Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD ainle b. [ACD] gasúr mífholláin cantalach caointeach #3
MD aisiléara f. [ACD] duine cam cleasach #4, bréagach breithghreamannach #3 #10
MD bacachán f. [ACD] duine bacach #6 #3
MD beadaí f. [ACD] duine a mbeadh dúil aige i mbia milis, nó i mbia ar leith #26 #3
MD bior in aon tsúil f. [ACD] duine aonraic clainne, duine aonraic cúnta #3
MD bitseach b. [ACD] drochbhean, bean mhínáireach #3
MD bleitheachán f. [ACD] duine mór ramhar; duine mórshách #3
MD bliteog b. [ACD] bean shlíoctha phointeáilte #3 #10; súdaire #33
MD boc f. [ACD] cleasaí, rógaire, duine mí-ádhsach #3
MD bogarlach b. [ACD] bean bhog ramhar #3 #50
MD bograchán f. [ACD] duine bog ramhar #3
MD boicín f. [ACD] leath-dhuine uasal; duine bheadh ag iarraidh bheith ina bhoc mór (q.v.); duine leitheadach postúil #3 #27; ‘Boicíní daoine uaisle’ #6
MD bollaire f. [ACD] duine bheadh ag gleo is ag béiceach #3 #6
MD bolmán f. [ACD] duine ramhar trom #3 #6; duine cainteach ardghlórach seafóideach #3 #74
MD breoille f. [ACD] leisceoir #62; fear smeartha pislíneach #3; duine gan cuibheas #74; duine bheadh nochtaithe nó ionann agus nochtaithe #33. Focla drochmheastúla neamhchruinne iad seo: ‘Maran tú an breoille! #4’ Nach é an breoille againn é! #6
MD briotaire f. [ACD] duine briotach #3
MD brocais b. [ACD] duine salach #3 #2 #6
MD bruiclíneach f. [ACD] duine beag beathaithe pointeáilte #6 #3; duine dea-dhéanta, díreach, leathanghuailleach #33
MD bruilíneach f. [ACD] duine beag dea-ghléasta a mbeadh a dhóthain feola air is cuma an tsaibhris air #3; duine ramhar #63
MD bréagachán f. [ACD] duine bréagach #3
MD buinneán f. [ACD] duine láidir #4 #1; duine bheadh ag gleo #3
MD béasach b. [ACD] ógbhean phointeáilte thaitneamhach #74; cailín beag deas #3
MD béinneach f. [ACD] fear mór trom #3 #23
MD búiste f. [ACD] duine dorcha (tostach rúnmhar) drochmhúinte #3
MD búrlamán béice f. [ACD] i leagan mar ‘Rinne sé búrlamán béice dhó héin’ #3 .i. d’ith sé an iomarca
MD caimearán f. [ACD] duine fada cam #3 #27
MD camán luaithe f. [ACD] duine bheadh ina shuí gar don tine (go minic) i bhfocla mar ‘Nach bhfuil sé ‘na chamán luaithe ansin i gcónaí’ #74 #3. ‘Ná bí ‘do chamán luaithe ansin’ #8
MD caora b. [ACD] i bhfocla mar ‘Bhí sé ina chaora le ól’ #3, bhí sé dallta ar meisce
MD ceaigín f. [ACD] duinín beag beathaithe #3
MD ceithearnach f. [ACD] fear mór láidir cnámhach #6 #3 #63
MD clifeálaí f. [ACD] duine bheadh ag clifeáil rudaí (ag coinneáil rudaí nár leis), ag mionghadaíocht #6 #66 #3
MD cloustar f. [ACD] duine nach mbeadh a chuid éadaí fáiscthe air #3; gasúr gan tuiscint #6
MD cluanaí f. [ACD] mealltóir ban #2 #63; duine mealltach bréagach cealgach #28; duine bheadh ag guairdeall thart ag faire ar a dheis le rud a ghoid #3 #6; fear oibre chuirfeadh dalla-mullóg ar an bhfear bheadh as a chionn #74
MD coinicéar f. [ACD] bean mhór mhíshlachtmhar #1 ‘Coinicéar caillí’ #3
MD collach f. [ACD] fear mór garbh #7; fear (meisce) gáirsiúil #3
MD confairt b. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh ag achrann is ag siúite #3 #63
MD crabadán f. [ACD] duine beag suarach nach mbeadh aon bhiseach faoi #74 #3
MD craimpín f. [ACD] duine cróilí (a mbeadh crampaí sna cosa aige) nach mbeadh aon tsiúl de rath aige #7 #3
MD creachadóir f. [ACD] gadaí; siopadóir bhainfeadh an iomarca airgid amach ar earraí #3
MD cruaiteachán f. [ACD] duine cruaidh gortach #1 #3
MD crupaire f. [ACD] duine bheadh cruptha nó lúbtha (le haois) #6 #3
MD cráiteog b. [ACD] cráiteachán (q.v.) mná #3 #10
MD cráiteoir f. [ACD] cnuastóir, sprionlaitheóir; siopadóir nach dtiúrfadh an miosúr ceart uaidh #3
MD crúcálaí f. [ACD] duine bheadh ag spochadh le duine lena chrúca #1; fear mór le obair gharbh throm #2. ‘Crúcálaí mór leis an saol é’ #3, le duine bheadh ar a dhícheall ag iarraidh a bheatha a shaothrú
MD cuaille f. [ACD] duine mór tanaí; duine mór tanaí leisciúil #1. ‘Cuaille cisteanaí’, duine díomhaoin i gcisteanach #3 #6
MD cumadóir f. [ACD] duine bheadh ag cumadh bréaga #3
MD cuncar f. [ACD] duine éasca fada caol #62 #6; duine an-siúlach bheadh ag imeacht ó theach go teach #3
MD céirseach b. [ACD] cailín spéiriúil dathúil mbeadh a cloigeann san aer aici #22; cailín meidhreach aerach #3
MD dallarán f. [ACD] duine gan meabhair gan éirim #3
MD damh f. [ACD] duine an-ramhar #2 #3
MD dathadóir f. [ACD] duine deá-chainteach #3 #62; duine bréagach bheadh go maith ag cumadh scéil; gasúr críonna choinneodh caint le duine #6
MD deólcach f. [ACD] páiste óg #3
MD díthreabhach f. [ACD] duine beag ainneis #3 #6
MD faeiléara f. [ACD] fear eolais, cainteoir maith, scéalaí #6 #3
MD feádóir f. [ACD] duine díomhaoin siúlach #3 #6
MD fiannaí f. [ACD] fear mór seanchais agus seanscéalta #11 #3
MD fleascach f. [ACD] cladhaire #1; duine bheadh ag iarraidh gníomh a dhéanamh agus a chlisfeadh #3 #6; duine a loicfeadh roimh obair #4
MD fraedóir f. [ACD] duine bheadh ag imeacht thart go díomhaoin is go haerach #3
MD fáiméad f. [ACD] duine mór #3
MD geabhróg b. [ACD] cailín beag cruaidh piocúil #3 #50; bean bheag éadrom #63
MD geafaire f. [ACD] duine a mbeadh a lámh is chuile shórt aige #3
MD geolbhachán f. [ACD] duine ramhar a bhfuil cupla smig aige #6 #3
MD geospalán f. [ACD] duine beag caite craite #3
MD gillín f. [ACD] duine mór ramhar #17 #3
MD giostaire f. [ACD] gasúr cabach abartha #3 #6; duine bheadh ag teacht romhat sa gcaint #33
MD glamaire f. [ACD] duine bheadh ag screadach is ag béiceach #3
MD gliceadóir f. [ACD] cleasaí glic #3 #6
MD gliúrach b. [ACD] duine mór ramhar mórbholgach #3 #2
MD glórachán f. [ACD] duine a mbeadh súile glóracha aige, sé sin, súile móra scéiniúla lonracha #7 #3
MD gob doiris f. [ACD] i bhfocal mar ‘Ná bí ansin i do ghob doiris’, ná fan ansin ag gob an doiris #3
MD gobachán f. [ACD] bean chaite as a héadan #3; bean fhadshrónach #74; bean ghearrfhreagrach ghangaideach #6
MD gobaidí oe f. [ACD] duine biorshrónach #74; gasúr tanaí cainteach #3
MD grabaire f. [ACD] gasúr, tuairim cheithre nó chúig bhliana déag d’aois, a mbeadh go leor eolais aige, dar leis féin, agus bheadh fiosrach, cainteach #6 #23 #3
MD griollaire f. [ACD] duine mór ramhar (i bhfocla molta mar griollaire breá #3 #5)
MD groeivneachán f. [ACD] duine mór tanaí cnámhach #3 #56
MD grátachán f. [ACD] bean mhór láidir #3
MD jeifearaí f. [ACD] duine beag #4 #3 #6
MD lapaire f. [ACD] duine beag ramhar #3 #6
MD leadhb b. [ACD] duine gan mheabhair, amadán #3
MD leadhbaire f. [ACD] duine gan mheabhair, amadán #3 #10
MD liútar f. [ACD] fear mór tromchosach scrábach #3
MD luta f. [ACD] bean mhór ramhar #62 #3
MD láireachán f. [ACD] bean leathan ramhar #3 #33
MD láireóigín b. [ACD] cailín dea-dhéanta, bean dhea-dhéanta #3
MD líomán f. [ACD] fear mór ramhar liopastach leisciúil #3
MD lófálaí f. [ACD] ‘loafer’ #3
MD lúnadán f. [ACD] duine beag tromchosach#7 #26 ; seanduine gan siúl de rath #3
MD magalach b. [ACD] sean-óinseach #3 #6
MD mallaíodóir f. [ACD] duine bheadh tugtha do na mallachtaí; duine mínósach #3 #6
MD maoilín dod f. [ACD] duine nó gasúr a mbeadh a chloigeann lombhearrtha #3
MD mapsóg b. [ACD] mamsóig (q.v.) #63; cailín beag a mbeadh eolas thar a haois aici agus ionmhas inti #3
MD meabhróg b. [ACD] cailín beag meabhrach pointeáilte bruidiúil #3 #74
MD meadrálaí f. [ACD] duine sliobrach dhéanfadh praiseach de rud; duine bheadh salach míphointeáilte ag ithe #3
MD mochóire f. [ACD] duine d’éireódh go moch go hiondúil #3
MD moudóg b. [ACD] bean bheag ramhar #3 #74; bean dícheallach tíobhúsach #74
MD mouiléad f. [ACD] duine mór trom ramhar ‘rounáilte’ #3 #6
MD mouiléar f. [ACD] duine mór trom ramhar ‘rounáilte’ #3 #6
MD mucais b. [ACD] ablálaí, duine nach gcuirfeadh aon tslacht ar a chuid oibre #4 #3
MD muicealach b. [ACD] mucaire (q.v) #30 #1; duine salach meisciúil #3
MD muicearlach b. [ACD] mucaire (q.v.) #30 #1; duine salach meisciúil #3
MD másaire f. [ACD] fear ramhar as a mhása #6 #3
MD méaróg b. [ACD] cailín beag pointeáilte #3 #10
MD múiscealach b. [ACD] bean gan cuibheas #3
MD múta f. [ACD] duine bheadh as a chuma le feóil#33 #3 ; duine daingean teann ramhar #74
MD piaránach f. [ACD] duine mór dea-ghléasta dea-shnuach #3
MD planda f. [ACD] duine dea-dhéanta #3
MD pleadhb b. [ACD] duine salach #33; amadán #6 #3
MD plubaire f. [ACD] duine ramhar bog (go háirithe as a éadan) #6 #3 ; duine a labhairfeadh go bog míshoiléar #23 #7
MD plubais b. [ACD] duine ramhar bog (go háirithe as a éadan); duine a labhairfeadh go bog míshoiléar #3 #1a
MD plucaidí f. [ACD] duine, nó páiste ramhar as a phluca #3 #50
MD plucaire f. [ACD] duine, nó páiste ramhar as a phluca #3 #6 #74
MD plucsálaí f. [ACD] plucálaí (q.v.) #3; duine dhéanfadh deasú gan chuma #74
MD plógán streille f. [ACD] duine bheadh ag streilleadh gáirí nó a mbeadh clabaireacht mhíréasúnach ar siúl aige #3
MD priocaidí oe f. [ACD] leas-ainm thiúrfadh cailín beag ar a céile comhraic, e.g. ‘Stop a phriocaidí oe!’ #3
MD priocóigín b. [ACD] cailín beag tanaí éasca postúil #3
MD priompallán f. [ACD] duine beag #3 #6
MD prochán f. [ACD] duine beag, gan aon déanamh slachtmhar air #3 #62
MD pruntach f. [ACD] duine ramhar, páiste ramhar #3 #50 #74
MD práisiléad f. [ACD] duine místuama míchaoiúil #3 #56; sraoill #63; duine mór ramhar gan fuinneamh #1a; duine mídhéanta míshlachtmhar #74
MD pugaidí f. [ACD] duine tostach; duine gan mheabhair gan ghus #3 #50
MD pugaidí oe f. [ACD] leas-ainm ag gasúr ar a chéile comhraic #3
MD pugaí f. [ACD] duine tostach #6; duine gan mheabhair gan ghus #3 #6
MD puic b. [ACD] duine mór ramhar #3 #1; boc mór #74; ‘Puiceannaí móra’, daoine saibhre #6
MD puicneach f. [ACD] duine mór ramhar; boc mór; ‘Puiceannaí móra’, daoine saibhre #3 #44
MD páin b. [ACD] duine mór ramhar #1 #3
MD péicealach b. [ACD] duine místuama gan cuibheas #3; ‘Péicealach óinsí’ #6
MD péicearlach b. [ACD] duine místuama gan cuibheas #3
MD píceálaí f. [ACD] duine bheadh ag ‘píceáil’ nó ag breathnú i ngan fhios ar rud (nach mbainfeadh leis) #3
MD púca f. [ACD] duine tostach do-chaideartha; duine dall-intinneach #6 #50 ; thiúrfaí é ar dhuine nach dtiúrfadh an tsinseáil cheart ón tsiopa leis #3
MD púca breilleach f. [ACD] bean mhíchumtha #6 #53; fear mór fiáin dubh a bheadh ag imeacht is a chloigeann faoi aige #3 #50
MD púdarlach f. [ACD] fear mór fíor-ramhar #6 #3
MD rata f. [ACD] duine an-mhór #1 #3
MD ropaire f. [ACD] duine achrannach drochmhúinte #3 #6 #63
MD roundairín f. [ACD] bean bheag ramhar #3
MD ruaiteach f. [ACD] fear rua #3
MD rífeálaí f. [ACD] duine bheadh ag ‘rífeáil thart’ (ag imeacht thart go fuadrach, gan aon rud ar fónamh a dhéanamh); duine cabach baothchainteach #3 #63
MD saghdóir f. [ACD] duine bheadh ag saghdadh daoine chun a chéile, ag cur idir dhaoine #3 #33
MD saibhseálaí f. [ACD] duine bheadh ag cuartú ruda; duine bheadh i gcónaí ar lorg eolais #63; duine bheadh ag imeacht i ndiaidh duine eile ag iarraidh airgid a bhaint de #3 #50
MD samhdóg b. [ACD] beainín bheag #6; gearrchaile beag ramhar #3
MD scadán f. [ACD] fear tanaí #3 #4
MD sceideálaí f. [ACD] duine bheadh ag ‘sceideáil’ le rud (ag baint píosaí beaga de rud, ag ól bolgaim bheaga as deoch, ag tabhairt leis ualaí beaga, etc.) #3
MD sciúrsálaí f. [ACD] duine thiúrfadh drochbhualadh do bheithíoch #3
MD scliútrachán f. [ACD] sclíotar (q.v.) #3
MD scluitéara f. [ACD] scluit (q.v.) #3 #6; súdaire timpeall ar theach ósta #3; fear mór óil #33
MD sclíotar f. [ACD] bithiúnach óil agus achrainn; fear cainteach míchaoiúil; súdaire thiocfadh chuig áit gan cuireadh #1 #3
MD sclíotrachán f. [ACD] bithiúnach óil agus achrainn; fear cainteach míchaoiúil; súdaire thiocfadh chuig áit gan cuireadh #30 #3
MD scoirneach f. [ACD] duine mór scolbánta cnámhach #3 #74
MD scuaid b. [ACD] bean shalach bheadh ag scuaideáil le rud (ag dóirteadh uisce, etc. timpeall uirthi) #3; sraoill #74
MD scuaideog b. [ACD] cailín aerach ar nós na raiteoige (q.v.) bheadh imithe thar comhairle athar is máthar #62; bean bheag éadrom thanaí #6 #66; bean chaol faoi éadach fada #3
MD scéineachán f. [ACD] duine a mbeadh súile scéiniúla scanraithe aige#3 #6 #74
MD scéineadóir f. [ACD] duine a mbeadh súile scéiniúla scanraithe aige #3 #6
MD seanbhéasach b. [ACD] sean-chailleach #3
MD siulrachán f. [ACD] páiste nó duine beag lag #1 #3
MD slis b. [ACD] duine bodhar; duine shiúilfeadh díreach #3 #56
MD sliútrálaí f. [ACD] duine mbeadh bróga móra liobarsacha air, a tharraingeodh a chosa ina dhiaidh sa siúl #3
MD slíbreálaí f. [ACD] slíbíneach (q.v.) #3 #50; duine nach mbeadh aon deifir air cuideachta óil a fhágáil #74
MD smuitíneach f. [ACD] firín beag #6; firín beag sochorraithe chun feirge #3
MD spreanglachán f. [ACD] duine fadchosach caolchosach #3 #6
MD spreoille f. [ACD] fear ramhar smeartha pislíneach #3 #50
MD srulach b. [ACD] duine salach gioblach #3 #56
MD strachaille f. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh cainteach achrannach mioscaiseach #3 #62 #74
MD streoille f. [ACD] duine ard salach míphointeáilte #3
MD strumpach b. [ACD] seanduine strumptha cnámhrighin #7 #3
MD stumpa f. [ACD] stulcán (q.v.) #28 #3
MD suaróg b. [ACD] cailín díchéillí gan intinn ar bith dí féin aici #23 #3
MD sudóg b. [ACD] bean bheag ramhar #3 #53
MD sutach f. [ACD] gasúr dána mímhúinte #3 #62
MD sáiteán f. [ACD] duine beag téagarach deá-dhéanta #3 #74; duine sháithfeadh é féin isteach i gcomhluadar, bheadh ag imeacht ar cuireadh gan iarraidh #3 #62 #63
MD súán f. [ACD] duine ramhar codlatach #3; gasúr breá ramhar #66
MD tortán f. [ACD] duine beag; páiste beag gan bhiseach #6 #3
MD tumlálaí f. [ACD] duine bheadh ag imeacht thart, ag breathnú isteach in áiteacha féachaint an éireódh aon rud ar fónamh leis (a chrochfadh sé leis) #3 #50
MD ultach f. [ACD] drochdhuine feallteach contúirteach #3
MD ágóid b. [ACD] duine (bean go háirithe) bheadh gangaideach drochmhúinte #7 #6 #23; bean chruaidh ghortach #3 #62
2022-12-04 CPD