| alaisceach | b. | [ACD] | bean mhór ramhar láidir #64 #1 | |
| bleadrálaí | f. | [ACD] | duine cainteach díchéillí #64 | |
| bromaire | f. | [ACD] | duine mór láidir trom folláin #6 #64 | |
| cabaire | f. | [ACD] | duine cabach béalscoilte #6 #64 | |
| clabaire | f. | [ACD] | duine ró-chainteach #64 #6 | |
| cluasánach | f. | [ACD] | duine dall-intinneach, neamh-airdiúil #64 #17 | |
| craiceálaí | f. | [ACD] | duine ‘craiceáilte’, gan chiall #6 #64 | |
| crácálaí | f. | [ACD] | sclábhaí maith oibre #6 #64 | |
| crúbaire | f. | [ACD] | duine mórchrúbach #1; crúbachán (q.v.) #6 #64 | |
| cuntrálaí | f. | [ACD] | duine cuntráilte, sé sin, duine a mbeadh sé deacair tarraing leis, duine do-shásta #6 #64 | |
| céiprálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag cleasaíocht, ag geáitseáil, ag ceáfráil #6 #64 | |
| feannadóir | f. | [ACD] | duine bheadh ag ‘feannadh’, ag sciolladh nó ‘ag ithe is ag gearradh’ ar dhaoine #6 #64 | |
| fánadóir | f. | [ACD] | duine bheadh ag imeacht ar fán is ar fuaidreamh #6 #64 | |
| gadaí | f. | [ACD] | duine dhéanfadh goid #6 #64 | |
| gleacaíodóir | f. | [ACD] | cleasaí glic #23 #64 | |
| gruamaire | f. | [ACD] | duine gruama #6 #64 | |
| mordaróir | f. | [ACD] | dúnmharfóir #64 #6 | |
| mútrálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag útamáil thart, ag útamáil le obair#1 #64 | |
| pataire | f. | [ACD] | gasúr óg ramhar #33 #64 | |
| plandóg | b. | [ACD] | ógbhean bhreá dhea-dhéanta #64 #74 | |
| pleaineadóir | f. | [ACD] | duine glic cam beartach #7 #64 | |
| puiteálaí | f. | [ACD] | duine maoilscríobach míphointeáilte ag obair, a dhéanfadh praiseach d’obair #64 #63 | |
| putrálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag ‘putráil’ nó ag útamáil le obair #6 #64 | |
| péacóg | b. | [ACD] | bean an-ghléasta an-mhaisithe #6 #64 | |
| púitseálaí | f. | [ACD] | duine bheadh ag púitseáil (ag iascach go neamhdhleathach) #33 #6; duine bheadh ag cruinneáil dó féin, ag cur rudaí i bhfolach dó féin #63 #64 | |
| ránaí | f. | [ACD] | duine righin díomhaoin #64 #4 #23 | |
| sciolladóir | f. | [ACD] | duine bheadh ag sciolladóireacht (ag béadán is ag tabhairt drochtheiste) ar dhuine eile #64 #6 | |
| scrataí | f. | [ACD] | fear mór leisciúil #64 #6; ‘Scrataí na luaithe’ #23, leadaí na luaithe (q.v.) | |
| scriosadóir | f. | [ACD] | duine dhéanfadh scrios (i taobh airgid) ar dhaoine (siopadóir bhainfeadh luach ard dá chuisliméirí, duine an-chaifeach, etc.) #6 #64 | |
| slíbíneach | f. | [ACD] | duine sleamchúiseach ag obair; duine chaillfeadh rudaí as a phóca #6 #64 | |
| sraoilleálaí | f. | [ACD] | duine salach míphointeáilte #64 | |
| tiarálaí | f. | [ACD] | sclábhaí mór oibre, a mbeadh go leor cineálacha oibre ar siúl in éineacht aige #64 #14 | |
| útamálaí | f. | [ACD] | oibrí místuama neamhchríochnúil; duine bheadh ag méirínteacht le rud #6 #64 |