| abarlach | b. | [ACD] | sraoill mná #4 #27 | |
| ancaire | b. | [ACD] | fear mór láidir daingean #27 | |
| arc | f. | [ACD] | duine beag suarach #27 #6 | |
| arc nimhe | f. | [ACD] | duine coilgneach achrannach mioscaiseach; drochdhuine #27 | |
| boicín | f. | [ACD] | leath-dhuine uasal; duine bheadh ag iarraidh bheith ina bhoc mór (q.v.); duine leitheadach postúil #3 #27; ‘Boicíní daoine uaisle’ #6 | |
| bribeálaí | f. | [ACD] | duine thugas bríob (breab) uaidh #6 #27 | |
| briogóid | b. | [ACD] | duine (go háirithe bean) bheadh nimhneach gangaideach, mailíseach #7 #27 | |
| bumbailéara | f. | [ACD] | duine ramhar #2 #27 | |
| caimearán | f. | [ACD] | duine fada cam #3 #27 | |
| caiteachán | f. | [ACD] | duine caite tanaí #27 #6 | |
| ceiribíneach | f. | [ACD] | duine beag caite éitreorach #74, agus crotach #33; duine anshóiteach cráite, i bhfocla mar ‘Tá sé ina cheiribíneach ag an saol’ #1; Tá sé ina cheiribíneach ag an obair’ #27 | |
| glasbhoicín | f. | [ACD] | duine bheadh beagán níos fearr as ná an gnáthoibrí, ar nós cléirigh, nó buachaill siopa #27 | |
| peáitse | f. | [ACD] | teachtaire óg; gasúr ag imeacht in éineacht le duine fásta #33 #27 | |
| slípear | f. | [ACD] | bean mhór chaol #6 #27 | |
| smuigiléara | f. | [ACD] | duine bheadh ag imeacht leis ó áit go háit, agus é ag cabaireacht chainte #6 #73; bithiúnach #27; duine a mbeadh pislíní leis, nó uisce lena shúile #33 | |
| streabóid | b. | [ACD] | cailín dána cainteach mímhúinte #27 #6 | |
| truiceadóir | f. | [ACD] | duine glic cleasach #2 #27 | |
| truiceálaí | f. | [ACD] | duine glic cleasach #6 #27 | |
| tuaifisc | b. | [ACD] | duine (go háirithe bean) a mbuailfeadh taomanna cantail is drochmhúnadh é #6 #27 |