Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD folach f. [ACD] duine ramhar leathan #6 #53; duine nach mbeadh a chuid éadaigh fáiscthe air #56. ‘Tá sé ina fholach inniu’, tá go leor leor éadaigh air #66
MD geáitseálaí f. [ACD] duine bheadh ag geáitseáil ó áit go háit, ‘nár thúisce anseo ná ansiúd é’ #56 #6
MD groeivneachán f. [ACD] duine mór tanaí cnámhach #3 #56
MD gráinneoig b. [ACD] duine cantalach #6; duine bheadh cnaptha sa gclúid #6 #56
MD leibide ó leó f. [ACD] amadán #6 #56
MD práisiléad f. [ACD] duine místuama míchaoiúil #3 #56; sraoill #63; duine mór ramhar gan fuinneamh #1a; duine mídhéanta míshlachtmhar #74
MD scraith ghlugair b. [ACD] duine ramhar bog #6 #56
MD scréachán f. [ACD] duine bheadh ag scréachaíl, malrach bheadh ag caoineachán #6 #56
MD slis b. [ACD] duine bodhar; duine shiúilfeadh díreach #3 #56
MD srulach b. [ACD] duine salach gioblach #3 #56
MD staicealach f. [ACD] duine mór leathan láidir #6 #56
MD staicearlach f. [ACD] duine mór leathan láidir#6 #56
MD súíochán f. [ACD] duine dubhchraicneach dubhfholtach #6; duine salach a mbeadh spotaí súiche ar a chuid éadaigh #56
2022-12-04 CPD