Is Iomaí Duine ag Dia

Cuardaigh an a leanas:

* *

Cabhair
Tugtar aird ar síntí fada agus ceannlitreacha
MD aibéis b. [ACD] duine treampánach bheadh ag cur isteach ort is nach bhféadfá a chur díot #6 #62 #74
MD aimid caillí b. [ACD] bean chantalach chlamhsánach #63 #74; ‘Aimid go (de) shraoill’ #74
MD ainsprid b. [ACD] ‘deabhal’ de dhuine #4 #74
MD amplachán f. [ACD] duine santach; duine d’alpfadh a bhéile #74
MD banránaí f. [ACD] seanduine clamhsánach #74
MD baoiteálaí f. [ACD] duine a mbeadh baoití (smaois) lena shróin; duine bheadh ag faire ar sholamar a fháil in aisce, duine chaithfeadh cuid duine eile gan náire #74
MD blaoscánach f. [ACD] duine a mbeadh cloigeann mór dearg feolmhar air #74; leath-amadán #10
MD bod-óinseach b. [ACD] bodalach óinsí (q.v.) #4 #74
MD bodachán f. [ACD] duine mór láidir; duine mímhúinte gangaideach urchóideach #2 #74
MD bodalach óinsí f. [ACD] #1a bean láidir mhístuama theasaí; bean bheadh ag déanamh obair fir (déarfadh seanmhná é le cailín bheadh ag caitheamh toitíní #74)
MD bodalam óinsí f. [ACD] bean láidir mhístuama theasaí; bean bheadh ag déanamh obair fir (déarfadh seanmhná é le cailín bheadh ag caitheamh toitíní) #6 #74
MD boglachán f. [ACD] duine bog ramhar #1a #74
MD bolgadán f. [ACD] duine beag mórbholgach #74 #10
MD bolmán f. [ACD] duine ramhar trom #3 #6; duine cainteach ardghlórach seafóideach #3 #74
MD bouiléad f. [ACD] duine tiugh trom téagarthach #74
MD breoille f. [ACD] leisceoir #62; fear smeartha pislíneach #3; duine gan cuibheas #74; duine bheadh nochtaithe nó ionann agus nochtaithe #33. Focla drochmheastúla neamhchruinne iad seo: ‘Maran tú an breoille! #4’ Nach é an breoille againn é! #6
MD briollachán f. [ACD] duine gioblach #74
MD brocachán f. [ACD] duine salach #2 #74
MD broicín f. [ACD] duine bheadh an-ghar dó féin #74 #6; duine dubhliath #66 #6
MD bruachán f. [ACD] duine beag láidir leathan #1a #74
MD bruineoigín b. [ACD] bean bheag ramhar phointeáilte #74 #66
MD brúiscéara f. [ACD] duine tostach drochmhúinte míchuntanósach #6 #2 #74
MD builtéar f. [ACD] duine mór ramhar #6 #74
MD buimbiléad f. [ACD] duine mór beathaithe #6 #11 #74
MD buíóg b. [ACD] bean bhuí as a haghaidh #74 #6
MD bás ina sheashamh f. [ACD] duine snoite caite lag #74
MD béasach b. [ACD] ógbhean phointeáilte thaitneamhach #74; cailín beag deas #3
MD cailleoigín b. [ACD] seanbheainín bheag #6; bean bheadh ag dul thar aois a pósta ach bheadh ag cur i gceílll go raibh sí níb óige #74. Déarfadh seanmháthar ‘A Chailleoigín!’ le gearrchaile beag
MD camán luaithe f. [ACD] duine bheadh ina shuí gar don tine (go minic) i bhfocla mar ‘Nach bhfuil sé ‘na chamán luaithe ansin i gcónaí’ #74 #3. ‘Ná bí ‘do chamán luaithe ansin’ #8
MD carraig b. [ACD] duine láidir daingean cnámhach #74
MD ceanastar f. [ACD] duine (bean go hiondúil) leathan-éadanach mórchloigneach mórshrónach #74; duine leathan-éadanach géarsmigeach #33
MD ceannrachán f. [ACD] duine a mbeadh clár éadain leathan air #33 #74
MD ceiribíneach f. [ACD] duine beag caite éitreorach #74, agus crotach #33; duine anshóiteach cráite, i bhfocla mar ‘Tá sé ina cheiribíneach ag an saol’ #1; Tá sé ina cheiribíneach ag an obair’ #27
MD cleaití b. [ACD] bean mhór gan bhrí gan slacht #6 #74
MD clogán streilleach f. [ACD] duine sraoillí gioblach #25 #74
MD cluanaí f. [ACD] mealltóir ban #2 #63; duine mealltach bréagach cealgach #28; duine bheadh ag guairdeall thart ag faire ar a dheis le rud a ghoid #3 #6; fear oibre chuirfeadh dalla-mullóg ar an bhfear bheadh as a chionn #74
MD clíseach b. [ACD] amadán, óinseach #1, a bheadh mí-chaoithiúil #53; duine salach sraimlí #74. ‘Bhí sé in a chlíseach ann’ #6 , bhí sé ar meisce agus é ag gleó.
MD coirb b. [ACD] duine ard cam #2 #7 ‘Coirb caillí’ #74
MD corpadóir f. [ACD] bithiúnach #74 #6
MD crabadán f. [ACD] duine beag suarach nach mbeadh aon bhiseach faoi #74 #3
MD cruimh b. [ACD] duine sprionlaithe #1 #74
MD cuachaín b. [ACD] cailín beag ríméadach feistithe a mbeadh an-mheas aici uirthi féin #1 #74
MD céasán f. [ACD] duine catach #33; fear a mbeadh cuma na hóige caillte aige, é ag éirí liath, agus é ag dul thar aois a phósta #74
MD dailtín f. [ACD] fear óg mbeadh an-mheas aige air féin #63; duine beag téagarthach #74
MD dailtíneach f. [ACD] fear óg mbeadh an-mheas aige air féin; duine beag téagarthach #63 #74
MD druinnín f. [ACD] duine beag crotach #74
MD díolaí f. [ACD] duine a d’íocfadh a chuid fiacha #6 #74
MD dúradán f. [ACD] duine beag bídeach #74
MD foeifileá f. [ACD] duine beag díchéillí éitreorach #6 #33; duine fada gan aon chuma dhéanta air #74
MD foirneálaí f. [ACD] duine bheadh ag imeacht leis ag obair go deireannach #6 #74
MD gaiscíoch f. [ACD] fear dhéanfadh gníomh gaisce #74
MD gamal f. [ACD] duine ard fadmhuinéalach (agus é ina abhar magaidh) #74
MD geancachán f. [ACD] duine geancach #74
MD geoiste f. [ACD] staic magaidh (Nach ma mé an geoiste! #74)
MD giolla f. [ACD] i leaganacha mar ‘A ghiolla gan cuireadh #6 ! A ghiolla na leisce #6 ! A ghiolla an tochais #74! A ghiolla na mbréag #74!’ ‘Giolla an tsodair’, duine a bheadh éasca a chur chun bealaigh #76
MD glagaire f. [ACD] duine ró-chainteach #6 #74
MD glincíneach f. [ACD] duine bheadh ag síorchaint is gan ag cur imní air ach a chúrsaí féin #74 #6
MD glíomálaí f. [ACD] duine a bheadh ag plé le rud nó le obair nach mbainfeadh leis nó nach mbeadh aon scil aige ann #6 #63; fear mór cúirtéireacht #63; duine bheadh ag láimhseáil ruda go místuama, ag ligean do rudaí titim trína lámha #74
MD glóireachán f. [ACD] duine a mbeadh súile glóracha aige, sé sin, súile móra scéiniúla lonracha #74 #4
MD gobachán f. [ACD] bean chaite as a héadan #3; bean fhadshrónach #74; bean ghearrfhreagrach ghangaideach #6
MD gobaidí oe f. [ACD] duine biorshrónach #74; gasúr tanaí cainteach #3
MD groeivdeachán f. [ACD] duine mór tanaí cnámhach #74 #62
MD grágaire f. [ACD] duine bheadh ag grágaíl (ag caint is ag screadach go hard) #74
MD gríóir f. [ACD] duinín beag lag #6 #74
MD gunachán f. [ACD] duine a mbeadh ocras air i gcónaí #73 #74
MD heictar f. [ACD] bean achrannach #74
MD leib b. [ACD] amadán #74
MD leidhcéara f. [ACD] duine gan chiall gan tuiscint #6 #74
MD liabhán f. [ACD] duine leisciúil bheadh tugtha do bheith ina luí #74
MD liúdránaí f. [ACD] leisceoir #10 #74
MD luid b. [ACD] bean mhór ramhar réidhchúiseach #6 #74
MD láimhseálaí f. [ACD] duine bheadh ag méirínteacht ar rud (nach mbainfeadh leis) #74
MD lúireach b. [ACD] duine mór ramhar trom a mbeadh siúl an bhealaigh ann ar éigin #6 #74
MD meabhróg b. [ACD] cailín beag meabhrach pointeáilte bruidiúil #3 #74
MD meatachán f. [ACD] duine óg bheadh mall ag fás #74; duine míshláintiúil #66
MD moudóg b. [ACD] bean bheag ramhar #3 #74; bean dícheallach tíobhúsach #74
MD mugarlach b. [ACD] duine cabach a bheadh ag mugailt (cogaint) a chuid cainte, ag caint go doiléir #33 #74
MD méadlachán f. [ACD] duine mórshách #74
MD míolachán f. [ACD] duine míolach #74
MD múta f. [ACD] duine bheadh as a chuma le feóil#33 #3 ; duine daingean teann ramhar #74
MD partal f. [ACD] duine beag óg; fear beag #74 #33
MD piodarlán f. [ACD] gasúr beag #1a #74
MD plabarálaí f. [ACD] duine bheadh ag siúl i bpuiteach go torannach; duine bheadh ag torann ag caitheamh a choda #74
MD plaiteachán f. [ACD] duine platach #6 #74
MD plandóg b. [ACD] ógbhean bhreá dhea-dhéanta #64 #74
MD platachán f. [ACD] duine platach #74
MD pleibire f. [ACD] amadán #74; duine salach #33
MD plucaire f. [ACD] duine, nó páiste ramhar as a phluca #3 #6 #74
MD plucsálaí f. [ACD] plucálaí (q.v.) #3; duine dhéanfadh deasú gan chuma #74
MD plutálaí f. [ACD] duine bheadh ag plutaíocht ort (ag imirt ort sa roinnt) #74
MD plásán f. [ACD] fear óg bog ramhar #74
MD pruisleálaí f. [ACD] duine místuama salach ag ithe nó ag ól; duine ligfeadh do rud titim as a lámha #74
MD pruntach f. [ACD] duine ramhar, páiste ramhar #3 #50 #74
MD práisiléad f. [ACD] duine místuama míchaoiúil #3 #56; sraoill #63; duine mór ramhar gan fuinneamh #1a; duine mídhéanta míshlachtmhar #74
MD puic b. [ACD] duine mór ramhar #3 #1; boc mór #74; ‘Puiceannaí móra’, daoine saibhre #6
MD puicéara f. [ACD] puic (q.v.) #6; duine bheadh ag cruinneáil a choda; duine bheadh go teann liosta ag iarraidh ruda #63 #6 #74
MD puisbhean b. [ACD] bean a bheadh in aois a pósta go maith nó thar aois a pósta agus nach mbeadh pósta #74
MD railliúnach f. [ACD] duine mór millteach cnámhach #74
MD raingiléad f. [ACD] duine gan mórán beóis ná brí ann #74
MD rangada ró f. [ACD] duine marbhánta, ‘nach bhfuil marbh ná beo’ #74; duine mall díomhaoin #6
MD réic b. [ACD] cailín aerach #6 #74
MD rúcálaí f. [ACD] rúpálaí (q.v.) #74 #76
MD rúisc b. [ACD] duine mór ramhar #1 #4 #74
MD rúpálaí f. [ACD] oibrí tréan láidir (go háirithe ag obair throm) #23 #6 #74
MD sciotarálaí f. [ACD] duine seafóideach síorchainteach; duine bheadh tugtha do gháirí gan chúis #74 #6
MD scoirneach f. [ACD] duine mór scolbánta cnámhach #3 #74
MD scouidéara f. [ACD] duine bheadh ag sciolladh, ag tabhairt íde béil do dhuine, nó ag cúlchaint air #74
MD scouitéara f. [ACD] bithiúnach #2 #6 #74
MD scraith veaití b. [ACD] fear mór trom gan fuinneamh ná fáscadh #74
MD scrábachán f. [ACD] duine shiúilfeadh scrábach (chuimleodh na cosa dá chéile sa siúl) #7 #6; duine a mbeadh íochtar a bhríste ag silleadh leis, agus é caite stróicthe #74
MD scráidíneach f. [ACD] duine míchumtha gan teacht i láthair ann, nach mbeadh feistithe go ceart #74
MD scuaid b. [ACD] bean shalach bheadh ag scuaideáil le rud (ag dóirteadh uisce, etc. timpeall uirthi) #3; sraoill #74
MD scuaideálaí f. [ACD] duine bheadh ag dóirteadh ruda, bheadh ag fágáil rudaí ina dhiaidh #50 #74
MD scunachán f. [ACD] duine tanaí #4 #74
MD scéineachán f. [ACD] duine a mbeadh súile scéiniúla scanraithe aige#3 #6 #74
MD scúille f. [ACD] duine mór leisciúil #4 #74
MD seanriadaire f. [ACD] seanduine nach mbeadh i riocht aon obair a dhéanamh #62 #63; seanfhear glic eolach; gasúr seanchríonna #74 #76
MD sifiléara f. [ACD] duine éadrom díchéilli; duine seafóideach síorchainteach #74
MD slat mhara b. [ACD] duine gan mórán beóis ná brí #74
MD sliseog b. [ACD] bean dheas éadrom #23 #74
MD slíbleálaí f. [ACD] duine sleamchúiseach ag obair; duine chaillfeadh rudaí as a phóca #74
MD slíbre f. [ACD] duine sleamchúiseach ag obair; duine chaillfeadh rudaí as a phóca #6 #74
MD slíbreálaí f. [ACD] slíbíneach (q.v.) #3 #50; duine nach mbeadh aon deifir air cuideachta óil a fhágáil #74
MD slíobrálaí f. [ACD] duine sleamchúiseach ag obair; duine chaillfeadh rudaí as a phóca #74 #53
MD slíomadóir f. [ACD] duine bheadh ag moilleadóreacht faoi bhealach #6 #73; duine faillíoch ina ghnóthaí #74
MD smalcaire f. [ACD] duine mórshách a d’íosfadh rud ar bith #6 #62; gasúr láidir a mbeadh goile maith aige #74
MD smaoiseachán f. [ACD] gasúr a mbeadh smaois lena shróin #74 #6 - ainm d’fhéadfaí a thabhairt ar ghasúr ar bith le teann drochmheasa #6
MD speiceachán f. [ACD] duine bheadh ag speiceáil nó ag gliúcaíocht (isteach an fhuinneog, etc.); ag speicéaracht i ndiaidh duine, etc. #6 #74
MD splíonach f. [ACD] duine bheadh caite sa mbealach ort #74; duine fada crom #66
MD spoitseachán f. [ACD] duine bheadh ag bualadh a bhróga le chéile, nó faoi rudaí, sa siúl dó #6 #74
MD spoitseálaí f. [ACD] duine bheadh ag bualadh a bhróga le chéile, nó faoi rudaí, sa siúl dó #6 #74
MD spriosán f. [ACD] fear mór ard gan neart #6 #5; duine bheadh caite sa mbealach ort #74
MD spriosánach f. [ACD] duine fada caol #2 #74 #66
MD sprochaille f. [ACD] duine smaoiseach #63; duine mór beathaithe #6; duine ard míshlachtmhar #74 #76
MD spágachán f. [ACD] duine a mbeadh spága nó cosa mór liobarsach aige, agus shiúilfeadh go spágach místuama (Déarfaí é le duine sheasfadh ar chois ar dhuine eile) #74
MD spígearlach f. [ACD] duine caol ard #2 #6 #74
MD srulachán f. [ACD] duine salach; duine beag lag éadrom #6; duine nach mbeadh in ann a chuid éadaigh a chur air #74
MD sticéara f. [ACD] sprionlatheoir, duine gortach ag roinnt ruda #62 #6; duine cruaidh le margadh a dhéanamh leis #74
MD strachaille f. [ACD] duine (go háirithe bean) bheadh cainteach achrannach mioscaiseach #3 #62 #74
MD straingiléara f. [ACD] bithiúnach #63; duine nach n-íocfadh a chuid fiacha #74
MD streillire f. [ACD] duine a mbeadh streille (straois, cáir) gháirí nó chaoineacháin go minic air #74 #6
MD strácálaí f. [ACD] duine bheadh go maith chuig obair throm, ach nach gcuirfeadh aon tslacht ar an obair #74 #6
MD stucaire f. [ACD] súdaire, duine bheadh ag faire ar sholamar in aisce #74
MD stuicéará f. [ACD] súdaire, duine bheadh ag faire ar sholamar in aisce #74
MD suicéara f. [ACD] duine bheadh ag iarraidh solamar a fháil ó dhaoine eile, nó ‘bearradh’ a bhaint de dhaoine, stucaire #74
MD sáiteán f. [ACD] duine beag téagarach deá-dhéanta #3 #74; duine sháithfeadh é féin isteach i gcomhluadar, bheadh ag imeacht ar cuireadh gan iarraidh #3 #62 #63
MD síodrálaí f. [ACD] duine bheadh ag síodráil (ag caint go fadálach is go díchéillí) #6 #74
MD súgán f. [ACD] duine mall leisciúil #6 #66; bean gan fuinneamh gan fáscadh #74
MD tufóigín b. [ACD] páiste bheadh ag broimneach #74; beainín bheag bhídeach #6 #66
2022-12-04 CPD