 |
adhaltánach |
f. |
[IDD] |
duine gan mhothú, nó i n-amannaí duine atá bodhar |
 |
baoiteálaí |
f. |
[ACD] |
duine a mbeadh baoití (smaois) lena shróin; duine bheadh ag faire ar sholamar a fháil in aisce, duine chaithfeadh cuid duine eile gan náire #74 |
 |
bitse |
b. |
[ACD] |
drochbhean, bean mhínáireach #6 |
 |
bitseach |
b. |
[ACD] |
drochbhean, bean mhínáireach #3 |
 |
cailicéara |
f. |
[ACD] |
argónaí cliste deá-chainteach thiúrfadh focal ar an bhfocal dá chéile argóna #6 |
 |
caillteog |
b. |
[ACD] |
bean thanaí chaite; caillteachán (q.v.) de bhean #1 |
 |
caiteachán |
f. |
[ACD] |
duine caite tanaí #27 #6 |
 |
caiteog |
b. |
[ACD] |
bean bheag thanaí #6 #66 |
 |
camalóid |
b. |
[ACD] |
duine fada tanaí cam #6 #4 |
 |
camán luaithe |
f. |
[ACD] |
duine bheadh ina shuí gar don tine (go minic) i bhfocla mar ‘Nach bhfuil sé ‘na chamán luaithe ansin i gcónaí’ #74 #3. ‘Ná bí ‘do chamán luaithe ansin’ #8 |
 |
clampaire |
f. |
[IDD] |
duine atá i dtólamh ag déanamh mí-ghrinn - go háirid eadar chomhursannaí |
 |
cruachán |
f. |
[ACD] |
duine cruaidh tanaí nach mbeadh aon bhiseach ná aon fhás faoi #1 #63 |
 |
cuaille |
f. |
[ACD] |
duine mór tanaí; duine mór tanaí leisciúil #1. ‘Cuaille cisteanaí’, duine díomhaoin i gcisteanach #3 #6 |
 |
deilifeóirín |
f. |
[ACD] |
duine nó páiste bheadh tanaí bánghnéitheach #62 #6 |
 |
firéad |
f. |
[ACD] |
duine tanaí #6 |
 |
freangach |
f. |
[ACD] |
duine fada tanaí; duine coilgneach cantalach #6 |
 |
geadánach |
f. |
[IDD] |
duine caol tanaidh a bhfuil dreasán géar air |
 |
gnaithí |
f. |
[ACD] |
‘a ghnaithí gan iarraidh #6 !’ focal a déarfaí le duine bheadh ag cur isteach ar ghnaithí daoine eile, nó ag cur cúraim nach mbainfeadh leis air féin |
 |
gnathach |
f. |
[ACD] |
oibrí, soláthraí maith stuama, duine mbeadh déanamh maith gnaithí ann #6 #50 |
 |
gobaidí oe |
f. |
[ACD] |
duine biorshrónach #74; gasúr tanaí cainteach #3 |
 |
gogaide |
b. |
[IDD] |
sean-bhean bheag chríon chaithte a bhéadh ‘na shuidhe ‘sa chlúid, agus í dorrána go maith i n-amannaí ! |
 |
groeivdeachán |
f. |
[ACD] |
duine mór tanaí cnámhach #74 #62 |
 |
groeivneachán |
f. |
[ACD] |
duine mór tanaí cnámhach #3 #56 |
 |
gunachán |
f. |
[ACD] |
duine a mbeadh ocras air i gcónaí #73 #74 |
 |
ilmhilliúnaí |
f. |
[FGB] |
multi-millionaire |
 |
langa |
f. |
[IDD] |
duine caol árd tanaidh gan maith (Teilionn) |
 |
lománach |
f. |
[IDD] |
duine tanaidh a mbéadh cumadh ghéar lom air |
 |
mangaire |
f. |
[IDD] |
duine a bíos ag gabhail thart ag díol earraidh agus ag ceannacht gamhna i n-amannaí |
 |
mouiléad |
f. |
[ACD] |
duine mór trom ramhar ‘rounáilte’ #3 #6 |
 |
mouiléar |
f. |
[ACD] |
duine mór trom ramhar ‘rounáilte’ #3 #6 |
 |
néiléir |
f. |
[FGB] |
nailer; straggler |
 |
prioc |
b. |
[ACD] |
bean chaol chaite dhrochbhreathnaíoch; cailín beag cainteach mímhúinte #6 |
 |
priocóigín |
b. |
[ACD] |
cailín beag tanaí éasca postúil #3 |
 |
práscán |
f. |
[IDD] |
fear ar chuma leis caidé an cineál éadaigh a bhíos air agus atá neamh-shuimeamhail ina phearsa ar mhórán dóigheannaí |
 |
puic |
b. |
[ACD] |
duine mór ramhar #3 #1; boc mór #74; ‘Puiceannaí móra’, daoine saibhre #6 |
 |
puicneach |
f. |
[ACD] |
duine mór ramhar; boc mór; ‘Puiceannaí móra’, daoine saibhre #3 #44 |
 |
radaidhe |
f. |
[IDD] |
banaidhe mór ‘a flirt’ |
 |
radaire |
f. |
[IDD] |
banaidhe mór ‘a flirt’ |
 |
ragaire |
f. |
[IDD] |
fear a shiubhaileas go h-antráthach. Ragaireacht: Grás a bhí i dTír Chonaill an áit a mbíodh siad ag siubhal ó theach go teach i ndiaidh am luighe ar lorg bainne agus aráin |
 |
ranglamán |
f. |
[IDD] |
duine meaithte caol tanaidh |
 |
roundar |
f. |
[ACD] |
duine ramhar ‘rounáilte’ #4 #63 |
 |
rubaits |
b. |
[ACD] |
bean dhána mhínáireach; bean choitianta #6; ‘Rubaitseachaí baile mhóir’ #62 |
 |
ránaidhe |
f. |
[IDD] |
duine caol tanaidh |
 |
rúpach |
b. |
[IDD] |
bean gan náire ‘a harlot, a slattern’ |
 |
sacadán |
f. |
[ACD] |
duine bheadh ‘ag ithe i gcónaí’ #63 |
 |
saibhseálaí |
f. |
[ACD] |
duine bheadh ag cuartú ruda; duine bheadh i gcónaí ar lorg eolais #63; duine bheadh ag imeacht i ndiaidh duine eile ag iarraidh airgid a bhaint de #3 #50 |
 |
santachán |
f. |
[ACD] |
duine santach, sé sin, duine a mbeadh díocas oibre i gcónaí air, d’fhonn airgead a shaothrú #6 #50 |
 |
scadán |
f. |
[ACD] |
fear tanaí #3 #4 |
 |
sceanfartach |
f. |
[IDD] |
duine caithte caol tanaidh; ‘a sharp visaged person’ |
 |
scluit |
b. |
[ACD] |
duine tanaí ‘folamh’ a bheadh i gcónaí ag iarraidh rud le n-ithe #63 #23 |
 |
scoinn |
b. |
[IDD] |
bean chaol thanaidh chliste agus achmair ar a cosa - rascánta ina bealaigh fosta (Teilionn) |
 |
scuaideog |
b. |
[ACD] |
cailín aerach ar nós na raiteoige (q.v.) bheadh imithe thar comhairle athar is máthar #62; bean bheag éadrom thanaí #6 #66; bean chaol faoi éadach fada #3 |
 |
scufal |
f. |
[ACD] |
duine tanaí faoi éadach cúng tanaí #6 |
 |
scuindl |
b. |
[ACD] |
duine mór tanaí #6 |
 |
scunachán |
f. |
[ACD] |
duine tanaí #4 #74 |
 |
scáile |
f. |
[ACD] |
duine lag tanaí #63 #62 |
 |
scínteachán |
f. |
[IDD] |
duine beag caol tanaidh nach mbéadh ann ach na súile |
 |
scólachán |
f. |
[ACD] |
duine beag tanaí #23 #39 |
 |
sgroglachán |
f. |
[IDD] |
duine a bhfuil muineál mór fada air, agus atá déanfasach go maith in a chuid dóigheannaí |
 |
sleaingear |
f. |
[ACD] |
duine a mbeadh siúl cam míchothrom aige #1a; duine ard tanaí cam #7 |
 |
smúiríneach |
f. |
[ACD] |
duine bheadh fiosrach faoi ghnaithí daoine eile #63 |
 |
snag |
f. |
[ACD] |
duine lag tanaí #6 #62 |
 |
snágaí |
f. |
[ACD] |
duine mall leisciúil gan bhrí #1; duine beag lag tanaí #62 #6 |
 |
snáthadán |
f. |
[IDD] |
duine tanaidh, caol fá’n chom |
 |
sompla |
f. |
[ACD] |
duine beag an-tanaí #4 #6 |
 |
spiacán |
f. |
[ACD] |
duine ard tanaí #4 #7 #1 |
 |
straip |
b. |
[IDD] |
bean gan náire ‘a harlot’ (Teilionn) |
 |
struipear |
f. |
[ACD] |
cailín bheadh ‘ligthe léi féin’, imithe chun donais ‘struipear baile mhóir’ #6 |
 |
suanaí |
f. |
[ACD] |
duine bheadh ag suanaíocht (i leagan mar ‘tá tú ansin i do shuanaí) #63 |
 |
sínteálach |
f. |
[IDD] |
duine caol árd, i n-amannaí fallsa, agus righin go maith in a chuid bealaigh (Teilionn) |
 |
táiseachán |
f. |
[ACD] |
duine beag lag tanaí #6 |