Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD Páidín (an) mheán oíche f. [ACD] duine bheadh amuigh deireannach san oíche #6
MD abhcóid b. [ACD] duine cantalach achrannach #6
MD abhcóir f. [ACD] duine cantalach achrannach #6 #4
MD agaillt b. [ACD] duine driseach cantalach #22 #6
MD aibéis b. [ACD] duine treampánach bheadh ag cur isteach ort is nach bhféadfá a chur díot #6 #62 #74
MD aifreannach f. [ACD] duine rachadh go minic chuig an Aifreann (in abairtí ar nós ‘Aifreannach maith bhí ann’) #6
MD ainleog b. [ACD] gasúr mífholláin cantalach caointeach #6
MD ainmhí f. [ACD] duine neamhscrupallach, brútaí #28 #1; duine thiúrfadh droch-íde d’ainmhí #6 #53
MD amadán f. [ACD] fear gan mórán céille #6
MD amhas f. [ACD] duine achrannach bithiúnta #4 #6
MD anglán f. [ACD] duine cantalach #6 #13
MD arc f. [ACD] duine beag suarach #27 #6
MD ardcheann f. [ACD] duine gan chiall; cinnire ar dhrochdhream #6 #2
MD bacach f. [ACD] fear déirce a iarraidh; bithiúnach; duine suarach #6 #4
MD bacachán f. [ACD] duine bacach #6 #3
MD ball séire f. [ACD] duine a mbeadh an donas, an mí-ádh is an drochthoradh ar gach a mbainfeadh leis #13 #4 ; agus i bhfocla mar ‘Tá mé i mo bhall séire’ #6, tá mé sáraithe (ag obair, ag duine)
MD basachán f. [ACD] duine basach (bórach, camchosach) #6
MD bathaiseachán f. [ACD] duine mórbhathaiseach #6; duine gan stuaim #1
MD bearrabóir f. [ACD] bean chúlchainteach, báirseach (q.v.) #6
MD bitse b. [ACD] drochbhean, bean mhínáireach #6
MD blacaire f. [ACD] duine nó gasúr leathan láidir #6
MD bladaire f. [ACD] duine plámásach #6 #1a
MD blaicéara f. [ACD] duine nó gasúr leathan láidir #6
MD blaoiscéara f. [ACD] duine místuama mórchloigneach #33 #6
MD bleaicéara f. [ACD] duine dubh fiáin #6
MD bleigeard f. [ACD] ‘blackguard’ #6
MD bleitheach f. [ACD] duine mór ramhar; duine mórshách #6
MD boc báire f. [ACD] duine óg ámhailleach #2 #6
MD boc mór f. [ACD] duine mórthábhachtach (le drochmheas) #6
MD bocailiú f. [ACD] bocaí (q.v.), duine mí-ádhsach (duine a mbeadh an tubaiste ar gach sórt a mbainfeadh sé leis) #5 #6
MD bocaí báire f. [ACD] cleasaí, buachaill báire #6 #1a
MD bodach f. [ACD] duine mór láidir; duine mímhúinte gangaideach urchóideach #6
MD bodalam óinsí f. [ACD] bean láidir mhístuama theasaí; bean bheadh ag déanamh obair fir (déarfadh seanmhná é le cailín bheadh ag caitheamh toitíní) #6 #74
MD boicín f. [ACD] leath-dhuine uasal; duine bheadh ag iarraidh bheith ina bhoc mór (q.v.); duine leitheadach postúil #3 #27; ‘Boicíní daoine uaisle’ #6
MD boilgíneach f. [ACD] feairín beag mórbholgach #6
MD boiric ó ciú f. [ACD] duine beag bídeach #4 #6
MD bollaire f. [ACD] duine bheadh ag gleo is ag béiceach #3 #6
MD bollscaire f. [ACD] duine gaisgiúil gan aon chur leis #23; duine gan gus, gan fios a labhartha aige #63; duine glic #6
MD bollstaic f. [ACD] bean mhór cheanndána #6 #7. ‘Bollstaic d’óinseach’
MD bolmán f. [ACD] duine ramhar trom #3 #6; duine cainteach ardghlórach seafóideach #3 #74
MD bolmán béice f. [ACD] #6 #22 duine ramhar trom; duine cainteach ardghlórach seafóideach; agus i bhfocla mar ‘Rinne sé bolmán béice dó’, rinne sé amadán de #33; ‘Rinne sé bolmán béice dhó féin’, d’ith sé an iomarca; Rinne sé bolmán béice dhó féin lér ól sé’ #6
MD bramaló f. [ACD] cladhaire a chlisfeadh; duine gan mhaith #6 #53
MD breac f. [ACD] duine neamhchoitianta (i bhfocla mar ‘Breac áirid é’; ‘Is aisteach an breac é siúd’ #6)
MD breastaire f. [ACD] scurach óg baothchainteach mímhúinte #6
MD breilleachán f. [ACD] duine salach gioblach; duine baothchainteach #4 #2; Deirtear freisin ‘A bhreilleacháin!’ le gasúr contráilte #6
MD breillire f. [ACD] duine a mbeadh caint mhíréasúnach ar bun aige #6
MD breoille f. [ACD] leisceoir #62; fear smeartha pislíneach #3; duine gan cuibheas #74; duine bheadh nochtaithe nó ionann agus nochtaithe #33. Focla drochmheastúla neamhchruinne iad seo: ‘Maran tú an breoille! #4’ Nach é an breoille againn é! #6
MD bribeálaí f. [ACD] duine thugas bríob (breab) uaidh #6 #27
MD briogaid b. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh nimhneach gangaideach, mailíseach #6 #7
MD briogaill b. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh nimhneach gangaideach, mailíseach #6 #2
MD briollach b. [ACD] duine gioblach #6 #66
MD brocais b. [ACD] duine salach #3 #2 #6
MD broicleach b. [ACD] duine mór ramhar #2 #6 #17
MD broicín f. [ACD] duine bheadh an-ghar dó féin #74 #6; duine dubhliath #66 #6
MD bromaire f. [ACD] duine mór láidir trom folláin #6 #64
MD bruasachán f. [ACD] duine ramharbheolach #2 #6
MD bruasaire f. [ACD] duine ramharbheolach #6
MD bruiclíneach f. [ACD] duine beag beathaithe pointeáilte #6 #3; duine dea-dhéanta, díreach, leathanghuailleach #33
MD brúichtíneach f. [ACD] duine beag beathaithe #6 #33
MD brúisc b. [ACD] duine tostach drochmhúinte míchuntanósach #63 #6
MD brúiscéara f. [ACD] duine tostach drochmhúinte míchuntanósach #6 #2 #74
MD brúitíneach f. [ACD] stumpa beag leathan #6; fear beag beathaithe #11; duine bheadh lán suas le bia #63; duine olc gan acmhainn grinn #33
MD buachaill f. [ACD] drochfear, i leagan mar ‘Buachaill é sin!’ #6, ‘Tá gó (gothadh) an bhuachalla air’ #6
MD buachaill báire f. [ACD] cleasaí glic #6
MD builtéar f. [ACD] duine mór ramhar #6 #74
MD buimbiléad f. [ACD] duine mór beathaithe #6 #11 #74
MD buinneachán f. [ACD] duine salach suarach #6
MD buitseachán f. [ACD] duine (duine óg, go háirithe) bheadh postúil teanntásach, a mbeadh go leor le rá aige, bheadh á bhrú féin chun cinn #63 #6
MD bulaí f. [ACD] fear achrainn, ‘bully’ #6
MD bun f. [ACD] duine beag téagartha láidir #6
MD buíocán f. [ACD] duine buí as a aghaidh #62 #6
MD buíóg b. [ACD] bean bhuí as a haghaidh #74 #6
MD béiceadán f. [ACD] duine mór beathaithe #6
MD bó mhór b. [ACD] duine mórthábhachtach; boc mór #6
MD búbaire f. [ACD] ‘booby’, duine domhúinte gan ghus #6
MD búbaí f. [ACD] ‘booby’, duine domhúinte gan ghus #6
MD búilleach f. [ACD] amadán, i leagan ‘Rinne sé búilleach dhaom’ #1; duine oibríos ró-dhian, i leagan mar ‘ag díona’ búilligh dhíot héin’ #1 .i. do do mharú féin ag obair, ag déanamh múille díot féin. ‘Deirtí fadó an té nach dtiúrfadh aire don scoil go mbeadh sé ina bhúilleach’ #6
MD búistiún f. [ACD] duine drochmhúinte, nach mbeadh aon acmhainn ar ghreann aige #7 #6
MD búistéara f. [ACD] duine ramhar #6
MD búrla f. [ACD] duine mór ramhar #6; duine dorcha drochmhúinte tostach #6. ‘Nach é an búrla bodaigh é’ #1a, le duine drochmhúinte
MD búrlamán f. [ACD] duine mór ramhar #6; duine gan ghus #23
MD cabaire f. [ACD] duine cabach béalscoilte #6 #64
MD cailicéara f. [ACD] argónaí cliste deá-chainteach thiúrfadh focal ar an bhfocal dá chéile argóna #6
MD cailleach b. [ACD] cladhaire, duine chlisfeadh #6
MD cailleoigín b. [ACD] seanbheainín bheag #6; bean bheadh ag dul thar aois a pósta ach bheadh ag cur i gceílll go raibh sí níb óige #74. Déarfadh seanmháthar ‘A Chailleoigín!’ le gearrchaile beag
MD caillteachán f. [ACD] duine ‘caillte’ gortach (sprionlaitheoir) #6
MD cailín báire f. [ACD] cailín (nó bean) bheadh glic mí-mhuiníneach #5 #6
MD caiteachán f. [ACD] duine caite tanaí #27 #6
MD caiteog b. [ACD] bean bheag thanaí #6 #66
MD camalóid b. [ACD] duine fada tanaí cam #6 #4
MD cantalóir f. [ACD] duine cantalach (crosta cancarach) #6
MD carachán f. [ACD] duine beag gan aon bhiseach faoi #23 #6
MD cathaíodóir f. [ACD] duine chuirfeadh cathú ar dhuine, mheallfadh duine le drochrud a dhéanamh #6
MD ceaibilíors f. [ACD] #6 daoine díomhaoine bheadh ag crochadóireacht, ag guairdeall, thart
MD ceaimil f. [ACD] duine fada crotach #6
MD ceannfoirt f. [ACD] cinnire; ceann feadhain (q.v.) #4 #6
MD ceithearnach f. [ACD] fear mór láidir cnámhach #6 #3 #63
MD cimleachán f. [ACD] duinín beag suarach lag #23 #6
MD clabaire f. [ACD] duine ró-chainteach #64 #6
MD cladhaire f. [ACD] duine gan mhisneach #28 #6 ; duine a mbeadh drogall nó leisce roimh obair air, agus bheadh ag iarraidh an obair a sheachaint #6
MD claibín muilinn f. [ACD] clabaire (q.v.) #6
MD clamhsánaí f. [ACD] duine casoideach gearánach #6
MD cleabhar f. [ACD] i bhfocla mar ‘Nach thú an cleabhar! #6’ Déarfaí le gasúr contráilte. Focal gan gangaid é.
MD cleaití b. [ACD] bean mhór gan bhrí gan slacht #6 #74
MD cleigear f. [ACD] duine cainteach díchéillí #6 #62
MD cleith b. [ACD] duine ard caol #6
MD clifeálaí f. [ACD] duine bheadh ag clifeáil rudaí (ag coinneáil rudaí nár leis), ag mionghadaíocht #6 #66 #3
MD cligear f. [ACD] gasúr beag contráilte #6; duine díchéillí #33
MD cliúsaí f. [ACD] mealltóir ban #6
MD clogaide b. [ACD] duine gan bhrí, gan ghus #1. ‘Clogaide óinsí’ #6
MD closmar f. [ACD] duine gan stuaim gan slacht #63 #6
MD clouitéara f. [ACD] leath-amadán #7 #1; bithiúnach #6 #2
MD cloustar f. [ACD] duine nach mbeadh a chuid éadaí fáiscthe air #3; gasúr gan tuiscint #6
MD clouta f. [ACD] duine dhéanfadh rud aisteach, le teann simplíocht; leath-amadán #6
MD cluanaí f. [ACD] mealltóir ban #2 #63; duine mealltach bréagach cealgach #28; duine bheadh ag guairdeall thart ag faire ar a dheis le rud a ghoid #3 #6; fear oibre chuirfeadh dalla-mullóg ar an bhfear bheadh as a chionn #74
MD cluasánaí f. [ACD] duine dall-intinneach, neamh-airdiúil #6
MD cláirseach b. [ACD] bean mhór leathan #1. Agus go drochmheastúil i bhfocla mar ‘Nach í an chláirseach bhradach í’ #6
MD clíseach b. [ACD] amadán, óinseach #1, a bheadh mí-chaoithiúil #53; duine salach sraimlí #74. ‘Bhí sé in a chlíseach ann’ #6 , bhí sé ar meisce agus é ag gleó.
MD codal b. [ACD] duine socair simplí gan urchóid #6
MD codaí f. [ACD] duine socair sásta gan bhrí gan mhothú, nach mbeadh aon dul chun cinn ann #23 #28 #6
MD codladh mór f. [ACD] duine nach n-éireodh go mbeadh sé deireannach ‘Nach thú an codladh mór #6; A chodladh mór!’ #6
MD comhairleach f. [ACD] duine a mbeadh comhairle nó smacht aige ar dhaoine, ceannasaí #1; duine thiúrfadh comhairle uaidh (i bhfocla ar nós ‘Marach comhairleachaí’ #6)
MD conablach b. [ACD] duine caite #6 #63
MD conán f. [ACD] fear réidh socair sásta #6 #23
MD corpadóir f. [ACD] bithiúnach #74 #6
MD cosa fuara b. [ACD] iolra, daoine bochta i gcomhluadar ‘dhaoine móra’; daoine ag cóisir gan cuireadh #6
MD craiceálaí f. [ACD] duine ‘craiceáilte’, gan chiall #6 #64
MD criotán f. [ACD] duine lag craite #46 #6
MD crománach f. [ACD] duine mór ard crom #6
MD crosachán f. [ACD] duine salach as a éadan #7 #6
MD cruaidh-bhuachaill f. [ACD] cruaidh-bhodach (q.v.) #6
MD cruitíneach f. [ACD] cruiteachán (q.v.) beag #6
MD crupach b. [ACD] duine bheadh cruptha nó lúbtha (le haois) #1 ‘Crupach caillí’ seanbhean a mbeadh ‘a cloigeann is a cosa buailte ar a chéile’ #63. ‘Seanchrupach go dhuine’ #1. ‘Crupachín bheag’ #6
MD crupaire f. [ACD] duine bheadh cruptha nó lúbtha (le haois) #6 #3
MD crácálaí f. [ACD] sclábhaí maith oibre #6 #64
MD crágachán f. [ACD] siúlaí mí-stuama, bheadh ‘ag crágáil’ #6
MD cráiteachán f. [ACD] cnuastóir, sprionlaitheóir #1; siopadóir nach dtiúrfadh an miosúr ceart uaidh #6
MD créatúr f. [ACD] duine bheadh ina dhíol truaighe #6
MD crúbachán f. [ACD] oibrí láidir garbh #1; duine ligfeadh do rud titim uaidh #4; duine místuama as a lámha #6
MD crúbaire f. [ACD] duine mórchrúbach #1; crúbachán (q.v.) #6 #64
MD cuaille f. [ACD] duine mór tanaí; duine mór tanaí leisciúil #1. ‘Cuaille cisteanaí’, duine díomhaoin i gcisteanach #3 #6
MD cuartaí f. [ACD] duine rachadh ar cuairt #33 #6
MD cuinfirt b. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh ag achrann is ag siúite #6
MD cultar f. [ACD] duine nach mbeadh aon chuma ar a chuid éadaigh #6 #62
MD cuncar f. [ACD] duine éasca fada caol #62 #6; duine an-siúlach bheadh ag imeacht ó theach go teach #3
MD cuntrálaí f. [ACD] duine cuntráilte, sé sin, duine a mbeadh sé deacair tarraing leis, duine do-shásta #6 #64
MD céiprálaí f. [ACD] duine bheadh ag cleasaíocht, ag geáitseáil, ag ceáfráil #6 #64
MD cúirtéara f. [ACD] duine dhéanfadh cúirtéireacht #6
MD daba f. [ACD] duine mór ramhar #6
MD dall f. [ACD] duine gan amharc #6
MD dathadóir f. [ACD] duine deá-chainteach #3 #62; duine bréagach bheadh go maith ag cumadh scéil; gasúr críonna choinneodh caint le duine #6
MD deabhal f. [ACD] bithiúnach #6
MD deilifeóirín f. [ACD] duine nó páiste bheadh tanaí bánghnéitheach #62 #6
MD draidíneach f. [ACD] duine beag thaispeánfadh na fiacla agus é ag gáirí #6; duine magúil #63
MD draíodóir f. [ACD] fear (bean) draíochta #6 #33; duine bheadh in ann imirt ort #2 #13
MD dris b. [ACD] duine cantalach #7 #6
MD druinníneach f. [ACD] duine beag crotach #6
MD druncaera f. [ACD] meisceoir #6
MD drúichtíneach f. [ACD] ‘duine beag beag beag éadrom’ #6
MD díolaí f. [ACD] duine a d’íocfadh a chuid fiacha #6 #74
MD díthreabhach f. [ACD] duine beag ainneis #3 #6
MD ealaíontóir f. [ACD] duine ‘ealaíonta’, sé sin, duine glic beartaithe ‘pleaineáilte’ #6
MD easóg b. [ACD] duine cantalach achrannach mioscaiseach #6
MD faeiléara f. [ACD] fear eolais, cainteoir maith, scéalaí #6 #3
MD faeilí f. [ACD] fear eolais, cainteoir maith, scéalaí #30 #6 ‘Faeilí mór é le páipéir’ #6, fear é a léann na páipéir go coitianta is bhaineann meabhair astu
MD fathach f. [ACD] duine ollmhór #6
MD fealltóir f. [ACD] duine fealltach #6 #66
MD feannadóir f. [ACD] duine bheadh ag ‘feannadh’, ag sciolladh nó ‘ag ithe is ag gearradh’ ar dhaoine #6 #64
MD feirdí f. [ACD] feairín beag, cailín beag óg #6
MD feithideach f. [ACD] duinín beag bídeach #6 #4; duine, ‘críostaí’ (i bhfocla mar ‘Ní raibh feithideach an éin bheo le feiceál’) #6
MD feádóir f. [ACD] duine díomhaoin siúlach #3 #6
MD fidleálaí f. [ACD] duine bheadh ag ‘fidleáil’, ag útamáil le rud, ag méirínteacht ar rud #6
MD filí f. [ACD] feannadóir (q.v.) maith #1 #6
MD firéad f. [ACD] duine tanaí #6
MD flapóig b. [ACD] beainín bheag leathan (a mbeadh siúl na lachan aici) #6 #1a Cf. lapóig
MD fleascach f. [ACD] cladhaire #1; duine bheadh ag iarraidh gníomh a dhéanamh agus a chlisfeadh #3 #6; duine a loicfeadh roimh obair #4
MD foeifileá f. [ACD] duine beag díchéillí éitreorach #6 #33; duine fada gan aon chuma dhéanta air #74
MD foirneálaí f. [ACD] duine bheadh ag imeacht leis ag obair go deireannach #6 #74
MD folach f. [ACD] duine ramhar leathan #6 #53; duine nach mbeadh a chuid éadaigh fáiscthe air #56. ‘Tá sé ina fholach inniu’, tá go leor leor éadaigh air #66
MD foránach f. [ACD] fear óg láidir #6 #23
MD fraeicsálaí f. [ACD] duine aerach #6 #22
MD freangach f. [ACD] duine fada tanaí; duine coilgneach cantalach #6
MD fuipstar f. [ACD] bean dhrochmhúinte #17 #1; cailín óg aerach #6
MD fulangach f. [ACD] duine atá i riocht go leor a fhulang #6 #4
MD fulangaí f. [ACD] duine atá i riocht go leor a fhulang #6 #63
MD fámaire f. [ACD] strainséara ar saoire cois farraige #63 #6
MD fánadóir f. [ACD] duine bheadh ag imeacht ar fán is ar fuaidreamh #6 #64
MD fátallaí f. [ACD] soláthraí (maith) #6 #33
MD gadaí f. [ACD] duine dhéanfadh goid #6 #64
MD gaeilgeóir f. [ACD] cainteoir (maith) Gaeilge; strainséara bheadh ag foghlaim na Gaeilge; strainséara ar saoire #6
MD gairmneach b. [ACD] bean mhór láidir fhíáin dhrochmhúinte #2 #23 #7; óinseach mhór #6 #23
MD gaisceachán f. [ACD] duine gaisciúil #6
MD gamal óg f. [ACD] gasúr an-ard gan aon neart ann #6 #7
MD gearracháinín f. [ACD] feairín beag beagéadanach #6
MD geolbhachán f. [ACD] duine ramhar a bhfuil cupla smig aige #6 #3
MD geospal f. [ACD] duine beag caite craite #6
MD geáitseálaí f. [ACD] duine bheadh ag geáitseáil ó áit go háit, ‘nár thúisce anseo ná ansiúd é’ #56 #6
MD ghiúgai gheágaí f. [ACD] duine a mbeadh caint lag neámhaí aige #6
MD gialltrachán f. [ACD] fear cnámhach láidir; fear cnámhach caite #6 #63
MD gibsaire f. [ACD] duine (óg) bheadh ag gibideacht nó ag scillige cainte, cabaire (q.v.) #6
MD gibstaire f. [ACD] duine (óg) bheadh ag gibideacht nó ag scillige cainte, cabaire (q.v.) #6
MD ginnéalach f. [ACD] duine mór láidir #6 #66
MD gioblachán f. [ACD] duine gioblach #6
MD giolcaire f. [ACD] cabaire (q.v.) #6 #66
MD giolla f. [ACD] i leaganacha mar ‘A ghiolla gan cuireadh #6 ! A ghiolla na leisce #6 ! A ghiolla an tochais #74! A ghiolla na mbréag #74!’ ‘Giolla an tsodair’, duine a bheadh éasca a chur chun bealaigh #76
MD giostaire f. [ACD] gasúr cabach abartha #3 #6; duine bheadh ag teacht romhat sa gcaint #33
MD giota beag f. [ACD] duine beag #6 #63 ‘Gitín beag’ #6
MD glafaire f. [ACD] duine cainteach ardghlórach #2 #6
MD glagaire f. [ACD] duine ró-chainteach #6 #74
MD glaomaire f. [ACD] duine bheadh ag ‘glaomaireacht’, ag caint go hard is ag screadach #6 #62
MD gleoiteog b. [ACD] bean deas slachtmhar #6
MD gliceadóir f. [ACD] cleasaí glic #3 #6
MD gligear f. [ACD] duine beag lag meath-thinn #6 #63; duine sothógtha sochorraithe #6; duine gan éirim #10
MD gligrachán f. [ACD] gligear (q.v.) #6; duine cainteach cantalach #2
MD glincíneach f. [ACD] duine bheadh ag síorchaint is gan ag cur imní air ach a chúrsaí féin #74 #6
MD gliobóg b. [ACD] gearrchaile beag deas; bean deas óg #63 #6 (Níl aon chur síos ar a cuid gruaige sa bhfocal)
MD gliúrachán f. [ACD] duine mór ramhar mórbholgach #4 #6
MD glug glag f. [ACD] duine bog beathaithe #6 #66
MD glugrachán f. [ACD] duine bog beathaithe #6
MD gluitéara f. [ACD] duine mórshách; duine ramhar #6 #5
MD glutaire f. [ACD] duine mórshách; duine ramhar #62 #6
MD glíomálaí f. [ACD] duine a bheadh ag plé le rud nó le obair nach mbainfeadh leis nó nach mbeadh aon scil aige ann #6 #63; fear mór cúirtéireacht #63; duine bheadh ag láimhseáil ruda go místuama, ag ligean do rudaí titim trína lámha #74
MD glíomán múta f. [ACD] duine mór ramhar liopastach; duine leisciúil #6 Cf. líomán
MD gnaithí f. [ACD] ‘a ghnaithí gan iarraidh #6 !’ focal a déarfaí le duine bheadh ag cur isteach ar ghnaithí daoine eile, nó ag cur cúraim nach mbainfeadh leis air féin
MD gnathach f. [ACD] oibrí, soláthraí maith stuama, duine mbeadh déanamh maith gnaithí ann #6 #50
MD gobachán f. [ACD] bean chaite as a héadan #3; bean fhadshrónach #74; bean ghearrfhreagrach ghangaideach #6
MD gobaire f. [ACD] bean chaite as a héadan; bean fhadshrónach; bean ghearrfhreagrach ghangaideach #6 #53
MD gortachán f. [ACD] duine gortach neamhfhial #6
MD goróir f. [ACD] duine a mbeadh tóir aige bheith ‘thíos sa tine’ á théamh féin #6
MD grabaire f. [ACD] gasúr, tuairim cheithre nó chúig bhliana déag d’aois, a mbeadh go leor eolais aige, dar leis féin, agus bheadh fiosrach, cainteach #6 #23 #3
MD graimpéar f. [ACD] bean mhór láidir gharbh #6
MD griollach b. [ACD] duine mór ramhar míchaoithiúil #4 #6 (Focal díomolta nó magaidh é, ní hionann agus ‘griollaire’)
MD groeipeachán f. [ACD] duine fadshrónach #6 #53
MD gruaiméara f. [ACD] duine gruama #7 #2 #6
MD gruamaire f. [ACD] duine gruama #6 #64
MD grugaid b. [ACD] duine beag caite a mbeadh cruit le haois nó le fuacht air #6 #4
MD gráinneoig b. [ACD] duine cantalach #6; duine bheadh cnaptha sa gclúid #6 #56
MD gráiscíneach f. [ACD] duine gáirsiúil #6
MD gríscíneach f. [ACD] duine beathaithe dearg-éadanach #62 #6
MD gríóir f. [ACD] duinín beag lag #6 #74
MD gróigín f. [ACD] duine beag leathan ramhar #6
MD guigín f. [ACD] duine íseal leathan #6
MD guta f. [ACD] i bhfocla mar ‘Tá mé i mo ghuta’ #6, tá mé fliuch salach; ‘Tá sé ina ghuta le feoil’ #4, tá sé an-ramhar
MD géagachán f. [ACD] fear mórghéagach mórchnámhach láidir #1; fear mór caite corrchnámhach #6
MD géagánach f. [ACD] fear mórghéagach mórchnámhach láidir; fear mór caite corrchnámhach #6
MD géimstar f. [ACD] duine aerach spraoiúil #2 #6
MD gúta f. [ACD] i bhfocla mar ‘Tá sé ina ghúta le feoil’ #6 #22, tá sé an-ramhar
MD jeifearaí f. [ACD] duine beag #4 #3 #6
MD jorcaí f. [ACD] duine beag #6
MD ladhrálaí f. [ACD] duine bheadh ag láimhseáil ruda go místuama; duine ligfeadh do rud titim as a lámha #6
MD lapaire f. [ACD] duine beag ramhar #3 #6
MD lapóig b. [ACD] bean bheag leathan #6 #62
MD leadaí f. [ACD] duine glic leisciúil a d’éalódh ó obair #33 #6 ‘Leadaí na luaithe #7, leadaí na clúdach #6 #5’ duine díomhaoin d’fhanfadh sa gclúid. ‘Leadaí an mheán oíche’ #7, duine d’fhanfadh amuigh deireannach san oíche
MD lebide f. [ACD] amadán #6
MD leibide ó leó f. [ACD] amadán #6 #56
MD leiciméara f. [ACD] duine díomhaoin glic, ligeas díth céille nó símplíocht air féin #6 #23
MD leidhcéara f. [ACD] duine gan chiall gan tuiscint #6 #74
MD leóitéara f. [ACD] pleidhce, amadán #6
MD leóta f. [ACD] pleidhce, amadán #7 #6
MD liobar f. [ACD] duine sraoilleach liobarsach gioblach #6
MD liobrachán f. [ACD] duine sraoilleach liobarsach gioblach #6
MD loirgneach b. [ACD] bean mhór fhada chaol #6 #4
MD ludar f. [ACD] duine ramhar #6 #62
MD luid b. [ACD] bean mhór ramhar réidhchúiseach #6 #74
MD líb f. [ACD] i bhfocla mar ‘Bhí mé ‘mo líbin (báite)’, bhí mé fliuch salach #6
MD líbín f. [ACD] i bhfocla mar ‘Bhí mé ‘mo líbin (báite)’, bhí mé fliuch salach #6
MD líodrálaí f. [ACD] duine a mbeadh tóir aige ar ithe agus ól; duine bheadh ag súdaireacht, ag iarraidh beatha is óil (i dteach bainse, abair) #6 #53
MD lúireach b. [ACD] duine mór ramhar trom a mbeadh siúl an bhealaigh ann ar éigin #6 #74
MD lúán f. [ACD] duine an-ramhar #2 #6 #33
MD magalach b. [ACD] sean-óinseach #3 #6
MD mairtíneach f. [ACD] duine nach bhfuil lúth na gcos aige #23 #6
MD mallaíodóir f. [ACD] duine bheadh tugtha do na mallachtaí; duine mínósach #3 #6
MD mamsóig b. [ACD] cailín beag pointeáilte #6
MD mantachán f. [ACD] duine a mbeadh (cuid mhór de) na fiacla caillte aige #6
MD masc f. [ACD] duine caite gránna as a aghaidh #7 #6
MD meadhróg b. [ACD] cailín beag éadrom aerach #6 #62 #10
MD mochóirí f. [ACD] duine d’éireódh go moch go hiondúil #6
MD moeitseálaí f. [ACD] gasúr bheadh ag moeitseáil (ag fanacht gan cead) ón scoil; duine bheadh ag ligean faillí ina ghnótha, bheadh ag moilleadóireacht faoi bhealach #6
MD moilleadóir f. [ACD] duine mall ag obair, ag siúl #2 #6
MD mordaróir f. [ACD] dúnmharfóir #64 #6
MD mouiléad f. [ACD] duine mór trom ramhar ‘rounáilte’ #3 #6
MD mouiléar f. [ACD] duine mór trom ramhar ‘rounáilte’ #3 #6
MD mucálaí f. [ACD] ablálaí, duine nach gcuirfeadh aon tslacht ar a chuid oibre #4 #6
MD mullachán f. [ACD] gasúr beag (gan aon tagairt dá chloigeann gruaige) #6; gasúr mórchloigneach #33; agus i bhfocla mar ‘Cé leis an mullachán rua?’ #6, cé leis an gasúr ruadh?
MD másaire f. [ACD] fear ramhar as a mhása #6 #3
MD méiseálaí f. [ACD] meadrálaí (q.v.) de ghasúr #6
MD namhaid f. [ACD] bíobha, eascara #4 #6
MD niúide neáide f. [ACD] duine gan bhrí gan ghus #6 #50
MD oibrí f. [ACD] saothraí, fear (bean) oibre #6
MD oibríoch f. [ACD] saothraí, fear (bean) oibre #6
MD pailitéara f. [ACD] duine gan talamh, thógfadh talamh ar cíos lena chur #7 #6
MD peata f. [ACD] páiste a ligfí a bhealach féin leis, is a ndéanfaí an iomarca freastail air #6; duine fealltach gangaideach (i bhfocla mar ‘Ba é an drochpheata é’ #6)
MD pioróid b. [ACD] bean chaite #4 #6
MD pislíneach f. [ACD] páiste nó gasúr a mbeadh pislíní leis #6
MD plablálái f. [ACD] gasúr mbeadh cosa fliucha salacha aige, bheadh ag siúl i bpuiteach #6
MD placaire f. [ACD] gasúr bheadh ag ithe go han-mhinic #6
MD plaiteachán f. [ACD] duine platach #6 #74
MD pleadhb b. [ACD] duine salach #33; amadán #6 #3
MD pleib f. [ACD] leath-amadán #2; duine dhéanfadh praiseach d’obair #6; duine fliuch salach #33 #6
MD pleóitire f. [ACD] amadán tútach #6

[...] (Fhuaireadh barrachd is 300 faclan)

2022-12-04 CPD