| anrachán | f. | [ACD] | duine santach amplach #10 #5 | |
| bapsóigín | b. | [ACD] | cailín beag deas pointeáilte #5 | |
| bocailiú | f. | [ACD] | bocaí (q.v.), duine mí-ádhsach (duine a mbeadh an tubaiste ar gach sórt a mbainfeadh sé leis) #5 #6 | |
| cailín báire | f. | [ACD] | cailín (nó bean) bheadh glic mí-mhuiníneach #5 #6 | |
| croigear | f. | [ACD] | duine beag cruaidh #5 | |
| gluitéara | f. | [ACD] | duine mórshách; duine ramhar #6 #5 | |
| griollachán | f. | [ACD] | fear mórbholgach mórshách #5 | |
| griollaire | f. | [ACD] | duine mór ramhar (i bhfocla molta mar griollaire breá #3 #5) | |
| leadaí | f. | [ACD] | duine glic leisciúil a d’éalódh ó obair #33 #6 ‘Leadaí na luaithe #7, leadaí na clúdach #6 #5’ duine díomhaoin d’fhanfadh sa gclúid. ‘Leadaí an mheán oíche’ #7, duine d’fhanfadh amuigh deireannach san oíche | |
| piarálach | f. | [ACD] | duine mór dea-ghléasta dea-shnuach #63 #5 | |
| roedéalach | f. | [ACD] | duine ard caol cam, agus leisciúil #62 #5 | |
| ruibhseach | b. | [ACD] | bean ghangaideach choilgneach, a mbeadh ‘ruibh’ uirthi #5 | |
| slíbeoigín | b. | [ACD] | i leagan mar ‘i do shlíbeoigín’ #5, tú báite fliuch salach | |
| slíomóg | b. | [ACD] | bean dheas chruaidh fháiscthe, nach mbeadh ró-mhór #6 #5 #23 | |
| spriosán | f. | [ACD] | fear mór ard gan neart #6 #5; duine bheadh caite sa mbealach ort #74 | |
| strainceachán | f. | [ACD] | duine a bheadh ag cur strainceanna air féin #6 #5 | |
| sífreoir | f. | [ACD] | duine bheadh ag sífreoireacht (ag síorchaint go seafóideach) #5 | |
| síogaí | f. | [ACD] | duine beag lag meaththinn #62 #6; duine beag caol caite #49 #5 #6 |