| baisteachán | f. | [ACD] | duine thiúrfadh leas-ainmneacha ar dhaoine #33 | |
| bastard | f. | [ACD] | duine suarach (ainm neamhchruinn drochmheastúil é) #33 | |
| blaoiscéara | f. | [ACD] | duine místuama mórchloigneach #33 #6 | |
| bliteog | b. | [ACD] | bean shlíoctha phointeáilte #3 #10; súdaire #33 | |
| bobarún | f. | [ACD] | duine beag-ghusúil beagchéillí #33 | |
| bocaileá | f. | [ACD] | bocaí (q.v.), duine mí-ádhsach (duine a mbeadh an tubaiste ar gach sórt a mbainfeadh sé leis) #33 #12 | |
| bolmán béice | f. | [ACD] | #6 #22 duine ramhar trom; duine cainteach ardghlórach seafóideach; agus i bhfocla mar ‘Rinne sé bolmán béice dó’, rinne sé amadán de #33; ‘Rinne sé bolmán béice dhó féin’, d’ith sé an iomarca; Rinne sé bolmán béice dhó féin lér ól sé’ #6 | |
| breoille | f. | [ACD] | leisceoir #62; fear smeartha pislíneach #3; duine gan cuibheas #74; duine bheadh nochtaithe nó ionann agus nochtaithe #33. Focla drochmheastúla neamhchruinne iad seo: ‘Maran tú an breoille! #4’ Nach é an breoille againn é! #6’ | |
| brocaire | f. | [ACD] | trodaí maith #33 | |
| brogús | f. | [ACD] | duine gránna (as a aghaidh) gan súáilceas #33 | |
| bruiclíneach | f. | [ACD] | duine beag beathaithe pointeáilte #6 #3; duine dea-dhéanta, díreach, leathanghuailleach #33 | |
| bruileach | b. | [ACD] | duine mór ramhar #4 #33 | |
| brúichtíneach | f. | [ACD] | duine beag beathaithe #6 #33 | |
| brúitíneach | f. | [ACD] | stumpa beag leathan #6; fear beag beathaithe #11; duine bheadh lán suas le bia #63; duine olc gan acmhainn grinn #33 | |
| báirseach | b. | [ACD] | bean drochtheangan bheadh tugtha don liobairt #33 | |
| bóithreóir | f. | [ACD] | duine siúlach ar bhóithrí #33 | |
| bústa | f. | [ACD] | duine a mbeadh an iomarca éadaigh air #33 | |
| caróg | b. | [ACD] | bean bheag dhubh #1 #33 | |
| ceanastar | f. | [ACD] | duine (bean go hiondúil) leathan-éadanach mórchloigneach mórshrónach #74; duine leathan-éadanach géarsmigeach #33 | |
| ceannrachán | f. | [ACD] | duine a mbeadh clár éadain leathan air #33 #74 | |
| ceardaí | f. | [ACD] | leas-ainm (neamhchruinn?) é i bhfocla mar ‘Nach tú an ceardaí’ #62; ‘A cheardaí !’ #33 | |
| ceiribíneach | f. | [ACD] | duine beag caite éitreorach #74, agus crotach #33; duine anshóiteach cráite, i bhfocla mar ‘Tá sé ina cheiribíneach ag an saol’ #1; Tá sé ina cheiribíneach ag an obair’ #27 | |
| cleiteachán | f. | [ACD] | duine beag éadrom #1 #33 | |
| cligear | f. | [ACD] | gasúr beag contráilte #6; duine díchéillí #33 | |
| clíteach | b. | [ACD] | duine tútach, a mbeadh drochrún faoi #33 Cf. sclíotar, sclíteach | |
| coiribeach | b. | [ACD] | duine ard cam #33 | |
| cuairsce | b. | [ACD] | bean mhíphointeáilte, mhístuama #1; bean mhór dhíomhaoineach #62; fear mór gránna stuacach gruama #33 | |
| cuartaí | f. | [ACD] | duine rachadh ar cuairt #33 #6 | |
| cáfall | f. | [ACD] | bean mhór ramhar #33; duine réidhchúiseach #23. ‘Cáfall bocht ré’ #23 | |
| céasán | f. | [ACD] | duine catach #33; fear a mbeadh cuma na hóige caillte aige, é ag éirí liath, agus é ag dul thar aois a phósta #74 | |
| draíodóir | f. | [ACD] | fear (bean) draíochta #6 #33; duine bheadh in ann imirt ort #2 #13 | |
| foeifileá | f. | [ACD] | duine beag díchéillí éitreorach #6 #33; duine fada gan aon chuma dhéanta air #74 | |
| fátallaí | f. | [ACD] | soláthraí (maith) #6 #33 | |
| geoestaire | f. | [ACD] | gasúr cabach abartha; duine bheadh ag teacht romhat sa gcaint #33 | |
| giostaire | f. | [ACD] | gasúr cabach abartha #3 #6; duine bheadh ag teacht romhat sa gcaint #33 | |
| gráiteoig | b. | [ACD] | duine fuar, a dtastódh uaidh é féin a théamh #33 | |
| leadaí | f. | [ACD] | duine glic leisciúil a d’éalódh ó obair #33 #6 ‘Leadaí na luaithe #7, leadaí na clúdach #6 #5’ duine díomhaoin d’fhanfadh sa gclúid. ‘Leadaí an mheán oíche’ #7, duine d’fhanfadh amuigh deireannach san oíche | |
| leisceadóir | f. | [ACD] | duine leisciúil #33 #10 | |
| leisceóir | f. | [ACD] | duine leisciúil #33 | |
| leóiste | f. | [ACD] | duine leisciúil #33 | |
| láireachán | f. | [ACD] | bean leathan ramhar #3 #33 | |
| lúán | f. | [ACD] | duine an-ramhar #2 #6 #33 | |
| mugarlach | b. | [ACD] | duine cabach a bheadh ag mugailt (cogaint) a chuid cainte, ag caint go doiléir #33 #74 | |
| mullachán | f. | [ACD] | gasúr beag (gan aon tagairt dá chloigeann gruaige) #6; gasúr mórchloigneach #33; agus i bhfocla mar ‘Cé leis an mullachán rua?’ #6, cé leis an gasúr ruadh? | |
| múitseálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag obair go neamh-airdeallach místuama #33 | |
| múta | f. | [ACD] | duine bheadh as a chuma le feóil#33 #3 ; duine daingean teann ramhar #74 | |
| partal | f. | [ACD] | duine beag óg; fear beag #74 #33 | |
| pataire | f. | [ACD] | gasúr óg ramhar #33 #64 | |
| peáitse | f. | [ACD] | teachtaire óg; gasúr ag imeacht in éineacht le duine fásta #33 #27 | |
| pleadhb | b. | [ACD] | duine salach #33; amadán #6 #3 | |
| pleib | f. | [ACD] | leath-amadán #2; duine dhéanfadh praiseach d’obair #6; duine fliuch salach #33 #6 | |
| pleibire | f. | [ACD] | amadán #74; duine salach #33 | |
| pleibistín | f. | [ACD] | duine salach brocach #33 | |
| preoude | b. | [ACD] | cailín beag deas péacach #50; bean bheag éadrom #6 #33 | |
| pruiclíneach | f. | [ACD] | duine beag beathaithe #23 #33 #4 (Ainm drochmheastúil é) | |
| putálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag ‘putráil’ nó ag útamáil le obair #33 | |
| píle | f. | [ACD] | duine mór fada slachtmhar #33 | |
| pílí | f. | [ACD] | duine mór fada slachtmhar #33 | |
| púitseálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag púitseáil (ag iascach go neamhdhleathach) #33 #6; duine bheadh ag cruinneáil dó féin, ag cur rudaí i bhfolach dó féin #63 #64 | |
| saghdóir | f. | [ACD] | duine bheadh ag saghdadh daoine chun a chéile, ag cur idir dhaoine #3 #33 | |
| scluitéara | f. | [ACD] | scluit (q.v.) #3 #6; súdaire timpeall ar theach ósta #3; fear mór óil #33 | |
| sclíte | f. | [ACD] | bithiúnach óil agus achrainn; fear cainteach míchaoiúil; súdaire thiocfadh chuig áit gan cuireadh #33 | |
| scológ | b. | [ACD] | fear óg pointeáilte gléasta cruaidh #23 #4 #63; oibrí maith #33 | |
| scouilléara | f. | [ACD] | duine bheadh ag sciolladh, ag tabhairt íde béil do dhuine, nó ag cúlchaint air #10 #33 | |
| scramaire | f. | [ACD] | fear mór ard cam #23 #33 | |
| seanchoc | f. | [ACD] | seanfhear (le beagán den drochmheas nó den mhagadh i bhfocla mar ‘an seanchoc s’a’inne #6’; ‘tá an seanchoc istigh’ #33) | |
| slabálaí | f. | [ACD] | duine místuama ag obair le abhar fliuch; duine bheadh ag slabáil nó ag spágáil in uisce#33 #10 | |
| slabóig | b. | [ACD] | slabálái (q.v.) de bhean #33 #10 | |
| smuigiléara | f. | [ACD] | duine bheadh ag imeacht leis ó áit go háit, agus é ag cabaireacht chainte #6 #73; bithiúnach #27; duine a mbeadh pislíní leis, nó uisce lena shúile #33 | |
| sniotar | f. | [ACD] | duine fuar, duine a mbeadh gotha an fhuaicht air #33; ‘a shniotair na bpucaí!’, le duine fuar a mbeadh go leor éadaigh air #33 | |
| soláthraí | f. | [ACD] | duine dhéanfadh soláthar (maith) #23 #33 | |
| speireadóir | f. | [ACD] | duine buailteach, duine bheadh ag caitheamh clocha le daoine #6; drochbhean #33 | |
| splinc | b. | [ACD] | duine caoch #33 #4 | |
| sreaimleoig | b. | [ACD] | sreaimleachán (q.v.) de bhean #6 #33 | |
| stríopach | b. | [ACD] | bean choitianta #6; bithiúnach d’fhear #33 | |
| taisí | f. | [ACD] | táiseachán (q.v.) #23 #33 | |
| tutálaí | f. | [ACD] | duine nach gcuirfeadh aon tslacht ar a chuid oibre #4 #33; duine stadach #33 |