| ainmhí | f. | [ACD] | duine neamhscrupallach, brútaí #28 #1; duine thiúrfadh droch-íde d’ainmhí #6 #53 | |
| baoiteachán | f. | [ACD] | duine a mbeadh smaois lena shróin is pislíní lena bhéal #66 #53 | |
| bramaló | f. | [ACD] | cladhaire a chlisfeadh; duine gan mhaith #6 #53 | |
| clíseach | b. | [ACD] | amadán, óinseach #1, a bheadh mí-chaoithiúil #53; duine salach sraimlí #74. ‘Bhí sé in a chlíseach ann’ #6 , bhí sé ar meisce agus é ag gleó. | |
| folach | f. | [ACD] | duine ramhar leathan #6 #53; duine nach mbeadh a chuid éadaigh fáiscthe air #56. ‘Tá sé ina fholach inniu’, tá go leor leor éadaigh air #66 | |
| gobaire | f. | [ACD] | bean chaite as a héadan; bean fhadshrónach; bean ghearrfhreagrach ghangaideach #6 #53 | |
| groeipeachán | f. | [ACD] | duine fadshrónach #6 #53 | |
| leidhce | f. | [ACD] | duine gan chiall gan tuiscint #53 #23 | |
| líodrálaí | f. | [ACD] | duine a mbeadh tóir aige ar ithe agus ól; duine bheadh ag súdaireacht, ag iarraidh beatha is óil (i dteach bainse, abair) #6 #53 | |
| prionsa | f. | [ACD] | togha duine #6 #53 | |
| púca breilleach | f. | [ACD] | bean mhíchumtha #6 #53; fear mór fiáin dubh a bheadh ag imeacht is a chloigeann faoi aige #3 #50 | |
| scrábálaí | f. | [ACD] | duine nach gcuirfeadh aon tslacht ar a chuid oibre #6; duine a dhéanfadh obair mhór (i leagan mar ‘Scrábálaí mór oibre é’ #53) | |
| slíobrálaí | f. | [ACD] | duine sleamchúiseach ag obair; duine chaillfeadh rudaí as a phóca #74 #53 | |
| sudóg | b. | [ACD] | bean bheag ramhar #3 #53 | |
| taoiseoigín | b. | [ACD] | bean bheag bheathaí #25 #53 |