Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD aimid caillí b. [ACD] bean chantalach chlamhsánach #63 #74; ‘Aimid go (de) shraoill’ #74
MD bleadrachán f. [ACD] duine mórbholgach #63; mórshách; mórchainteach #1
MD bollscaire f. [ACD] duine gaisgiúil gan aon chur leis #23; duine gan gus, gan fios a labhartha aige #63; duine glic #6
MD briollaire f. [ACD] leath-amadán #63
MD bruilíneach f. [ACD] duine beag dea-ghléasta a mbeadh a dhóthain feola air is cuma an tsaibhris air #3; duine ramhar #63
MD brúisc b. [ACD] duine tostach drochmhúinte míchuntanósach #63 #6
MD brúitíneach f. [ACD] stumpa beag leathan #6; fear beag beathaithe #11; duine bheadh lán suas le bia #63; duine olc gan acmhainn grinn #33
MD buinghiota f. [ACD] duine beag #2 #63
MD buinneán caca f. [ACD] fear mór gan mhaith #63
MD buitseachán f. [ACD] duine (duine óg, go háirithe) bheadh postúil teanntásach, a mbeadh go leor le rá aige, bheadh á bhrú féin chun cinn #63 #6
MD bundún f. [ACD] duine dúr drochmhúinte stuacach #7 #63
MD ceithearnach f. [ACD] fear mór láidir cnámhach #6 #3 #63
MD closmar f. [ACD] duine gan stuaim gan slacht #63 #6
MD cluanaí f. [ACD] mealltóir ban #2 #63; duine mealltach bréagach cealgach #28; duine bheadh ag guairdeall thart ag faire ar a dheis le rud a ghoid #3 #6; fear oibre chuirfeadh dalla-mullóg ar an bhfear bheadh as a chionn #74
MD conablach b. [ACD] duine caite #6 #63
MD confairt b. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh ag achrann is ag siúite #3 #63
MD cruachán f. [ACD] duine cruaidh tanaí nach mbeadh aon bhiseach ná aon fhás faoi #1 #63
MD crupach b. [ACD] duine bheadh cruptha nó lúbtha (le haois) #1 ‘Crupach caillí’ seanbhean a mbeadh ‘a cloigeann is a cosa buailte ar a chéile’ #63. ‘Seanchrupach go dhuine’ #1. ‘Crupachín bheag’ #6
MD cáinteoir f. [ACD] duine bheadh tugtha don cháineadh #1 #63
MD dailtín f. [ACD] fear óg mbeadh an-mheas aige air féin #63; duine beag téagarthach #74
MD dailtíneach f. [ACD] fear óg mbeadh an-mheas aige air féin; duine beag téagarthach #63 #74
MD draidíneach f. [ACD] duine beag thaispeánfadh na fiacla agus é ag gáirí #6; duine magúil #63
MD fiagaí f. [ACD] saothraí, soláthraí #63
MD fulangaí f. [ACD] duine atá i riocht go leor a fhulang #6 #63
MD fámaire f. [ACD] strainséara ar saoire cois farraige #63 #6
MD garbhóg b. [ACD] bean mhór gharbh láidir #63
MD geabhróg b. [ACD] cailín beag cruaidh piocúil #3 #50; bean bheag éadrom #63
MD geailisín f. [ACD] duine beag pointeáilte néata #63
MD gialltrachán f. [ACD] fear cnámhach láidir; fear cnámhach caite #6 #63
MD gibide f. [ACD] duine (óg) bheadh ag gibideacht nó ag scillige cainte, cabaire (q.v.) #1 #63
MD giortachán f. [ACD] bean bheag #63
MD giota beag f. [ACD] duine beag #6 #63 ‘Gitín beag’ #6
MD gligear f. [ACD] duine beag lag meath-thinn #6 #63; duine sothógtha sochorraithe #6; duine gan éirim #10
MD gliobóg b. [ACD] gearrchaile beag deas; bean deas óg #63 #6 (Níl aon chur síos ar a cuid gruaige sa bhfocal)
MD glíomálaí f. [ACD] duine a bheadh ag plé le rud nó le obair nach mbainfeadh leis nó nach mbeadh aon scil aige ann #6 #63; fear mór cúirtéireacht #63; duine bheadh ag láimhseáil ruda go místuama, ag ligean do rudaí titim trína lámha #74
MD gráiscín f. [ACD] duine gáirsiúil #23 #63
MD gíománach f. [ACD] fear mór ard #2 #37, cam #63
MD mapsóg b. [ACD] mamsóig (q.v.) #63; cailín beag a mbeadh eolas thar a haois aici agus ionmhas inti #3
MD piarálach f. [ACD] duine mór dea-ghléasta dea-shnuach #63 #5
MD plubar f. [ACD] bean ramhar bhog #63 #6
MD práisiléad f. [ACD] duine místuama míchaoiúil #3 #56; sraoill #63; duine mór ramhar gan fuinneamh #1a; duine mídhéanta míshlachtmhar #74
MD puicéara f. [ACD] puic (q.v.) #6; duine bheadh ag cruinneáil a choda; duine bheadh go teann liosta ag iarraidh ruda #63 #6 #74
MD puiteálaí f. [ACD] duine maoilscríobach míphointeáilte ag obair, a dhéanfadh praiseach d’obair #64 #63
MD pápaire f. [ACD] duine bheadh ag pápaireacht, sé sin ag síor-iarratas #6 #63
MD púitseálaí f. [ACD] duine bheadh ag púitseáil (ag iascach go neamhdhleathach) #33 #6; duine bheadh ag cruinneáil dó féin, ag cur rudaí i bhfolach dó féin #63 #64
MD raibiléara f. [ACD] duine droch-mhúinte taghdach #6; bean dhéanfadh stríopachas corr-uair #23 #63
MD raicleach b. [ACD] bean ghangaideach dhrochmhúinte achrannach #25 #63 #6
MD raiteog b. [ACD] cailín dána; cailín a chleachtfadh an chúirtéireacht #7 #4, ‘ach nach n-éireodh tada di’ #63
MD righteachán f. [ACD] fear beag mórbholgach #63 #10
MD ropaire f. [ACD] duine achrannach drochmhúinte #3 #6 #63
MD roundar f. [ACD] duine ramhar ‘rounáilte’ #4 #63
MD ruarcán f. [ACD] cailleach mhór láidir gharbh #63
MD rífeálaí f. [ACD] duine bheadh ag ‘rífeáil thart’ (ag imeacht thart go fuadrach, gan aon rud ar fónamh a dhéanamh); duine cabach baothchainteach #3 #63
MD rógaire reatha f. [ACD] rógaire bheadh ag imeacht ó áit go háit ag goid #63
MD rúinne f. [ACD] beainín bheag #63
MD rúisceachán f. [ACD] sraoill #63
MD sacadán f. [ACD] duine bheadh ‘ag ithe i gcónaí’ #63
MD saibhseálaí f. [ACD] duine bheadh ag cuartú ruda; duine bheadh i gcónaí ar lorg eolais #63; duine bheadh ag imeacht i ndiaidh duine eile ag iarraidh airgid a bhaint de #3 #50
MD sail b. [ACD] fear mór láidir #13 #63
MD scairíneach f. [ACD] feairín beag scartha basach (bórach) #7 #63
MD scearachán f. [ACD] duine suarach lag truaillithe #23 #63
MD scluit b. [ACD] duine tanaí ‘folamh’ a bheadh i gcónaí ag iarraidh rud le n-ithe #63 #23
MD scoirnéalach f. [ACD] duine mór scolbánta cnámhach #1 #63
MD scológ b. [ACD] fear óg pointeáilte gléasta cruaidh #23 #4 #63; oibrí maith #33
MD scrománach f. [ACD] duine mór ard crom #62 #63
MD scáile f. [ACD] duine lag tanaí #63 #62
MD seanriadaire f. [ACD] seanduine nach mbeadh i riocht aon obair a dhéanamh #62 #63; seanfhear glic eolach; gasúr seanchríonna #74 #76
MD smúiríneach f. [ACD] duine bheadh fiosrach faoi ghnaithí daoine eile #63
MD sprochaille f. [ACD] duine smaoiseach #63; duine mór beathaithe #6; duine ard míshlachtmhar #74 #76
MD stoeice f. [ACD] duine caol ard; duine bheadh ina sheasamh suas díreach (in áit fheiceálach) #2 #63 (i bhfocla mar ‘Bhí sé ina stoeice ar an gcnocán’ #6)
MD straingiléara f. [ACD] bithiúnach #63; duine nach n-íocfadh a chuid fiacha #74
MD suanaí f. [ACD] duine bheadh ag suanaíocht (i leagan mar ‘tá tú ansin i do shuanaí) #63
MD sáiteán f. [ACD] duine beag téagarach deá-dhéanta #3 #74; duine sháithfeadh é féin isteach i gcomhluadar, bheadh ag imeacht ar cuireadh gan iarraidh #3 #62 #63
MD súmaire f. [ACD] duine tostach dorcha bheadh ag imeacht ag éisteacht le gach comhrá #6 #63
MD táiríneach f. [ACD] fear beag mórbholgach #63
MD áirneánach f. [ACD] duine d’fhanfadh ina shuí go deireannach #63
2022-12-04 CPD