Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD baoiteachán f. [ACD] duine a mbeadh smaois lena shróin is pislíní lena bhéal #66 #53
MD briollach b. [ACD] duine gioblach #6 #66
MD broicín f. [ACD] duine bheadh an-ghar dó féin #74 #6; duine dubhliath #66 #6
MD bruineoigín b. [ACD] bean bheag ramhar phointeáilte #74 #66
MD caiteog b. [ACD] bean bheag thanaí #6 #66
MD clifeálaí f. [ACD] duine bheadh ag clifeáil rudaí (ag coinneáil rudaí nár leis), ag mionghadaíocht #6 #66 #3
MD fealltóir f. [ACD] duine fealltach #6 #66
MD folach f. [ACD] duine ramhar leathan #6 #53; duine nach mbeadh a chuid éadaigh fáiscthe air #56. ‘Tá sé ina fholach inniu’, tá go leor leor éadaigh air #66
MD ginnéalach f. [ACD] duine mór láidir #6 #66
MD giolcaire f. [ACD] cabaire (q.v.) #6 #66
MD glug glag f. [ACD] duine bog beathaithe #6 #66
MD meatachán f. [ACD] duine óg bheadh mall ag fás #74; duine míshláintiúil #66
MD sceaimpéara f. [ACD] bithiúnach #6 #66
MD sclugaire f. [ACD] duine bheadh ag sclugaíl gháirí; duine ro-chainteach #6 #66
MD scuaideog b. [ACD] cailín aerach ar nós na raiteoige (q.v.) bheadh imithe thar comhairle athar is máthar #62; bean bheag éadrom thanaí #6 #66; bean chaol faoi éadach fada #3
MD scéiméara f. [ACD] duine beartach glic #66 #6
MD splíonach f. [ACD] duine bheadh caite sa mbealach ort #74; duine fada crom #66
MD spriosánach f. [ACD] duine fada caol #2 #74 #66
MD sraoilleachán f. [ACD] duine salach míphointeáilte #66
MD súgán f. [ACD] duine mall leisciúil #6 #66; bean gan fuinneamh gan fáscadh #74
MD súán f. [ACD] duine ramhar codlatach #3; gasúr breá ramhar #66
MD torachán f. [ACD] duine beag leathan láidir, é beo ar a chois is siúl díreach aige #6 #66
MD tortóigín b. [ACD] duine beag; páiste beag gan bhiseach#66
MD tufóigín b. [ACD] páiste bheadh ag broimneach #74; beainín bheag bhídeach #6 #66
MD tutóig b. [ACD] beainín bheag bheathaithe #6 #66
MD tónacán f. [ACD] duine beag beathaithe gan mórán brí #10 #6; páiste trom ramhar #6; bean ghearrchosach mhallshiúlach #6 #66
MD tútachán f. [ACD] duine dhéanfadh beart tútach suarach; duine nach nglaofadh nuair b’air bheadh an deoch #6 #66
2022-12-04 CPD