| bogarlach | b. | [ACD] | bean bhog ramhar #3 #50 | |
| bó mhagarlach | b. | [ACD] | duine an-ramhar #50 | |
| cuinneoigín | b. | [ACD] | beainín bheag ghiortach #50 | |
| geabhróg | b. | [ACD] | cailín beag cruaidh piocúil #3 #50; bean bheag éadrom #63 | |
| gibire | f. | [ACD] | duine (óg) bheadh ag gibideacht nó ag scillige cainte, cabaire (q.v.) #62 #50 | |
| gliobachán | f. | [ACD] | bean a mbeadh gruaig ghliobach dhíreach aici #50 | |
| gnathach | f. | [ACD] | oibrí, soláthraí maith stuama, duine mbeadh déanamh maith gnaithí ann #6 #50 | |
| niúide neáide | f. | [ACD] | duine gan bhrí gan ghus #6 #50 | |
| plucaidí | f. | [ACD] | duine, nó páiste ramhar as a phluca #3 #50 | |
| preoude | b. | [ACD] | cailín beag deas péacach #50; bean bheag éadrom #6 #33 | |
| pruntach | f. | [ACD] | duine ramhar, páiste ramhar #3 #50 #74 | |
| pugaidí | f. | [ACD] | duine tostach; duine gan mheabhair gan ghus #3 #50 | |
| púca | f. | [ACD] | duine tostach do-chaideartha; duine dall-intinneach #6 #50 ; thiúrfaí é ar dhuine nach dtiúrfadh an tsinseáil cheart ón tsiopa leis #3 | |
| púca breilleach | f. | [ACD] | bean mhíchumtha #6 #53; fear mór fiáin dubh a bheadh ag imeacht is a chloigeann faoi aige #3 #50 | |
| saibhseálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag cuartú ruda; duine bheadh i gcónaí ar lorg eolais #63; duine bheadh ag imeacht i ndiaidh duine eile ag iarraidh airgid a bhaint de #3 #50 | |
| sailimeandar | f. | [ACD] | bean mhór #50 #49 | |
| santachán | f. | [ACD] | duine santach, sé sin, duine a mbeadh díocas oibre i gcónaí air, d’fhonn airgead a shaothrú #6 #50 | |
| scraith mhagarlach | b. | [ACD] | duine gioblach salach píosáilte #50 | |
| scraith vataí | b. | [ACD] | fear mór trom gan fuinneamh ná fáscadh #50 | |
| scuaideálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag dóirteadh ruda, bheadh ag fágáil rudaí ina dhiaidh #50 #74 | |
| slíbreálaí | f. | [ACD] | slíbíneach (q.v.) #3 #50; duine nach mbeadh aon deifir air cuideachta óil a fhágáil #74 | |
| spogán | f. | [ACD] | duine bog beathaithe #1 #4; duine caoch #50 | |
| spreoille | f. | [ACD] | fear ramhar smeartha pislíneach #3 #50 | |
| struipléad | f. | [ACD] | duine caol fada #50 | |
| tumlálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag imeacht thart, ag breathnú isteach in áiteacha féachaint an éireódh aon rud ar fónamh leis (a chrochfadh sé leis) #3 #50 |