| agaill | b. | [ACD] | duine driseach cantalach #7 | |
| bollstaic | f. | [ACD] | bean mhór cheanndána #6 #7. ‘Bollstaic d’óinseach’ | |
| briogaid | b. | [ACD] | duine (go háirithe bean) bheadh nimhneach gangaideach, mailíseach #6 #7 | |
| briogóid | b. | [ACD] | duine (go háirithe bean) bheadh nimhneach gangaideach, mailíseach #7 #27 | |
| bréagadóir | f. | [ACD] | duine bréagach #7 | |
| brútaí | f. | [ACD] | duine fiáin gan scrupall, gan taise #17 #7 | |
| bundún | f. | [ACD] | duine dúr drochmhúinte stuacach #7 #63 | |
| béinneachán | f. | [ACD] | fear mór trom #7 | |
| búistiún | f. | [ACD] | duine drochmhúinte, nach mbeadh aon acmhainn ar ghreann aige #7 #6 | |
| ceaivilíors | f. | [ACD] | #4 #7 daoine díomhaoine bheadh ag crochadóireacht, ag guairdeall, thart | |
| claibéara | f. | [ACD] | duine ró-chainteach #7 #10 | |
| clogáiste | f. | [ACD] | duine (bean, go hiondúil) bheadh mór ramhar gan slacht, gan fuinneamh #1 #7 | |
| clouitéara | f. | [ACD] | leath-amadán #7 #1; bithiúnach #6 #2 | |
| cláróg | b. | [ACD] | bean bheag dheá-dhéanta #7 #1 | |
| cnádaí | f. | [ACD] | duine nach mbeadh aon bhiseach (aon fhás) faoi #1 #7 | |
| coillearán | f. | [ACD] | duine mór #4 #7 | |
| coinnleoir | b. | [ACD] | bean chaol ard #7 #14 | |
| coirb | b. | [ACD] | duine ard cam #2 #7 ‘Coirb caillí’ #74 | |
| collach | f. | [ACD] | fear mór garbh #7; fear (meisce) gáirsiúil #3 | |
| craimpín | f. | [ACD] | duine cróilí (a mbeadh crampaí sna cosa aige) nach mbeadh aon tsiúl de rath aige #7 #3 | |
| crochadóir | f. | [ACD] | bithiúnach #7 #23 | |
| crosachán | f. | [ACD] | duine salach as a éadan #7 #6 | |
| crutachán | f. | [ACD] | duine a mbeadh cruit air #7 | |
| cuifeach | b. | [ACD] | duine salach sraoilleach #7 #4; duine tútach #4 | |
| cáit | b. | [ACD] | i bhfocla mar ‘Tá sé ina cháit’ #7 .i. tá sé ina amadán; ‘Bhí sé ina cháit le rabh ólta aige’ #1 | |
| dris | b. | [ACD] | duine cantalach #7 #6 | |
| gaigín | f. | [ACD] | duine gan tuiscint do ghreann, a mbeadh sé furasta fearg a chur air #7 | |
| gaigíneach | f. | [ACD] | duine gan tuiscint do ghreann, a mbeadh sé furasta fearg a chur air #7 ‘Gaigíneach óinsí’ #7 | |
| gairmneach | b. | [ACD] | bean mhór láidir fhíáin dhrochmhúinte #2 #23 #7; óinseach mhór #6 #23 | |
| gamal óg | f. | [ACD] | gasúr an-ard gan aon neart ann #6 #7 | |
| glórachán | f. | [ACD] | duine a mbeadh súile glóracha aige, sé sin, súile móra scéiniúla lonracha #7 #3 | |
| gruaiméara | f. | [ACD] | duine gruama #7 #2 #6 | |
| géinneach | f. | [ACD] | fear mór láidir #7 #2 | |
| géinneachán | f. | [ACD] | fear mór láidir #7 #4 | |
| lead | f. | [ACD] | ‘lad’ nó duine cleasach #7 | |
| leadaí | f. | [ACD] | duine glic leisciúil a d’éalódh ó obair #33 #6 ‘Leadaí na luaithe #7, leadaí na clúdach #6 #5’ duine díomhaoin d’fhanfadh sa gclúid. ‘Leadaí an mheán oíche’ #7, duine d’fhanfadh amuigh deireannach san oíche | |
| leóta | f. | [ACD] | pleidhce, amadán #7 #6 | |
| liúiste | f. | [ACD] | duine fada; duine leisciúil #4 #7 | |
| luireach | b. | [ACD] | duine mór ramhar trom a mbeadh siúl an bhealaigh ann ar éigin #4 #7 | |
| líomán múta | f. | [ACD] | fear mór ramhar liopastach leisciúil, i bhfocla mar ‘Tá sé ‘na líomán múta’ #7, le duine mór liopastach ramhar; ‘Tá tú ansin i do líomán múta’ #4, le duine leisciúil | |
| lúnadán | f. | [ACD] | duine beag tromchosach#7 #26 ; seanduine gan siúl de rath #3 | |
| masc | f. | [ACD] | duine caite gránna as a aghaidh #7 #6 | |
| nimheadóir | f. | [ACD] | duine nimhneach mioscaiseach drochmhúinte #7 #4 | |
| pailitéara | f. | [ACD] | duine gan talamh, thógfadh talamh ar cíos lena chur #7 #6 | |
| piar | f. | [ACD] | duine mór dea-ghléasta dea-shnuach #7 #1 | |
| pleaineadóir | f. | [ACD] | duine glic cam beartach #7 #64 | |
| plubaire | f. | [ACD] | duine ramhar bog (go háirithe as a éadan) #6 #3 ; duine a labhairfeadh go bog míshoiléar #23 #7 | |
| práisceálaí | f. | [ACD] | praiseachán (q.v.),, méiseálaí #7 | |
| péisteánach | f. | [ACD] | sprionlaitheoir #4 #7 | |
| pídéalach | f. | [ACD] | fear caol ard #7 #2 #6 | |
| raiteog | b. | [ACD] | cailín dána; cailín a chleachtfadh an chúirtéireacht #7 #4, ‘ach nach n-éireodh tada di’ #63 | |
| ruacán | f. | [ACD] | seanduine mbeadh a chuid maitheasa ar iarraidh #7 #23 | |
| scairíneach | f. | [ACD] | feairín beag scartha basach (bórach) #7 #63 | |
| scrábachán | f. | [ACD] | duine shiúilfeadh scrábach (chuimleodh na cosa dá chéile sa siúl) #7 #6; duine a mbeadh íochtar a bhríste ag silleadh leis, agus é caite stróicthe #74 | |
| seanstuacán | f. | [ACD] | seanduine láidir #7 | |
| sleaingear | f. | [ACD] | duine a mbeadh siúl cam míchothrom aige #1a; duine ard tanaí cam #7 | |
| slosaíodóir | f. | [ACD] | duine glic sleamhain bréagach #7 #6 | |
| spiacán | f. | [ACD] | duine ard tanaí #4 #7 #1 | |
| spícéad | f. | [ACD] | duine caol ard #4 #7 | |
| streilleachán | f. | [ACD] | duine a mbeadh streille (straois, cáir) gháirí nó chaoineacháin go minic air #7 #23 | |
| strumpach | b. | [ACD] | seanduine strumptha cnámhrighin #7 #3 | |
| strúán | f. | [ACD] | seanduine gan lúd gan láthair#1 #7; Thiúrfá freisin ar thincéir é, nó ar dhuine d’fhanfadh ró-fhada ar cuairt agat #6 | |
| teasaí | f. | [ACD] | duine a mbeadh acmhainn aige ar theas #7 #6 | |
| tuimpéara | f. | [ACD] | duine bheadh ag imeacht leis ó áit go háit ar thóir spraoi #1; duine bheadh ag imeacht roimhe is a cheann faoi aige #7 #6 | |
| ágóid | b. | [ACD] | duine (bean go háirithe) bheadh gangaideach drochmhúinte #7 #6 #23; bean chruaidh ghortach #3 #62 | |
| úis | b. | [ACD] | duine salach sraoillí chuirfeadh déistean ort #4 #7; oibrí místuama neamhchríochnúil #1a |