ACD] | duine díomhaoin glic, ligeas díth céille nó símplíocht air féin #6 #23 | |
| leidhce | f. | [ACD] | duine gan chiall gan tuiscint #53 #23 | |
| mairtíneach | f. | [ACD] | duine nach bhfuil lúth na gcos aige #23 #6 | |
| plubaire | f. | [ACD] | duine ramhar bog (go háirithe as a éadan) #6 #3 ; duine a labhairfeadh go bog míshoiléar #23 #7 | |
| pruiclíneach | f. | [ACD] | duine beag beathaithe #23 #33 #4 (Ainm drochmheastúil é) | |
| raibiléara | f. | [ACD] | duine droch-mhúinte taghdach #6; bean dhéanfadh stríopachas corr-uair #23 #63 | |
| ruacán | f. | [ACD] | seanduine mbeadh a chuid maitheasa ar iarraidh #7 #23 | |
| rálach | b. | [ACD] | stríopach; bean chantalach dhrochmhúinte #23 #62 | |
| ránaí | f. | [ACD] | duine righin díomhaoin #64 #4 #23 | |
| ríste | f. | [ACD] | duine leisciúil #23 #6 | |
| rúpálaí | f. | [ACD] | oibrí tréan láidir (go háirithe ag obair throm) #23 #6 #74 | |
| rúscaire | f. | [ACD] | duine mór láidir; pinsinéara mór láidir; rúpálaí (q.v.) #23 #13 | |
| saothraíoch | f. | [ACD] | oibrí (maith) #23 | |
| scearachán | f. | [ACD] | duine suarach lag truaillithe #23 #63 | |
| sclaibéara | f. | [ACD] | claibéara (q.v.) #23 #1 | |
| sclamhaire | f. | [ACD] | duine mórghoileach #23 #6; duine achrannach gleoiréiseach cainteach #1 | |
| scluit | b. | [ACD] | duine tanaí ‘folamh’ a bheadh i gcónaí ag iarraidh rud le n-ithe #63 #23 | |
| scológ | b. | [ACD] | fear óg pointeáilte gléasta cruaidh #23 #4 #63; oibrí maith #33 | |
| scraimíneach | f. | [ACD] | duine beag éadrom cam #2 #23 | |
| scramaire | f. | [ACD] | fear mór ard cam #23 #33 | |
| scrataí | f. | [ACD] | fear mór leisciúil #64 #6; ‘Scrataí na luaithe’ #23, leadaí na luaithe (q.v.) | |
| scubaid | b. | [ACD] | bean óg dhána mbeadh an-mheas aici uirthi féin #23 #6 | |
| scólachán | f. | [ACD] | duine beag tanaí #23 #39 | |
| slamóigín | b. | [ACD] | beainín bheag #23 #6, gan tslacht #62 | |
| sliseog | b. | [ACD] | bean dheas éadrom #23 #74 | |
| slosóigín | b. | [ACD] | bean dheá-dhéanta shlachtmhar nach mbeadh ró-mhór #6 #23 | |
| slíomóg | b. | [ACD] | bean dheas chruaidh fháiscthe, nach mbeadh ró-mhór #6 #5 #23 | |
| sneadhchán | f. | [ACD] | duine a mbeadh sneadha ina chuid gruaige #23; duine beag lag caite #6 | |
| soláthraí | f. | [ACD] | duine dhéanfadh soláthar (maith) #23 #33 | |
| stainníneach | f. | [ACD] | duine beag #6, beag postúil #23 | |
| streilleachán | f. | [ACD] | duine a mbeadh streille (straois, cáir) gháirí nó chaoineacháin go minic air #7 #23 | |
| strúiméad | f. | [ACD] | duine leisciúil #23 #4 | |
| stuipéad | f. | [ACD] | duine beathaithe leathan #6 #23 | |
| suachmán | f. | [ACD] | duine nó páiste bheadh bog ramhar #23 #62 | |
| suaróg | b. | [ACD] | cailín díchéillí gan intinn ar bith dí féin aici #23 #3 | |
| suib | b. | [ACD] | cailín deas óg #23 #34 | |
| sumach | f. | [ACD] | páiste trom ramhar (ó bheadh sé leithbhliain amach) #23 #1 | |
| sínnéalach | f. | [ACD] | fear mór ard#4 #23 #62 | |
| sínéalach | f. | [ACD] | fear mór ard #4 #23 #62 | |
| súiste | f. | [ACD] | duine leisciúil tromchosach #6 #23 | |
| taisí | f. | [ACD] | táiseachán (q.v.) #23 #33 | |
| tiachóg | b. | [ACD] | duine (go háirithe bean) bheadh beag beathaithe #23 #4 | |
| ágóid | b. | [ACD] | duine (bean go háirithe) bheadh gangaideach drochmhúinte #7 #6 #23; bean chruaidh ghortach #3 #62 |