Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD aibéis b. [ACD] duine treampánach bheadh ag cur isteach ort is nach bhféadfá a chur díot #6 #62 #74
MD bamsóigín b. [ACD] cailín beag deas pointeáilte #62
MD breoille f. [ACD] leisceoir #62; fear smeartha pislíneach #3; duine gan cuibheas #74; duine bheadh nochtaithe nó ionann agus nochtaithe #33. Focla drochmheastúla neamhchruinne iad seo: ‘Maran tú an breoille! #4’ Nach é an breoille againn é! #6
MD brillín f. [ACD] ainm drochmheastúil i bhfocla ar nós ‘A bhrillín!’ #62
MD bromachán f. [ACD] duine mór ramhar; gasúr ramhar #23 #62
MD bunastán f. [ACD] duine láidir daingean #23 #62
MD buíocán f. [ACD] duine buí as a aghaidh #62 #6
MD ceardaí f. [ACD] leas-ainm (neamhchruinn?) é i bhfocla mar ‘Nach tú an ceardaí’ #62; ‘A cheardaí !’ #33
MD ceólán f. [ACD] duine beag cainteach #1a; páiste caointeach #1a; duine cantalach clamhsánach #23; agus i bhfocla mar ‘Tá mé i mo cheolán g’oireasa codlata’ #1, tá ‘ceol’ i mo cheann....; ‘Bhí tú ’do cheolán ar feadh na hoíche’ #62, níor chodail tú ar feadh na hoíche
MD cincíneach b. [ACD] duine geancach #62
MD cleigear f. [ACD] duine cainteach díchéillí #6 #62
MD cuairsce b. [ACD] bean mhíphointeáilte, mhístuama #1; bean mhór dhíomhaoineach #62; fear mór gránna stuacach gruama #33
MD cultar f. [ACD] duine nach mbeadh aon chuma ar a chuid éadaigh #6 #62
MD cuncar f. [ACD] duine éasca fada caol #62 #6; duine an-siúlach bheadh ag imeacht ó theach go teach #3
MD dathadóir f. [ACD] duine deá-chainteach #3 #62; duine bréagach bheadh go maith ag cumadh scéil; gasúr críonna choinneodh caint le duine #6
MD deilifeóirín f. [ACD] duine nó páiste bheadh tanaí bánghnéitheach #62 #6
MD deárlachaín f. [ACD] duine beag #62 #4; páiste beag nach mbeadh ag méadú #62
MD gibire f. [ACD] duine (óg) bheadh ag gibideacht nó ag scillige cainte, cabaire (q.v.) #62 #50
MD glaomaire f. [ACD] duine bheadh ag ‘glaomaireacht’, ag caint go hard is ag screadach #6 #62
MD glutaire f. [ACD] duine mórshách; duine ramhar #62 #6
MD groeivdeachán f. [ACD] duine mór tanaí cnámhach #74 #62
MD gríscíneach f. [ACD] duine beathaithe dearg-éadanach #62 #6
MD lapóig b. [ACD] bean bheag leathan #6 #62
MD leannán f. [ACD] i bhfocla mar ‘Nach thú an leannán !’ #61 #62 nach thú an peata!, focal déarfaí le páiste. ‘Sean-leannán liom é’ #23, seanchara liom é
MD ludar f. [ACD] duine ramhar #6 #62
MD luta f. [ACD] bean mhór ramhar #62 #3
MD meadhróg b. [ACD] cailín beag éadrom aerach #6 #62 #10
MD pleóta f. [ACD] amadán tútach #62
MD pláibistéara f. [ACD] duine plámásach bladarach; duine bheadh ag iarraidh cúnamh a thabhairt, mar ó dhia, is nach ndéanfadh tada #6 #62
MD priocachán f. [ACD] duine beag caite #62
MD prochán f. [ACD] duine beag, gan aon déanamh slachtmhar air #3 #62
MD ringiléad f. [ACD] beainín bheag ramhar #4 #62
MD roedéalach f. [ACD] duine ard caol cam, agus leisciúil #62 #5
MD rubaits b. [ACD] bean dhána mhínáireach; bean choitianta #6; ‘Rubaitseachaí baile mhóir’ #62
MD rálach b. [ACD] stríopach; bean chantalach dhrochmhúinte #23 #62
MD scrománach f. [ACD] duine mór ard crom #62 #63
MD scuaideog b. [ACD] cailín aerach ar nós na raiteoige (q.v.) bheadh imithe thar comhairle athar is máthar #62; bean bheag éadrom thanaí #6 #66; bean chaol faoi éadach fada #3
MD scáile b. [ACD] duine lag tanaí #63 #62
MD scéireoigín b. [ACD] cailín beag aerach díchéillí #4 #62
MD seanriadaire f. [ACD] seanduine nach mbeadh i riocht aon obair a dhéanamh #62 #63; seanfhear glic eolach; gasúr seanchríonna #74 #76
MD slamóigín b. [ACD] beainín bheag #23 #6, gan tslacht #62
MD sliútar f. [ACD] duine mbeadh bróga móra liobarsacha air, a tharraingeodh a chosa ina dhiaidh sa siúl #4 #6 #62
MD smalcaire f. [ACD] duine mórshách a d’íosfadh rud ar bith #6 #62; gasúr láidir a mbeadh goile maith aige #74
MD snag f. [ACD] duine lag tanaí #6 #62
MD snágaí f. [ACD] duine mall leisciúil gan bhrí #1; duine beag lag tanaí #62 #6
MD sticéara f. [ACD] sprionlatheoir, duine gortach ag roinnt ruda #62 #6; duine cruaidh le margadh a dhéanamh leis #74
MD strachaille f. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh cainteach achrannach mioscaiseach #3 #62 #74
MD stumpán f. [ACD] stulcán (q.v.) #62
MD suachmán f. [ACD] duine nó páiste bheadh bog ramhar #23 #62
MD sutach f. [ACD] gasúr dána mímhúinte #3 #62
MD sáiteán f. [ACD] duine beag téagarach deá-dhéanta #3 #74; duine sháithfeadh é féin isteach i gcomhluadar, bheadh ag imeacht ar cuireadh gan iarraidh #3 #62 #63
MD sínnéalach f. [ACD] fear mór ard#4 #23 #62
MD sínéalach f. [ACD] fear mór ard #4 #23 #62
MD síogaí f. [ACD] duine beag lag meaththinn #62 #6; duine beag caol caite #49 #5 #6
MD ágóid b. [ACD] duine (bean go háirithe) bheadh gangaideach drochmhúinte #7 #6 #23; bean chruaidh ghortach #3 #62
2022-12-04 CPD