An Aisling

Bhí seanbhean ann, cúig bliana is seachtó d'aois. Oíche amháin bhí aisling aici, agus chonaic sí Dia agus labhair sí leis.

Deir sí: "Cá fhad a bheidh mé beo?"

Deir Dia: "Beidh cúig bliana is tríocha nios mó agat."

Bhí an bhean an-sona. An bhlian sin thosaigh sí a lán máinliacht athdheilbhithe: a haghaidh, a tóin, a cíocha, a faighin (len í a theannadh), srl.

Shíl sí má bhíonn cúig bliana is tríocha aici, beadh sí ag baint sult astu.

Ina dhiaidh seo.... an bhlian chéanna... fuair sí bás i dtimpiste chairr.

Nuair a chuaigh sí isteach sna Flaithis, chuaigh sí caol díreach chuig Dia.

Deir sí: "Cad sa diabhal a tharla!?!? Dúirt Tú cúig bliana is tríocha!!!"

Deir Dia: "GABH MO LEITHSCÉAL.... NÍOR AITHIN MÉ THÚ.

 
Crosfhocal le Antóin Mac an Fhailghigh
1997-09-23 CPD