Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD abarlach b. [ACD] sraoill mná #4 #27
MD abhcóir f. [ACD] duine cantalach achrannach #6 #4
MD ainsprid b. [ACD] ‘deabhal’ de dhuine #4 #74
MD aisiléara f. [ACD] duine cam cleasach #4, bréagach breithghreamannach #3 #10
MD amaid b. [ACD] sraoill de bhean #4 #23
MD amhas f. [ACD] duine achrannach bithiúnta #4 #6
MD babóigín b. [ACD] cailín óg dea-ghléasta #4
MD bacach f. [ACD] fear déirce a iarraidh; bithiúnach; duine suarach #6 #4
MD ball séire f. [ACD] duine a mbeadh an donas, an mí-ádh is an drochthoradh ar gach a mbainfeadh leis #13 #4 ; agus i bhfocla mar ‘Tá mé i mo bhall séire’ #6, tá mé sáraithe (ag obair, ag duine)
MD bithiúnach f. [ACD] rógaire, cneamhaire, drochdhuine #4
MD bocaí f. [ACD] cleasaí, buachaill báire #23 #4
MD bod-óinseach b. [ACD] bodalach óinsí (q.v.) #4 #74
MD bodhrachán f. [ACD] duine bodhar; duine nach dtuigfeadh an rud a déarfaí leis #2 #4
MD boiric ó ciú f. [ACD] duine beag bídeach #4 #6
MD breilleachán f. [ACD] duine salach gioblach; duine baothchainteach #4 #2; Deirtear freisin ‘A bhreilleacháin!’ le gasúr contráilte #6
MD breoille f. [ACD] leisceoir #62; fear smeartha pislíneach #3; duine gan cuibheas #74; duine bheadh nochtaithe nó ionann agus nochtaithe #33. Focla drochmheastúla neamhchruinne iad seo: ‘Maran tú an breoille! #4’ Nach é an breoille againn é! #6
MD bruileach b. [ACD] duine mór ramhar #4 #33
MD bruileachán f. [ACD] duine mór ramhar #4
MD bró b. [ACD] duine ramhar téagartha #23 #4
MD brúitín f. [ACD] duine beag beathaithe #1a #4
MD buinneán f. [ACD] duine láidir #4 #1; duine bheadh ag gleo #3
MD camalóid b. [ACD] duine fada tanaí cam #6 #4
MD ceaivilíors f. [ACD] #4 #7 daoine díomhaoine bheadh ag crochadóireacht, ag guairdeall, thart
MD ceannfoirt f. [ACD] cinnire; ceann feadhain (q.v.) #4 #6
MD ciomach b. [ACD] duine gioblach sraoilleach #4
MD cliobaire f. [ACD] fear mór ard láidir #23 #4
MD cneamhaire f. [ACD] duine mí-ionraic #4 #2
MD coillearán f. [ACD] duine mór #4 #7
MD corúisc b. [ACD] bean mhór láidir #4; bean dhúr gan súáilceas #23
MD crúbachán f. [ACD] oibrí láidir garbh #1; duine ligfeadh do rud titim uaidh #4; duine místuama as a lámha #6
MD cuifeach b. [ACD] duine salach sraoilleach #7 #4; duine tútach #4
MD deárlachaín f. [ACD] duine beag #62 #4; páiste beag nach mbeadh ag méadú #62
MD deórlachaín f. [ACD] duine beag; páiste beag nach mbeadh ag méadú #4
MD diúidlín f. [ACD] páiste beag óg #4 #25
MD eiriceach f. [ACD] duine gan scruball, duine fealltach #4 #2
MD feithideach f. [ACD] duinín beag bídeach #6 #4; duine, ‘críostaí’ (i bhfocla mar ‘Ní raibh feithideach an éin bheo le feiceál’) #6
MD fleascach f. [ACD] cladhaire #1; duine bheadh ag iarraidh gníomh a dhéanamh agus a chlisfeadh #3 #6; duine a loicfeadh roimh obair #4
MD fulangach f. [ACD] duine atá i riocht go leor a fhulang #6 #4
MD gliúrachán f. [ACD] duine mór ramhar mórbholgach #4 #6
MD glugaire f. [ACD] duine bheadh ag glugaireacht gháirí (a mbeadh gáire mór bog aige); duine a mbeadh caint bhog líofa aige #4
MD glóireachán f. [ACD] duine a mbeadh súile glóracha aige, sé sin, súile móra scéiniúla lonracha #74 #4
MD griollach b. [ACD] duine mór ramhar míchaoithiúil #4 #6 (Focal díomolta nó magaidh é, ní hionann agus ‘griollaire’)
MD grugaid b. [ACD] duine beag caite a mbeadh cruit le haois nó le fuacht air #6 #4
MD guta f. [ACD] i bhfocla mar ‘Tá mé i mo ghuta’ #6, tá mé fliuch salach; ‘Tá sé ina ghuta le feoil’ #4, tá sé an-ramhar
MD géinneachán f. [ACD] fear mór láidir #7 #4
MD gíomhánach f. [ACD] fear mór ard, cam #4
MD jeifearaí f. [ACD] duine beag #4 #3 #6
MD laogh biata f. [ACD] i leagan mar ‘Tá sé ina laogh biata’ #4 (i.) tá sé an-ramhar; (ii.) tá sé ina pheata díomhaoin
MD leathbhádóir f. [ACD] leithéid (i bhfocla mar ‘mo leathbhádóir’ #4. ‘Sé a leathbhádóir é’ #4, sé a leithéid é, tá sé chomh dona céanna leis)
MD liúiste f. [ACD] duine fada; duine leisciúil #4 #7
MD loirgneach b. [ACD] bean mhór fhada chaol #6 #4
MD losaí f. [ACD] duine glic leisciúil a bheadh i riocht éaló as obair #4
MD luireach b. [ACD] duine mór ramhar trom a mbeadh siúl an bhealaigh ann ar éigin #4 #7
MD líomán múta f. [ACD] fear mór ramhar liopastach leisciúil, i bhfocla mar ‘Tá sé ‘na líomán múta’ #7, le duine mór liopastach ramhar; ‘Tá tú ansin i do líomán múta’ #4, le duine leisciúil
MD mucais b. [ACD] ablálaí, duine nach gcuirfeadh aon tslacht ar a chuid oibre #4 #3
MD mucálaí f. [ACD] ablálaí, duine nach gcuirfeadh aon tslacht ar a chuid oibre #4 #6
MD namhaid f. [ACD] bíobha, eascara #4 #6
MD nimheadóir f. [ACD] duine nimhneach mioscaiseach drochmhúinte #7 #4
MD pioróid b. [ACD] bean chaite #4 #6
MD piteog b. [ACD] fear nó buachaill a mbeadh spéis aige i gcúrsaí bhainfeadh le mná, a dhéanfadh obair mná, bheadh in éineacht le mná de ghnáth #13 #4
MD pocaide f. [ACD] duine dall-intinneach #4
MD poecear f. [ACD] duine caol ard #4 #6
MD preoudóg b. [ACD] cailín beag deas péacach; bean bheag éadrom #4 #6
MD pruiclíneach f. [ACD] duine beag beathaithe #23 #33 #4 (Ainm drochmheastúil é)
MD práisc b. [ACD] praiseachán (q.v.), méiseálaí #4
MD péist b. [ACD] sprionlaitheoir #4
MD péisteánach f. [ACD] sprionlaitheoir #4 #7
MD raiteog b. [ACD] cailín dána; cailín a chleachtfadh an chúirtéireacht #7 #4, ‘ach nach n-éireodh tada di’ #63
MD ranglach f. [ACD] fear fada cam caite #4 #6
MD ringiléad f. [ACD] beainín bheag ramhar #4 #62
MD roundar f. [ACD] duine ramhar ‘rounáilte’ #4 #63
MD ránaí f. [ACD] duine righin díomhaoin #64 #4 #23
MD f. [ACD] i leagan mar ‘Badh é rí an fhir é’ #4, ba fear fíor-fhial é
MD rídéalach f. [ACD] duine ard caol cam #6 #11, agus leisciúil #4
MD rúisc b. [ACD] duine mór ramhar #1 #4 #74
MD scadán f. [ACD] fear tanaí #3 #4
MD scivear f. [ACD] bean chainteach dhrochmhúinte achrannach #1; ‘Scivear na siopaí’ #4, fear bheadh á chur chuig na siopaí i gcoinne teachtaireachtaí
MD scliútar f. [ACD] sclíotar (q.v.) #4 #6
MD scluigéara f. [ACD] fear mór óil #1; duine bheadh ag sglugaíl gháirí (gáire bog go minic aige); duine ro-chainteach #6 #4
MD scláitéar f. [ACD] duine mór leathan; ‘Sclátar óinsí’#4, óinseach mhór mhíchaoiúil #6
MD sclátar f. [ACD] duine mór leathan #6; ‘Sclátar óinsí’ #4, óinseach mhór mhíchaoiúil
MD scológ b. [ACD] fear óg pointeáilte gléasta cruaidh #23 #4 #63; oibrí maith #33
MD scraitheachán f. [ACD] duine mór ramhar gan mórán brí sna cosa aige #4 #2
MD scunachán f. [ACD] duine tanaí #4 #74
MD scéireoigín b. [ACD] cailín beag aerach díchéillí #4 #62
MD scúille f. [ACD] duine mór leisciúil #4 #74
MD scúitsear f. [ACD] drochdhuine; duine díomhaoineach #4
MD seafóidín b. [ACD] duine (go háirithe bean) gan chiall #4 #1
MD seanstócar f. [ACD] seanduine láidir bheadh in ann chuig obair dhian #4 #6
MD sifil seaifil b. [ACD] duine éadrom díchéilli; duine seafóideach síorchainteach #4
MD sliasadán f. [ACD] duine místuama tromchosach fadchosach leisciúil; amadán #4 #6
MD sliútar f. [ACD] duine mbeadh bróga móra liobarsacha air, a tharraingeodh a chosa ina dhiaidh sa siúl #4 #6 #62
MD slámálaí f. [ACD] duine bheadh ag slámáil (ag ídiú go leor, ag dul thrí go leor airgid, etc.) #4 #6
MD sompla f. [ACD] duine beag an-tanaí #4 #6
MD spiacán f. [ACD] duine ard tanaí #4 #7 #1
MD spleantar f. [ACD] duine cantalach coilgneach #4 #6 (ainm drochmheastúil neamhchruinn é?)
MD splinc b. [ACD] duine caoch #33 #4
MD splincéara f. [ACD] duine caoch #1 #4
MD splíota f. [ACD] duine mór ard; duine leisciúil #4 #6
MD spogán f. [ACD] duine bog beathaithe #1 #4; duine caoch #50
MD spreabhsachán f. [ACD] duine spreabhsach (pointeáilte beomhar) #4
MD spícéad f. [ACD] duine caol ard #4 #7
MD strúiméad f. [ACD] duine leisciúil #23 #4
MD sucaire f. [ACD] duine bheadh ag iarraidh solamar a fháil ó dhaoine eile, nó ‘bearradh’ a bhaint de dhaoine, stucaire #4
MD suísteog b. [ACD] bean bheag leathan #4 #1
MD sínnéalach f. [ACD] fear mór ard#4 #23 #62
MD sínéalach f. [ACD] fear mór ard #4 #23 #62
MD taidhbhse f. [ACD] duine caite #4 #6
MD tiachóg b. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh beag beathaithe #23 #4
MD tutálaí f. [ACD] duine nach gcuirfeadh aon tslacht ar a chuid oibre #4 #33; duine stadach #33
MD úis b. [ACD] duine salach sraoillí chuirfeadh déistean ort #4 #7; oibrí místuama neamhchríochnúil #1a
2022-12-04 CPD